Cuntas Reatha
Téarmaí agus coinníollacha 

Bíonn feidhm ag na téarmaí agus coinníollacha seo nuair a
bhíonn Cuntas Reatha An Post Money nó Cuntas Óige An Post
Money Mate agat, agus rochtain agat ar aip An Post Money
i dtaca leis na cuntais sin. Tá do chearta agus do dhualgais i
dtaca le do Chuntas Reatha An Post Money agus do Chuntas
Óige leagtha amach sna téarmaí seo.
 
Ní mór duit na téarmaí seo a léamh go cúramach, toisc go
leagann siad amach téarmaí an chomhaontaithe idir tú féin
agus An Post. Trí iarratas a chur isteach ar, nó trí úsáid a
bhaint as, do Chuntas Reatha An Post Money, nó do leanbh
úsáid a bhaint as a gCuntas Óige, tá tú ag glacadh leis na
téarmaí seo.

Téarmaí & Coinníollacha i gcomhair
Cuntais Reatha An Post Money

Cuntas reatha is ea Cuntas Reatha An Post Money a bhfuil BIC
agus IBAN tiomnaithe aige agus cárta dochair Mastercard®
arna eisiúint ag An Post. Tá údarás ag An Post na seirbhísí a
sholáthar atá sonraithe san Acht um Sheirbhísí Poist agus
Teileachumarsáide 1983 (Alt 67) Ordú 2016, (Ionstraim Reachtúil
Uimhir 170 de 2016), arna dhéanamh de bhun Alt 67 den Acht
um Sheirbhísí Poist agus Teileachumarsáide 1983. Is í Oifig
Chláraithe An Post ná Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill
Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2.
 
Déanann An Post bainistiú ar do chuid cistí. Ós rud é nach
Institiúid Creidmheasa sinn, níl do chuid cistí clúdaithe ag an
Scéim Ráthaíochta Taiscí in Éirinn. Ach cuirimid cistí custaiméirí
i gcuntais leithscartha (ar a dtugtar cuntais ‘chumhdaigh’ nó
cuntais ‘cistí cliant’) le hInstitiúidí Airgeadais atá faofa ag Bord
An Post chun glacadh le taiscí An Post agus a bhfuil údarás
acu a bheith i mbun gnó in Éirinn mar Institiúid Creidmheasa,
de réir rialacháin an AE agus arna maoirsiú ag Banc Ceannais
na hÉireann. Ciallaíonn sé seo go bhfuil do chuid cistí scartha
ónár gcuid sócmhainní eile agus gur féidir iad a úsáid chun
tusa agus custaiméirí eile a aisíoc i gcás dócmhainneachta,
rud nach dócha.
 
Trádmharc cláraithe is ea Mastercard, agus is trádmharc
é dearadh na gciorcal de chuid Mastercard International
Incorporated. Tá An Post rialáilte ag Banc Ceannais na
hÉireann. Is cuideachta gníomhaíochta ainmnithe é An Post
arna chorprú in Éirinn faoin gcláruimhir chuideachta 98788
agus faoi dhliteanas teoranta.

Míniú ar théarmaí
 
Ciallaíonn iarmhéid cuntais gach airgead i do Chuntas Reatha,
lena n-áirítear Prócaí, lúide idirbhearta díolphointe ar feitheamh
agus/nó idirbhearta UMB.
 
Ciallaíonn Seirbhísí um Fhaisnéis Cuntas nó SFC seirbhís ar
líne, arna hoibriú ag tríú páirtí, a sholáthraíonn faisnéis cuntas
um íocaíochtaí comhdhlúite duit, lena n-áirítear faisnéis a
bhaineann le do Chuntas Reatha.
 
Ciallaíonn Soláthraí Seirbhíse um Fhaisnéis Cuntas nó SSFC tríú
páirtí a sholáthraíonn Seirbhís um Fhaisnéis Cuntas.
 
Ciallaíonn Comhaontú na téarmaí agus coinníollacha seo a
rialaíonn úsáid do Chuntais Reatha An Post Money, mar aon le
gach táille infheidhme, a bhfuil liosta iomlán díobh ar fáil ag
anpost.com/currentaccount nó ag oifigí poist.
Ciallaíonn Cuntas Reatha An Post Money nó Cuntas Reatha, an
Cuntas Reatha An Post Money arna rialú ag an gComhaontú
seo, ar cuntas reatha é a chuirtear ar fáil duit (agus/nó duit féin
i gcomhpháirt le duine eile a bhfuil Cód Aitheantais Gnó (BIC)
agus Uimhir Idirnáisiúnta Cuntais Bainc (IBAN) tiomnaithe aige
agus Cárta Dochair Mastercard arna eisiúint ag An Post, agus a
n-áirítear leis aon cheann de na Prócaí Cuntas Reatha An Post
Money de do chuid a bhaineann leis.
 
Ciallaíonn aip Feidhmchlár Móibíleach An Post Money trínar
féidir Cuntas Reatha An Post Money a rochtain.
 
Ciallaíonn UMB uathmheaisín bainc, i.e. dáileoir airgid thirim.
 
Ciallaíonn iarmhéid infhaighte luach na gcistí i do Chuntas
 
Reatha ag am áirithe nár caitheadh go fóill agus atá ar fáil le
híoc as idirbhearta agus táillí atá iníoctha faoin gComhaontú
seo. Ní áirítear leis an iarmhéid infhaighte aon suimeanna atá á
gcoinneáil i bPrócaí nó aon íocaíochtaí neamh-imréitithe.
 
Ciallaíonn cárta nó Cárta Cuntais Reatha An Post Money do
Chárta Dochair Mastercard a ghabhann le do Chuntas Reatha
An Post Money.
 
Ciallaíonn sealbhóir an chárta sealbhóir ainmnithe an Chuntais
Reatha An Post Money (nó sealbhóirí ainmnithe Comhchuntais)
dár eisíodh an Cárta.
 
Ciallaíonn aisairgead saoráid aisairgid is féidir le ceannaithe a
thairiscint nuair a bhíonn rud á cheannach le cárta.
 
