Coitianta ar an Mol Cúnaimh & Tacaíochta agus sa mhír chabhrach maidir le cúrsaí custaim. Faigh an t-eolas is déanaí maidir le d’earra poist ar lorg & rianaig
OscarBot
Bain leas as Oscarbot chun eolas a fháil faoinár gcuid táirgí agus seirbhísí, nó chun do phostas a rianú. Cuir ceist air anois ar ár leathanach cabhrach
Cuimsiú sóisialta
Déan teagmháil linn trí theachtaireacht a sheoladh chugainn ar Facebook nó trí Theachtaireacht Dhíreach a sheoladh chugainn ar Twitter @postvox.
Comhrá Ar Líne
Tá comhrá ar líne ar fáil ar an leathanach seo óna 9am go dtí 5pm, Luan go hAoine agus óna 9am go dtí 2pm ar an Satharn.
Bealaí eile chun teagmháil a dhéanamh linn
OscarBot, how can I help?
OscarBot, how can I help?
Are you sure you want to end this chat?
Your conversation will no longer be available once the chat window is closed.
Ceisteanna coitianta faoi chúrsaí custam
Ní chuirfidh An Post aon teachtaireacht riamh ina mbeidh naisc nuair a dhéantar teagmháil leat maidir le muirir chustam a íoc.
Chomh maith leis sin, laistigh de chúpla lá tar éis SMS nó ríomhphost a fháil ó An Post gheobhaidh tú cárta poist oifigiúil ó An Post le sonraí na muirear custam (cárta fógra muirear custam lena mbaineann Téarmaí agus Coinníollacha ar leith).
Is féidir leat íoc thuas. Beidh d’uimhir rianú agus aimsiú agus an uimhir thagartha a tugadh san SMS/ríomhphost ag teastáil nó is féidir do shonraí tagartha a thabhairt chuig aon oifig poist.
Má bhíonn tú in amhras riamh faoi theachtaireachtaí scéiméireachta tá breis faisnéise ar ár leathanach slándála le cabhrú leat teachtaireachtaí dlisteanacha agus scéiméireachta a aithint.
Má cheannaíonn tú earraí as lasmuigh den AE d’fhéadfadh go mbeidh ort muirir chustam a íoc (Dleacht Custam, Dleacht Máil, CBL) le Coimisinéirí Ioncaim na hÉireann.
Bailíonn An Post na muirir chustam seo uait agus íocann sé iad leis na Coimisinéirí Ioncaim ar do shon.
Tá sé éigeantach do An Post na muirir chustam seo a bhailiú, ní féidir leis An Post d'earraí a sheachadadh go dtí go mbíonn na muirir seo íoctha.
Tá foireann de chuid Custaim na gCoimisinéirí Ioncaim bunaithe in Ionad Poist An Post le maoirsiú a dhéanamh ar imréiteach custam earraí iompórtáil.
Ní mór don seoltóir sonraí comhlíontacha leictreonacha custam a sholáthar le gach earra neamh-AE isteach Ní bhíonn a lán sainmhiondíoltóirí beaga sa Bhreatain eolach ar na riachtanais seo agus/nó níl na córais siopadóireachta riachtanacha chun díol in Éirinn, agus cuirtear moill ar bheartáin ag na Custaim nó seoltar ais ais iad nuair a thagann siad go hÉirinn. Fan linn agus muid ag obair chun an fiosrú seo agus fiosraithe reatha eile a réiteach.
Bailíonn An Post muirir chustam thar do cheann mar atá gearrtha ag na Coimisinéirí Ioncaim ar earraí a seachadtar go hÉirinn ó thíortha neamh-AE. Ionas gur féidir do bheartán a phróiseáil agus a sheachadadh, ní mór na muirir seo a íoc.
Má bhíonn dleacht custam nó CBL dlite ar an earra, déanfaimid teagmháil leat sa phost, le téacs nó le ríomhphost, nuair is féidir. Is féidir leat ansin an táille custam a íoc thuas nó i d'Oifig Poist áitiúil. Déanfaimid d’earra a sheachadadh a luaithe is féidir nuair atá an íocaíocht faighte.
Mura bhfuil muirear custam nó CBL ar bith dlite ar an earra, déanfar an t-earra a sheachadadh mar is gnách.
Má cuireadh d’earra poist ar ais chuig an seoltóir nó má tá tú ag fanacht le heolas chun dáta a fháil maidir le d’earra, is dócha go raibh an dearbhú custam leictreonach a rinne an miondíoltóir/seoltóir neamhleor nó neamhbhailí, de réir na rialachán Custam. Ní féidir le An Post an dearbhú custam a leasú agus mar sin, ní mór earraí lena mbaineann sonraí neamhiomlána a sheoladh ar ais.
Féadfaidh go mbaineann na hearraí laistigh de do bheartán le catagóir earraí a bhfuil cosc nó srian curtha orthu ag Coimisinéirí Ioncaim na hÉireann.
Maidir le hearraí neamhshrianta/coiscthe, beidh ort teagmháil a dhéanamh leis an seoltóir agus iarraidh orthu dearbhú custam agus na sonraí iomlána luaite air a chur isteach le d’earra agus é á athsheoladh. Cabhraíonn ár nAimsitheoir cód TARIC le miondíoltóirí tuiscint a fháil ar an eolas riachtanach.
Seolfar d’earra ar ais chuig an seoltóir murar íocadh an táille custam faoin dáta “íoc faoin dáta seo”.
Gearrtar muirir chustam ar an mhórchuid d’earra í a iompórtáiltear de réir na dlíthe ábhartha. Bailíonn An Post na muirir seo agus íocann sé iad leis na Coimisinéirí Ioncaim ar do shon.
Féadfaidh An Post táille a ghearradh chun an t-earra a láimhseáil, a bhailiú agus a phróiseáil. Nuair is infheidhme, cuirfear an muirear seo le muirir chustam a ghearrann na Coimisinéirí Ioncaim ar d’earra. Tá an táille ann chun costais riarachán bhailiú agus a phróiseáil na híocaíochta ón seolaí a chlúdach.
Fiosrúcháin eile
Postas agus Beartáin
Cuir glaoch ar 353 (1) 705 7600
Luan go hAoine, 9.00am - 5.00pm
An Satharn 9.00am-2.00pm
Coigilteas Stáit
Cuir glaoch ar 0818 20 50 60 nó 01 705 7200 Luan go hAoine, 08:00 - 20:00
Ceadúnas teilifíse
Déan teagmháil le d’oifig áitiúil ceadúnas teilifíse
Luan go hAoine, 9.00am - 5.00pm
An Post Money
Cabhair & Tacaíocht Chun eolas a fháil faoi Tháirgí agus Seirbhísí Airgid de chuid An Post nó conas teagmháil a dhéanamh linn le chun cabhair a fháil, tabhair cuairt ar ár Mol Cúnaimh agus Tacaíochta maidir le Cúrsaí Airgid
You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences
We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.
Let's stay in touch
Get the latest offers and news from the An Post group of companies by: