Conas airgead a sheoladh
- Comhlánaigh foirm iarratais agus tabhair cruthúnas céannachta leat (Pas, Ceadúnas Tiomána AE, nó cárta aitheantais náisiúnta) chuig oifig an phoist.
- Faigh meastachán ag cuntar oifig an phoist. Braitheann an costas iomlán ar an méid airgid atá le seoladh agus na hairgeadraí atá á n-úsáid.
- Tabhair do shonraí féin agus sonraí an fhaighteora don bhfoireann cuntair.
- Déan d'íocaíocht
- Déan nóta den uimhir uathúil idirbhirt ar a dtugtar Uimhir Rialaithe Aistriú Airgid (MTCN) atá clóite ar d'admháil.
- Beidh an faighteoir in ann an t-airgead a bhailiú laistigh de roinnt nóiméad*.
Conas airgead a bhailiú
- Déan nóta de d'Uimhir Rialaithe Aistriú Airgid (MTCN) mar a dhéantar rianú ar an aistriú.
- Comhlánaigh foirm iarratais, ag lua an MTCN, agus tabhair cruthúnas céannachta leat (Pas, Ceadúnas Tiomána AE, nó cárta aitheantais náisiúnta) chuig oifig an phoist.
- Tabhair na cáipéisí go dtí an cuntar agus bailigh d'íocaíocht.