Is é atá i gceist le cainéil ná modhanna trínar féidir leat an
Cuntas Reatha agus ár seirbhísí a rochtain. Áirítear orthu seo
oifigí poist i bPoblacht na hÉireann, gníomhairí údaraithe, líonra
UMB, seirbhísí baincéireachta idirlín trínár Suíomh Gréasáin,
tríd an aip nó trí mhodhanna eile dá leithéid a d’fhéadfaimis a
leagan síos ó am go ham. Is féidir go n-athródh Cuntas Reatha
An Post Money agus seirbhísí is féidir a rochtain agus a úsáid
thar na cainéil éagsúla, agus is féidir freisin go n-athródh na
teorainneacha is infheidhme maidir le hidirbhearta nó seirbhísí
ar leith thar na cainéil éagsúla.
 
Ciallaíonn custaiméir duine nádúrtha nach bhfuil ag feidhmiú ar
bhonn gnó.
 
Ciallaíonn seirbhísí do Chustaiméirí an fhoireann um sheirbhís do
chustaiméirí, ar féidir dul i dteagmháil leo trí úsáid a bhaint as
na sonraí thíos:
 
Teileafón 00 353 (1) 705 8000
Seoladh poist An Post Money,
BillPost,
Áras na Fiontraíochta,
Bóthar na Ceapaí,
Cill Rois,
Co. an Chláir,
V15 VX23,
Éire
 
Ríomhphost customerservices@anpostmoney.com
 
Ciallaíonn airgeadra ainmnithe an Euro.
 
Ciallaíonn Próca Próca Cuntais Reatha An Post Money
an fheidhmiúlacht a chuirtear ar fáil mar chuid den Chuntas
Reatha a ligeann duit iarmhéid áirithe a chur in iúl mar iarmhéid
atá scartha ó phríomhiarmhéid an Chuntais Reatha (cé gur
cuid fós é den iarmhéid foriomlán sa Chuntas Reatha chun
críocha teicniúla agus dlíthiúla), ar féidir cur síos air ar ár suíomh
Gréasáin agus ár n-aip mar “Phróca” nó mar “vallait”.
Is é is comhchuntas ann ná cuntas reatha in ainm, agus i
gcomhsheilbh, beirte.
 
Ciallaíonn uimhir theagmhála cárta chaillte nó ghoidte an uimhir
1800 267678 nó 0044 115 9659218 ó thar lear, ar cheart duit
glaoch uirthi láithreach chun do chárta a chur ar ceal sa chás go gcailltear nó go ngoidtear é.
 
Is é is ceannaí ann ná soláthraí earraí agus/nó seirbhísí a
ghlacann le Cárta Cuntas Reatha An Post Money mar mhodh
íocaíochta cibé acu trí chianmhodh (e.g. teileafón agus ar
líne) nó thar an gcuntar (de réir mar is cuí), lena n-áirítear, gan
teorannú, miondíoltóirí rannpháirteacha.
 
Is é is cuntas ar líne ann ná Cuntas Reatha An Post Money ar
féidir teacht air ar líne ag anpost.com/currentaccount chun
iarmhéideanna a fhiosrú agus íocaíochtaí a dhéanamh.
 
Ciallaíonn POS díolphointe laistigh de Cheannaí, áit ar féidir do
Chárta a úsáid chun rudaí a cheannach.
 
Ciallaíonn Seirbhís um Íocaíocht a Thionscnamh, nó PIS, seirbhís
a chuireann tríú páirtí i gcrích, ar iarratas uaitse agus ar do
shon, chun ordú íocaíochta a thionscnamh i ndáil le do Chuntas
Reatha An Post Money.
 
Ciallaíonn Soláthraí Seirbhíse um Íocaíocht a Thionscnamh,
nó PISP tríú páirtí rialáilte a bhfuil cead tugtha agat dóibh do
Chuntas Reatha An Post Money inrochtana ar líne a rochtain
chun ligean dóibh PIS a thionscnamh.
 
Ciallaíonn gnéithe slándála aon uimhir aitheantais phearsanta
nó cód slándála eile, lena n-áirítear, gan teorannú, pasfhocail
Idirlín nó eile a eisímid duitse nó a chruthaíonn tusa de
réir ár dtreoracha nó nósanna imeachta agus gléasanna
pearsantaithe agus/nó nósanna imeachta slándála eile a
d’fhéadfaí a thabhairt isteach i ndáil le hoibriú an Chuntais
Reatha An Post Money ó am go ham.
 
Is é SEPA an Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro, mar ar féidir le
daoine aonair agus cuideachtaí íocaíochtaí a dhéanamh agus a
thógáil in Euro, cibé acu idir teorainneacha náisiúnta, nó taobh
istigh díobh, faoi na coinníollacha, na cearta agus na dualgais
chéanna beag beann ar an áit a bhfuil siad taobh istigh den
limistéar sin.
 
Is é is aistriú creidmheasa SEPA ann ná íocaíocht ó do Chuntas
Reatha chuig cuntas eile sa limistéar SEPA, ar féidir é a
thionscnamh agus a dhéanamh ag anpost.com/currentaccount
Socrú is ea dochar díreach SEPA a ligeann do thríú páirtí airgead
a aistarraingt ó chuntas duine aonair ar dhátaí comhaontaithe,
de ghnáth chun billí a íoc. Déanann do chreidiúnaí dochair
dhíreacha a thionscnamh agus bíonn siad faoi réir rialacha
scéim dochair dhírigh SEPA.
 
Bíonn gearrdháileadh ann i gcás idirbheart a chuirtear i gcrích
nuair nach mbíonn dóthain cistí ann don idirbheart sin.
Ciallaíonn TPP tríú páirtí rialáilte a sholáthraíonn seirbhísí
íocaíochta lena n-áirítear AIS agus PIS, gan a bheith teoranta
dóibh.
 
Tagraíonn muid/-mid, sinn nó ár do An Post.
 
Is é is ciall le suíomh gréasáin anpost.com/currentaccount
Ciallaíonn lá oibre lá ó Luan go hAoine, an dá lá sin san áireamh,
idir 9am agus 5pm cé is moite de laethanta saoire bainc nó
poiblí.
 
Tagraíonn tú/ sibh agus do/ bhur do shealbhóir Cuntais Reatha
An Post Money, do shealbhóirí comhchuntais, do shealbhóir(í)
cárta, agus d’aon TPP atá údaraithe agat de réir chlásal 16
(Soláthraithe Seirbhísí Íocaíochta Tríú Páirtí) chun do Chuntas
Reatha An Post Money a rochtain agus a oibriú.

