Comórtas Scríbhneoireachta na mBunscoileanna
Tá An Post bródúil as an litearthacht a chur chun cinn le comórtais spraíúla léitheoireachta agus scríbhneoireachta. Tá comórtas na bliana seo bunaithe againn ar ábhar atá tábhachtach dúinn go léir - pobail a chothú!
In An Post aithnímid go bhfuil sé de chumas i ngach duine againn athrú agus fás dearfa a chothú inár bpobail féin agus lasmuigh díobh.
Iarraimid ar dhaltaí litir a scríobh le hinsint dúinn cad a dhéanfaidh siad chun fás, folláine agus inbhuanaitheacht a chothú inár dtír dhil féin Éire, agus na síolta a chur do thodhchaí ar féidir linn féin í a mhúnlú agus a bheith bródúil aisti.
Daoine scothaosta agus soghonta inár bpobal a ionchuimsiú, nó laghdú, athúsáid agus athchúrsáil a spreagadh, gairdíní pobail agus leabharlanna a oscailt nó clubanna spóirt agus caitheamh aimsire a bhunú - ba mhaith linn bhur dtuairimí a fháil.
Is féidir na hacmhainní seo a oiriúnú do dhaltaí de gach leibhéal agus aoisghrúpa, ó na Naíonáin Shóisearacha go Rang 6.
Acmhainní 2024
Comhaid PDF ar fáil:
Foirm Iontrála
Naíonáin Shóisearacha agus Shin searacha
Plean Ceachta do Naíonáin Shóisearacha agus Shinsearacha
Sleamhnáin Ranga: Naíonáin Shóisearacha agus Shinsearacha
Rang a hAon agus a Dó
Plean Ceachta Rang a hAon agus a Dó
Sleamhnáin Rang a hAon agus a Dó
Rang a Trí agus a Ceathair
Plean Ceachta Rang a Trí agus a Ceathair
Sleamhnáin Rang a Trí agus a Ceathair
Rang a Cúig agus a Sé
Plean Ceachta Rang a Cúig agus a Sé
Sleamhnáin Rang a Cúig agus a Sé
Duaiseanna an Chomórtais
Beidh duaiseanna iontacha le gnóthú ag daltaí, múinteoirí agus scoileanna: * 1x Duaiseoir Iomlán: An deis chun a litir :Éire Níos Sona agus Níos Sláintiúla 2030 a bheith ar chárta Poist An Post agus ar fáil in oifigí poist ar fud na tíre, €500 dá scoil, €250 dóibh féin agus Corn Chomórtas Scríbhneoireachta An Post.
- 5 x Buaiteoir Óir: €250 dá scoil agus €100 dóibh féin.
- 5 x Buaiteoir Airgid: €200 dá scoil agus €50 dóibh féin
- Cuirfear gach múinteoir a sheolann iarratais isteach i gcrannchur le ceann de 2 shaoire deireadh seachtaine de luach €300 a ghnóthú!