Soláthraí iontaofa íocaíochtaí le cárta
Tá iontaoibh ag na mílte gnóthas ar fud na hÉireann as An Post chun íocaíochtaí le cártaí dochair agus sochair a phróiseáil go slán agus iad a chur i dtaisce an chéad lá oibre eile. Má gnóthas nua tú nó má tá margadh níos fearr uait, tá na tairiscintí a leanas againn duit:
Táillí ísle
Íoc suas le 30% níos lú ná do sholáthraí reatha gan táille folaigh.
Conarthaí gearra solúbtha
Tosaigh le sé mhí. Bain leas as suiteáil saor in aisce gan táillí scoir.
Praghsanna soiléire
Faigh tábla táillí roimh ré agus ráitis mhíosúla le muirir bheachta le haghaidh gach idirbhirt.
Teirminéil ardfhorbartha íocaíochta
Glac le híocaíochtaí cárta ag an gcuntar, ag gluaiseacht agus ar an bhfón.
Glacadh uilíoch
Glac le Mastercard, Visa, agus le híocaíochtaí gan teagmháil ar nós Google Pay™ agus Apple Pay.
Is féidir brath orainn
Tá innealtóirí agus tacaíocht chustaiméara áitiúil ar fáil uainn nuair a bhíonn siad ag teastáil.
Ar mhaith leat sábháil ar tháillí cártaí?
Tabhair dúinn do shonraí teagmhála. Cuirfimid glaoch ar ais ort agus tabharfaimid luachan duit.