Téarmaí agus coinníollacha
Cuntais Reatha
 
  1. Do Chuntas Reatha

1. Is cuntas é an Cuntas Reatha An Post Money a chuirtear ar
fáil duitse (agus/nó i gcomhpháirt le duine eile) a bhfuil BIC
agus IBAN tiomnaithe aige agus cárta dochair Mastercard
arna eisiúint ag An Post mar aon le haon cheann de do
Phrócaí comhcheangailte. Ní cárta creidmheasa é do
Chárta. Ní thuillfear aon ús ar chistí a chuirtear do shochar
do Chuntais Reatha An Post Money. Coinníonn An Post
gach airgead a mhalartaítear don Chuntas Reatha An Post
Money i gcuntas bainc le hinstitiúidí údaraithe creidmheasa
nó i sócmhainní atá faofa ag Banc Ceannais na hÉireann
atá deighilte agus leithscartha ó shócmhainní An Post.

2. Is féidir leat cuntas aonair agus/nó comhchuntas a oscailt.
Ní cheadaítear cuntais aonair iomadúla ná comhchuntais
iomadúla. Ní cheadaítear duit do Chuntas Reatha An Post
Money a úsáid chun críocha gnó ná tráchtála.

3. Ní féidir Cuntas Reatha An Post Money a aistriú chuig
aon duine eile; cé is moite dá bhfuil mínithe ag clásal
16 (Soláthraithe Seirbhísí Íocaíochta Tríú Páirtí) i ndáil le
TPPanna, níl cead ag éinne é a úsáid ach amháin tú féin
agus, nuair is comhchuntas é, an t-úsáideoir údaraithe eile.
Is sealúchas de chuid An Post é i gcónaí agus ní mór é a
thabhairt ar ais dúinn ar iarratas uainne.

4. Ní chuireann Cuntas Reatha An Post Money saoráid
rótharraingte ar fáil agus ní thugann sé creidmheas.

2.0 Iarratas agus gníomhachtú a dhéanamh
ar do Chuntas Reatha
1. Chun iarratas a dhéanamh ar Chuntas Reatha An Post
Money, ní mór duit a bheith 16 bliana d’aois agus i do
ghnáthchónaí i bPoblacht na hÉireann. Iarrfaimid fianaise
a fheiceáil maidir le cé thú féin, d’aois agus do sheoladh.
Iarrfaimid breis fianaise dhoiciméadach i gcásanna áirithe
agus/nó is féidir go ndéanfaimis seiceálacha ort.

2. Trí iarratas a dhéanamh ar Chuntas Reatha tá tú ag toiliú
go dtabharfar do chuid faisnéise do na gníomhaireachtaí
cuí chun na críche seo. Nuair a dhéanaimid seiceálacha
leictreonacha, is féidir go ndéanfaí faisnéis phearsanta atá
soláthartha agatsa a roinnt le páirtithe eile a d’fhéadfadh
taifead a choinneáil den fhaisnéis sin.

3. Ní dhéantar seiceáil chreidmheasa agus ní chuirfear isteach
ar do rátáil chreidmheasa.
 
4. Chun iarratas a dhéanamh ar do Chuntas Reatha ní mór
duit teacht i láthair go pearsanta ag oifig poist de chuid An
Post nó trí aon mhodh eile a chuirfidh An Post ar fáil duit.
Gheobhaidh tú pacáiste fáilte tríd an bpost.

5. Chun do Chárta a ghníomhachtú ní mór duit na treoracha
sa litir fáilte a leanúint. Ní féidir leat do Chárta Dochair An
Post Money a úsáid go dtí go mbeidh sé seo déanta.

6. Chun do Chuntas Reatha ar líne a ghníomhachtú ní mór do
sheoladh ríomhphoist, d’uimhir fóin póca agus sloinne do
mháthar roimh phósadh a bheith curtha ar fáil agat tráth a
rinne tú iarratas ar do Chuntas Reatha.
 
7. Chun aip An Post Money nó baincéireacht ar líne a
úsáid beidh ort uimhir fóin póca Éireannach a bheith
agat. Úsáidtear an aip chun roinnt ceannachán ar líne a
fhíorú agus chun rochtain ar ár n-uirlis bhaincéireachta a
fhíordheimhniú.

3.0 Táillí

1. Tá liosta iomlán táillí ar fáil ag anpost.com/currentaccount
nó ar iarratas ag Oifigí Poist. Coimeádann An Post an ceart
acu féin aon táillí ar do Chuntas atá gan íoc a chur do
dhochar do Chuntais Reatha nuair atá cistí curtha agat i do
Chuntas Reatha.

4.0 Airgead a íoc isteach i do Chuntas Reatha
1. Is féidir leatsa (agus/nó le do chomhshealbhóir cuntais) cistí
a thaisceadh i do Chuntas Reatha nó is féidir le tríú páirtí é
sin a dhéanamh go leictreonach.

2. Is féidir cistí a thaisceadh i do Chuntas Reatha:

i. ag aon oifig poist i bPoblacht na hÉireann; nó

ii. trí aistriú bainc (lena n-áirítear mar shampla aistrithe
tuarastail ó fhostóirí agus íocóirí eile agus/nó sochair
íocaíochta agus íocaíochtaí rialtais comhchosúla).

iii. trí mhearthaisce ag anpost.com/currentaccount
nó tríd an aip. Coimeádann An Post an ceart acu féin
roghanna nua a thabhairt isteach i ndáil le do Chuntas
Reatha a chistiú agus na roghanna reatha a bhaint, de
réir mar is gá. Mura bhfuil roghanna cistithe clúdaithe
cheana féin sna téarmaí agus coinníollacha seo, cuirfear
ar an eolas tú faoi na hathruithe seo (coinníollacha agus
na táillí infheidhme san áireamh).

3. Tá feidhm ag teorainneacha éagsúla i ndáil le hoibriú do
Chuntais Reatha agus do Chárta. Baineann siad seo le
luach agus líon na n-idirbheart a bhfuil cead agat iad a chur
i gcrích agus áirítear leo uasluachanna laethúla do thaiscí
agus aistarraingtí airgid thirim ag Oifigí Poist — féach
anpost.com/currentaccount chun breis eolais a fháil.
Coimeádaimid an ceart diúltú glacadh le haon idirbheart
den sórt sin faoinár lánrogha féin.

4. Tabhair faoi deara, go mbeidh do chuid cistí ar fáil lena
n-úsáid gan mhoill nuair a fhaighimid iad, murar roghnaigh
tú go gcuirfí cuid de na cistí isteach i do phróca(í). Déanfar
lóisteálacha seic a chur do shochar tar éis 10 lá oibre. Féach
clásal 5 (Do Chuntas Reatha An Post Money) le haghaidh
breis eolais.

5.0 Do Chuntas Reatha a Úsáid
Cárta Cuntas Reatha An Post Money

1. Is féidir do chárta a úsáid chun airgead a thaisceadh, a
aistarraingt, nó iarmhéid do chuntais a sheiceáil ag aon
Oifig Poist i bPoblacht na hÉireann. Glactar le do Chárta
ag na milliúin láthair ar fud an domhain pé áit a nglactar
le Mastercard. Is féidir do Chárta a úsáid ag aon UMB, POS
nó suíomh gréasáin ar líne a thaispeánann marcanna
inghlacthachta Mastercard®, Maestro®, agus/nó Cirrus®.

2. Ní bheidh tú in ann do Chárta a úsáid tar éis a dháta éaga.
Gheobhaidh tú Cárta nua tríd an bpost roimh aon dáta
éaga.

3. Is le An Post do Chárta. Is féidir go ndéanfaimis do Chárta
a chur ar fionraí, a theorannú, a athsholáthar nó a chur ar
ceal, nó diúltú dá eisiúint nó dá atheisiúint ar chúiseanna
éagsúla, lena n-áirítear iad seo a leanas ach gan bheith
teoranta dóibh:

i. má tá cúis réasúnach againn a bheith imníoch faoi
shlándáil do Chuntais Reatha nó do Chárta;

ii. má tá amhras réasúnach orainn go bhfuil do
Chuntas Reatha nó do Chárta á úsáid ar bhealach
neamhúdaraithe nó calaoiseach;

iii. má bhriseann tú cuid thábhachtach den Chomhaontú
seo, nó má bhriseann tú téarma ar bith sa Chomhaontú
seo arís agus arís eile gan iarracht a dhéanamh an
cheist a réiteach go pras; más gá dúinn é a dhéanamh
chun cloí leis an dlí; nó

iv. mura bhfuil cónaí ort i bPoblacht na hÉireann

4. Má thógaimid aon cheann de na céimeanna dá dtagraítear
sa chéad chlásal de 5(c), cuirfimid ar an eolas tú chomh
luath agus is féidir (nó nuair a cheadófar dúinn a leithéid
a dhéanamh) tar éis dúinn na céimeanna seo a thógáil. Is
féidir go n-iarrfaimis ort éirí as do Chárta a úsáid agus é a
chur ar ais chugainn nó a scriosadh. Cuirfimid Cárta ionaid
ar fáil duit, tar éis breis fiosrúcháin, má chreidimid nach
mbaineann na cúinsí atá leagtha amach i gclásal 5(c) le
hábhar a thuilleadh.

5. Bainfimid luach idirbheart íocaíochta a dhéantar le do
Chárta as an iarmhéid i do Chuntas Reatha An Post Money
chomh luath is a dhéantar an t-idirbheart. Bainfimid aon
táillí infheidhme freisin chomh luath is a bheidh siad le híoc
agat. Féachanpost.com/currentaccount le haghaidh breis
eolais.

Íocaíochtaí athfhillteacha — dochair dhíreacha

6. Sula mbainfidh tú úsáid as do Chuntas Reatha, caithfidh
tú a chinntiú go bhfuil dóthain cistí ar fáil. Má chuireann tú
íocaíocht athfhillteach nó síntiús rialta ar bun ag baint úsáid
as do Chuntas Reatha, ní mór duit a dheimhniú go bhfuil
dóthain cistí i d’iarmhéid infhaighte chun é a chlúdach. Má
tá cistí neamhleor i do Chuntas Reatha déanfar idirbhearta
a dhiúltú.

7. Is féidir leat a shocrú go ndéanfar íocaíochtaí dochair
dhírigh a bhaint as do Chuntas Reatha, trí do BIC agus
d’uimhir IBAN a sholáthar do do chreidiúnaí. Má tá íocaíocht
dochair dhírigh le híoc agus mura bhfuil dóthain cistí ar fáil
chun an íocaíocht iomlán a chlúdach, déanfar an íocaíocht
a dhiúltú.

8. Tá Próca Cuntais Reatha An Post Money deartha chun
ligean duit cuid de do chistí a chur i leataobh le haghaidh
íocaíochtaí rialta tábhachtacha ar nós billí. Ba chóir duit
a chinntiú go bhfuil dóthain cistí leithdháilte ar do Phróca
chun aon íocaíocht rialta dá leithéid a theastaíonn uait a
dhéanamh le do Phróca a chlúdach.

9. Tabhair faoi deara nach féidir cistí a leithdháiltear ar do
Phróca(í) a rochtain le haghaidh idirbheart ag aon oifig
poist, UMB, POS nó le rudaí a cheannach ar líne. Is féidir
cistí a bhogadh ar ais ó do Phróca(í) isteach i do phríomh-
Chuntas Reatha trí dhul isteach inár Suíomh Gréasáin nó
úsáid a bhaint as an aip. Chomh luath is atá athdháileadh
cistí curtha i gcrích is féidir na cistí a úsáid láithreach ag aon
oifig poist, UMB, POS agus ar líne.

10. Is féidir go n-éascódh An Post úsáid do Chárta ó am go
ham trí aipeanna áirithe tríú páirtí, ar nós Google Pay, Fitbit
Pay agus Apple Pay. Is féidir sonraí faoi na haipeanna
íocaíochta tríú páirtí atá ar fáil a fháil ar ár Suíomh Gréasáin.
Coimeádann An Post an ceart acu féin na haipeanna
íocaíochta tríú páirtí a athrú faoina rogha féin ó am go
ham, faoi réir foláireamh nach lú ná 30 lá ar ár Suíomh
Gréasáin. Beidh téarmaí agus coinníollacha, beartais agus
beartas príobháideachais ag soláthraí na haipe íocaíochta
tríú páirtí a bhainfidh le hábhar má úsáideann tú a gcuid
aipeanna. Bíonn feidhm ag na téarmaí agus coinníollacha
tríú páirtí sin idir tusa agus soláthraí na haipe tríú páirtí,
agus ní bhíonn An Post páirteach iontu. Ba cheart duit a
chinntiú go bhfuil téarmaí agus coinníollacha, polasaithe
agus beartas príobháideachais sholáthraí na haipe
íocaíochta tríú páirtí léite agat, agus níor cheart duit an aip
íocaíochta tríú páirtí a úsáid mura bhfuil tú sásta glacadh
leo. Má tá ceisteanna agat faoin tseirbhís nó faoi rud ar bith
eile a bhaineann le haipeanna íocaíochta tríú páirtí, beidh
ort teagmháil a dhéanamh le soláthraí na haipe íocaíochta
tríú páirtí go díreach.

11. Má chailltear nó má ghoidtear do Chárta, is féidir leat
rochtain éigeandála ar do chistí a shocrú trí dhul i
dteagmháil lenár seirbhísí custaiméirí ag 1800 267678.
Tá an uimhir ar fáil 24/7/365. Ní bhíonn fáil ar aistarraingt
éigeandála ag oifigí poist ach amháin le linn gnáthuaireanta
oscailte.

12. Is féidir go mbeadh feidhm ag teorainneacha caithimh/
aistarraingthe ar do Chuntas Reatha, i dtaca le nithe lena
n-áirítear aisairgead agus idirbhearta UMB. Féach ar ár
Suíomh Gréasáin le haghaidh breis eolais.

13. Is san airgeadra ainmnithe a bheidh gach íocaíocht a
dhéanfar ag baint úsáid as do Chuntas Reatha. Má tá tú ag
íoc as earraí agus seirbhísí in airgeadra nach ionann é agus
an t-airgeadra ainmnithe, déanfar an méid atá le híoc a
thiontú ag an ráta a bhfuil feidhm aige ag an am a ndéantar
an t-idirbheart a phróiseáil. Ina theannta sin, beidh táille
idirbhirt i bhfeidhm le haghaidh aistarraingtí UMB in
airgeadra nach ionann é agus an t-airgeadra ainmnithe.
Féach anpost.com/currentaccount le haghaidh breis eolais.

14. Is féidir go ndiúltóimis idirbheart a phróiseáil nó a onórú:
i. má táimid amhrasach go bhfuil do Chuntas Reatha
nó do Chárta á úsáid ar bhealach neamhúdaraithe nó
calaoiseach;

ii. mura bhfuil dóthain airgid íoctha isteach i do Chuntas
Reatha ag an am cuí chun méid an idirbhirt agus aon
táille infheidhme a chlúdach; nó

iii. má chreidimid go mbrisfidh idirbheart an dlí.

15. I gcás chlásal 5(n)(i) thuas, cuirfimid ar an eolas tú
chomh luath agus is féidir (ach amháin dá mbeadh sé
neamhphraiticiúil nó mídhleathach dúinn a leithéid
a dhéanamh). Is féidir leat ceartú a dhéanamh ar aon
fhaisnéis a choimeádaimid (agus/nó a bhféadfadh sé gurbh
é faoi deara dúinn idirbheart a dhiúltú) trí theagmháil a
dhéanamh le seirbhísí custaiméirí ag
customerservices@anpostmoney.com nó glaoch ar
00 353 (1) 705 8000.

16. Mar atá le gach cárta íocaíochta, ní féidir linn a dhearbhú
go nglacfaidh gach ceannaí do Chárta Cuntais Reatha An
Post Money. Tabhair faoi deara go mbíonn ar gach ceannaí
a sheiceáil go bhfuil d’Iarmhéid Infhaighte leordhóthanach
chun méid an idirbhirt a chlúdach.

17. Is féidir leat d’Iarmhéid Infhaighte a sheiceáil:

i. ag aon Oifig Poist i bPoblacht na hÉireann;

ii. ar líne ar ár Suíomh Gréasáin,
anpost.com/currentaccount;

iii. ar do ghuthán póca tríd an aip;

iv. trí ghlaoch ar ár n-uimhir do sheirbhís do chustaiméirí
00 353 (1) 705 8000

6.0 Cainéil leictreonacha

1. Tugann tú údarás agus ordú dúinn gníomhú de bhun gach
ordú agus iarratas a fhaightear trínár Suíomh Gréasáin
ar an gcoinníoll go ndéantar na horduithe agus na
hiarratais trí úsáid a bhaint as na gnéithe slándála cuí.
Cé go bhféadfaimis ó am go ham modhanna aitheantais
phearsanta breise a iarraidh, ní bheidh ceangal orainn
a leithéid a dhéanamh agus is féidir linn gníomhú de
bhun orduithe agus iarratais gan aon chéimeanna breise
a thógáil chun a chinntiú go bhfuil na horduithe nó na
hiarratais sin ionraic.

2. Ní mór duit sinn a chur ar an eolas gan mhoill mhíchuí má
thugann tú faoi deara go bhfuil aon ghné shlándála caillte
nó goidte.

3. Is féidir go ndiúltóimis gníomhú de bhun aon ordú nó
iarratas a fhaightear trínár Suíomh Gréasáin nó aip go dtí
go mbeidh sé deimhnithe agat i scríbhinn.

4. Ar do chostas féin, soláthróidh tú agus coinneoidh tú caoi ar
aon ghléas a theastaíonn chun ár Suíomh Gréasáin nó an
aip a rochtain agus cinnteoidh tú go sásaíonn gach gléas
dá leithéid gach riachtanas teicniúil a shonraímid. Tá tú
freagrach as aon ghléas a úsáidtear chun rochtain a fháil
ar an gCuntas Reatha An Post Money a dhícheangal agus
aon fhaisnéis a ghlanadh uaidh sula bhfágann tú gléas dá
leithéid gan duine ina bhun. Tú féin amháin atá freagrach
as rúndacht, slándáil agus gnéithe slándála an ghléis a
chothabháil.

5. Cinnteoidh tú go mbeidh gach ordú a thugann tú dúinn
trínár Suíomh Gréasáin nó aip cruinn agus iomlán. Tú
féin amháin atá freagrach as gach ordú a bheith cruinn.
Nílimid freagrach as aon mhoill ná earráid a eascraíonn
as orduithe a thugann tú dúinn atá neamhchríochnaithe,
doiléir, neamhréireach nó earráideach. Sa chás go dtugann
tú orduithe neamhréireacha dúinn ní bheimid freagrach
as gníomhú ná gan gníomhú de bhun aon chuid de na
horduithe sin.

6. Is modhanna iad ár Suíomh Gréasáin agus aip chun seirbhísí
a sholáthraímid a rochtain agus a úsáid. Dá réir sin, ach
amháin sa mhéid go bhforálann an Comhaontú seo a
mhalairt, fanann gach sainordú a bhaineann le Cuntas
Reatha An Post Money agus gach téarma a bhaineann le
Cuntas Reatha An Post Money i bhfeidhm go hiomlán.
 
7. Cé gurb é ár gcuspóir go mbeadh ár Suíomh Gréasáin, aip
agus Cainéil seirbhísí do chustaiméirí ar fáil 24 uair sa lá,
365 lá sa bhliain, beidh ócáidí ann nuair nach mbeidh fáil
ar gach gnáthsheirbhís dár gcuid, nó ar chuid díobh, ar
chúiseanna teicniúla, slándála, cothabhála nó eile (cibé acu
atá smacht againn orthu nó nach bhfuil). Dá réir sin, ó am
go ham, is féidir go gcuirfimis ar fionraí, gan aon dliteanas
a thabhú, cuid d’fheidhmiúlacht, nó iomlán fheidhmiúlacht,
ár Suímh Gréasáin, aip nó seirbhísí do chustaiméirí, ar feadh
tréimhsí a dhéanfaimid a shocrú.

8. Beimid, tar éis fógra nach lú ná 2 mhí a thabhairt duit, i
dteideal deireadh buan a chur lenár Suíomh Gréasáin, aip
nó cainéil seirbhísí do chustaiméirí, nó aon chuid díobh.

9. Is féidir go ndéanfaimis cur le haon cheann dár seirbhísí, ar
féidir iad a rochtain agus a úsáid trínár Suíomh Gréasáin, aip
nó Cainéil seirbhísí do chustaiméirí, nó iad a aistarraingt, a
chur ar fionraí, a leasú nó a athrú ar bhealach eile. Is féidir
féachaint ar shonraí na seirbhísí a bhíonn ar fáil ó am go
ham ar ár Suíomh Gréasáin.

10. Aithníonn tú go ndéanann tú ár Suíomh Gréasáin a úsáid
faoi réir téarmaí agus coinníollacha eile a rialaíonn úsáid
ár Suímh Gréasáin agus faoi mar a chuirtear in airde ar ár
Suíomh Gréasáin ó am go ham faoin teideal ‘faisnéis dlí’
agus toilíonn tú a bheith faoina cheangal sin.

11. Aithníonn tú go ndéantar ár Suíomh Gréasáin a úsáid faoi
réir na ráiteas um chosaint sonraí agus príobháideachas
faoi mar a chuirtear in airde ar ár Suíomh Gréasáin iad ó am
go ham agus toilíonn tú a bheith faoina cheangal sin.

12. Cé go mbíonn gach réamhchúram réasúnach slándála
déanta againn, baineann sé le nádúr na cumarsáide ar
an Idirlíon agus ar bhealaí leictreonacha eile nach féidir
linn dearbhú a thabhairt i dtaca le príobháideachas nó
rúndacht faisnéis ar bith a bhaineann leat a chuirtear ar
aghaidh ar na bealaí sin. Trí rochtain a fháil ar ár Suíomh
Gréasáin agus aip agus trí leas a bhaint as na seirbhísí,
glacann tú leis gur féidir nach mbeadh an chumarsáid saor
ó chur isteach ó thríú páirtithe agus gur féidir nach mbeadh
sí faoi rún. Is ar do phriacal féin amháin atá sé úsáid a bhaint
as ár Suíomh Gréasáin agus aip.

7.0 Comhchuntais
1. I gcás go bhfuil comhchuntas iarrtha agat, tugann tú
údarás dúinn Cárta difriúil, UAP difriúil agus ID úsáideora
difriúil a chur ar fáil do gach duine de bheirt sealbhóirí an
chomhchuntais.

2. Nuair a bhíonn dualgais ar leith ar shealbhóir cuntais (mar
shampla i dtaca le húsáid an Chárta), beidh feidhm ag a
leithéid de dhualgais i gcás sealbhóirí comhchuntais ar
bhonn comhpháirteach agus leithleach (i.e. má tá airgead
le híoc le An Post nó aon tríú páirtí beidh an tsuim iomlán inaisghabhála
ó aon duine de na sealbhóirí comhchuntais, nó
ón mbeirt acu i gcodanna cothroma nó éagothroma).

3. Taobh amuigh dá bhfuil leagtha amach i gclásal 7(g)
(ii), ní féidir an Cuntas Reatha a oibriú ar aon bhonn
“comhshínithe” (lena n-áirítear cásanna nuair a chaithfidh
an bheirt sealbhóirí comhchuntais toiliú do gach idirbheart
aonair nó d’fheidhmiú ar bith a bhaineann leis an
gcomhchuntas, e.g. i dtaca le haon íocaíocht nó údarás
aistarraingthe).

4. Má tá comhchuntas agat, gníomhóimid de bhun aon ordú
ó cheachtar de shealbhóirí an chomhchuntais. Caithfimid
le gach sealbhóir comhchuntais amhail go bhfuil siad i
dteideal na gcistí uile atá sa Chuntas Reatha beag beann
ar aon socruithe príobháideacha, nó roinnt ar úinéireacht na
gcistí, atá déanta idir na comhshealbhóirí taobh istigh den
chomhchuntas. Chun amhras a sheachaint, beidh sealbhóirí
comhchuntais freagrach ar bhonn comhpháirteach agus
leithleach as gach idirbheart a dhéantar le ceachtar de na
Cártaí a eisíodh agus as aon easnamh a d’eascródh as an
gcuntas a úsáid.

5. Beidh rochtain ag gach duine de shealbhóirí an
chomhchuntais ar gach faisnéis agus feidhmíocht ar líne
a ghabhann leis an gcomhchuntas, agus gníomhóimid de
bhun orduithe ó aon duine de shealbhóirí an chomhchuntais
a thugtar trínár Suíomh Gréasáin nó aip. Áirítear leis seo
Cárta sealbhóra comhchuntais a chur ar fionraí ar orduithe
sealbhóra eile i gcás go gcuirtear ar ár súile go mb’fhéidir
gur truaillíodh Cárta (beag beann ar an gCainéal trína
gcuirtear sinn ar an eolas).

6. Ní féidir Cuntas Reatha aonair a “thiontú” ina
chomhchuntas. Chun comhchuntas a oscailt, lean na
céimeanna céanna atá i bhfeidhm i dtaca le cuntas
sealbhóra cárta aonair ag aon oifig poist i bPoblacht na
hÉireann.

7. Maidir le sealbhóirí comhchuntais:
i. sa chás go gcuireann duine acu sinn ar an eolas faoi aon
easaontas idir sealbhóirí an chomhchuntais, is féidir go
gcuirfimis stop leis an gcomhchuntas nó go gcuirfimis
ar fionraí é. Beidh tú freagrach as aon íocaíochtaí nó
aistarraingtí a údaraíonn tú féin nó do chomhshealbhóir
cuntais sula gcuirtear sinn ar an eolas faoi easaontas.
Tar éis aon tuairisc dá leithéid, is féidir go gcuirfí úsáid
seirbhísí ar fionraí agus go n-iarrfaimis bhur gCártaí ar
ais;

ii. má theastaíonn ó dhuine acu comhchuntas a chur ar
ceal, cuir glaoch ar 00 353 (1) 705 8000. Beidh síniú na
beirte comhshealbhóirí cuntais de dhíth orainn chun
dúnadh aon chomhchuntais a dheimhniú.

iii. má fhaigheann duine acu bás, ní féidir leis an
duine a mhaireann leanúint ar aghaidh ag oibriú
an chomhchuntais, ach is féidir leo cistí ar bith atá
fágtha a fhuascailt. Beidh ar an duine a mhaireann
an comhchuntas atá ann a dhúnadh. Beidh fianaise
dhoiciméadach de dhíth orainn ón duine a mhaireann
go bhfuil comhshealbhóir an chuntais tar éis bás a fháil
sula ndúnfaimid an comhchuntas.

8.0 Idirbhearta a údarú

1. Maidir le húdarú idirbhirt a dhéantar le do Chárta, is féidir
go n-áireofaí leis údarú aon idirbhirt aonair, sraith idirbheart
athfhillteach (idirbhearta atá le déanamh ar feadh tréimhse
éiginnte san áireamh) nó réamhúdarú ar idirbhearta sa
todhchaí a bhfuil nó nach bhfuil cinnteacht ag baint lena
méid.

2. Measfar idirbheart Cárta Cuntais Reatha An Post Money a
bheith údaraithe agat nuair a údaraíonn tú an t-idirbheart
ag an POS trí na treoracha a thugann an Ceannaí chun an
t-idirbheart a údarú a leanúint; áirítear orthu seo:

i. do UAP a chur isteach nó aon chód slándála eile a
sholáthar;

ii. dearbhán díolacháin a shíniú;

iii. do shonraí Cuntais Reatha a sholáthar agus/nó aon
sonraí eile a iarrtar ar líne a sholáthar;

iv. do Chárta a svaidhpeáil i léitheoir cártaí;

v. do Chárta agus do UAP a chur isteach chun aistarraingt
airgid thirim a iarraidh ag UMB; iarratas a dhéanamh ar
aistarraingt airgid thirim ag aon Oifig Poist i bPoblacht
na hÉireann; nó

vi. do Chárta a úsáid ag teirminéal éadadhaill.

3. Ní féidir leat údarú an idirbhirt Cárta a aistarraingt (nó
a aisghairm) tar éis dúinn é a fháil. Ach maidir le haon
idirbheart a bhfuil sé aontaithe ina leith go bhfuil sé le
cur i gcrích ar dháta níos déanaí ná an dáta a údaraíodh
é, is féidir é a aistarraingt má thugann tú foláireamh don
Cheannaí (agus má tugann tú cóip den fholáireamh dúinne
trí ríomhphost a sheoladh chuig
customerservices@anpostmoney.com) faoi am scoir gnó ar
an lá roimh an lá a mbeadh an t-idirbheart le cur i gcrích.
 
4. Iarrfar údarú tráth a dhéanfar gach idirbheart Cárta. Ar an
drochsheans (ar chúis ar bith) go gcuirtear idirbheart i gcrích
nuair nach bhfuil dóthain cistí ar fáil i do Chuntas Reatha
don idirbheart sin, ní mór duit an t-easnamh a chúiteamh
láithreach.

5. Is ort atá an fhreagracht a dheimhniú go bhfuil dóthain cistí
ar fáil agat chun aon idirbheart amach d’aon chineál eile
atá údaraithe agat a chlúdach, ar nós dochar díreach SEPA
nó aistriú creidmheasa SEPA, agus aon táillí eile ar nós na
dtáillí míosúla ar do Chuntas Reatha.

6. Aontaíonn tú go gcaithfidh tú easnamh a aisíoc láithreach
chomh luath is a chuirfimid tú ar an eolas faoi. Is féidir go
gcuirfimis do Chuntas Reatha An Post Money agus do
Chárta ar fionraí go dtí go gcúitítear méid an easnaimh linn.

7. Má chuirimid cistí do dhochar nó do shochar do Chuntais
Reatha trí bhotún, aontaíonn tú gur féidir linn an sochar nó
an dochar a aisiompú nó ár mbotún a cheartú ar bhealach
eile nuair a thugaimid faoi deara é.

8. Glacfaimid leis go mbeidh do threoracha maidir le
hidirbhearta athfhillteacha ar bith a chur ar bun ceart agus
críochnaitheach agus ní bheimid freagrach as idirbheart a
bhfuil treoracha tugtha agat dúinn é a chur i gcrích a údarú
i gceart.

9.0 Foirceannadh, éag agus cealú

1. Tá ceart agat do Chuntas Reatha An Post Money a dhúnadh
ag am ar bith gan foláireamh a thabhairt. Is féidir leat é
sin a dhéanamh trí scríobh chugainn ag: An Post Money,
BillPost, Áras na Fiontraíochta, Bóthar na Ceapaí, Cill Rois,
Co. an Chláir, V15 VX23. De réir chlásal 7(g)(ii), tá síniú na
beirte sealbhóirí cuntais de dhíth chun comhchuntas a
dhúnadh. Má tá do Chuntas Reatha An Post Money dúnta
nó má tá deireadh curtha agat leis an gComhaontú seo de
réir chlásal seo a 9 (Foirceannadh, Éag agus Cealú), cuirfimid
stop láithreach le do Chuntas Reatha ionas nach mbeifear
in ann é a úsáid. Is féidir le sealbhóirí cuntais aonair iarratas
a dhéanamh ar chuntais a dhúnadh freisin trí aip An Post
Money.
2. Is féidir linn deireadh a chur leis an gComhaontú seo ar chúis
ar bith trí fhógra dhá (2) mhí ar a laghad a thabhairt duit.

3. Is féidir go gcuirfimis deireadh leis an gComhaontú seo
láithreach (agus cuirfimid ar an eolas tú chomh luath agus
is féidir):

i. má bhriseann tú cuid thábhachtach den Chomhaontú
seo, nó má bhriseann tú aon téarma sa chomhaontú
seo arís agus arís eile agus mura réitíonn tú an scéal gan
mhoill; nó

ii. má iompraíonn tú thú féin ar bhealach bagrach nó
maslach; nó

iii. má theipeann ort táillí atá tabhaithe agat a íoc nó
má theipeann ort aon easnamh a chúiteamh (féach ár
Suíomh Gréasáin agus clásal 8 (Idirbhearta a údarú).
Chun amhras a sheachaint, faoi réir 7(g) thuas, tiocfaidh
deireadh leis an gComhaontú seo sa chás go bhfaighidh
tú bás.

4. Is féidir go ndúnfaimis do Chuntas Reatha agus/nó do
Chárta a chur ar fionraí láithreach má chreidimid go
réasúnach go bhfuil sé á úsáid chun calaois a dhéanamh nó
chun críocha neamhdhleathacha eile. Má dhéanaimid é seo,
abróimid leat é chomh luath is a bheidh sé ceadaithe go
dlíthiúil é sin a dhéanamh.

5. Beidh do Chárta bailí don tréimhse dar críoch an dáta
éaga atá leagtha amach ar do Chárta. Ar an dáta éaga, ní
fheidhmeoidh do Chárta a thuilleadh agus ní bheidh cearta
ar bith eile agat é a úsáid. Gheobhaidh tú Cárta ionaid
roimh an dáta éaga.

6. Tar éis Fhoirceannadh an Chomhaontaithe seo agus/nó
tar éis chealú do Chárta, déanfar aon chistí i do Chuntas
Reatha, lena n-áirítear cistí atá leithdháilte agat lena
n-úsáid trí Phróca(í) a bhaineann leis an gcuntas, a thabhairt
ar ais duit chomh luath is a bheidh próiseáil déanta ar gach
idirbheart atá tionscanta nó iarrtha agat. Féach clásal 13
(Do Cheart chun Fuascailte), a leagann amach an chaoi
a ndéanfar cistí a thabhairt ar ais agus breis téarmaí a
bhaineann le cistí a thabhairt ar ais.

10.0 Do Chuntas Reatha a choinneáil slán

1. Ba cheart duit caitheamh le do Chárta Cuntais Reatha
An Post Money amhail airgead tirim. Má chailltear nó má
ghoidtear é, ní mór duit a thuairisciú go bhfuil do Chárta
caillte nó goidte ag 1800 267678 nó is féidir go gcaillfeá
roinnt den airgead i do Chuntas Reatha, nó a iomlán, amhail
is go raibh airgead tirim caillte agat. Ní mór duit do Chárta
a choinneáil slán agus gan ligean d’aon duine eile é a úsáid.
Ní mór duit UAP do Chárta a choinneáil faoi rún i gcónaí. Ná
nocht do dhuine ar bith é.

2. Níor cheart duit aon sonraí slándála a bhaineann le
do Chuntas Reatha a nochtadh do dhuine ar bith eile
(comhshealbhóirí do chomhchuntais san áireamh, más ann
dóibh), ar nós do ID úsáideora agus do UAP ar líne.

3. Má fhostaíonn tú soláthraí tríú páirtí chun Seirbhísí um
Thionscnamh Íocaíochta nó Seirbhísí um Fhaisnéis Cuntas a
sholáthar ar do Chuntas Reatha, beidh rochtain acu ar do
chuntas agus beidh siad in ann gnó a dhéanamh air. Má tá
tú in amhras go bhfuil eolas ag aon duine eile ar aon sonraí
slándála a bhaineann le do Chuntas Reatha, ba cheart duit
gníomhú láithreach chun do chuid sonraí slándála a athrú
agus teagmháil a dhéanamh linn láithreach faoi mar atá
leagtha amach i gclásal 11(a) (Do Dhliteanas).

4. Nuair a théann tú isteach i do Chuntas Reatha An Post
Money ar líne nó trí ghléas móibíleach, ní mór duit
céimeanna réasúnacha a ghlacadh lena chinntiú go
mbaineann caighdeáin slándála réasúnacha leis an
ríomhaire nó leis an ngléas móibíleach. Féach ár Suíomh
Gréasáin le haghaidh breis eolais.

5. Ní mór duit seiceálacha rialta a dhéanamh le haghaidh
víreas ar do ríomhaire féin.

6. Ní mór duit céimeanna réasúnacha a thógáil chun do
ghléas móibíleach agus do ríomhaire a chosaint ionas
nach mbeifear in ann iad a úsáid chun rochtain a fháil ar do
Chuntas Reatha má chailltear nó má ghoidtear iad.

11.0 Do dhliteanas

1. Má thugann tú faoi deara nó má tá tú in amhras go bhfuil
UAP do Chuntais Reatha An Post Money nó sonraí do
Chuntais Reatha ar eolas ag duine neamhúdaraithe, nó
má cheapann tú go ndearnadh idirbheart gan údarás nó
go mícheart, nó má tá tú in amhras gur cailleadh nó gur
goideadh do Chárta, ní mór duit é sin a rá linn láithreach
trí theagmháil a dhéanamh le seirbhísí do chustaiméirí ag:
1800 267678

2. Is é €50 do dhliteanas uasta i leith aon idirbhearta
neamhúdaraithe ar do Chuntas Reatha mura dtaispeánann
fiosruithe gurb amhlaidh a d’údaraigh tú an t-idirbheart a
bhfuil díospóid faoi, nó más amhlaidh gur ghníomhaigh tú
go calaoiseach nó le mórfhaillí, mar shampla má theip ort
do Chárta nó UAP do Chuntais Reatha a choinneáil slán
nó murar chuir tú sinn ar an eolas faoi chailliúint nó goid
nó úsáid neamhúdaraithe a bhain le do Chuntas Reatha, i
gceachtar de na cásanna beidh tú faoi dhliteanas iomlán i
leith aon chaillteanas a thabhaíonn tú nó sinn, ag eascairt
as (mí-)úsáid do Chuntais Reatha An Post Money.

3. Ar an gcoinníoll nár ghníomhaigh tú go calaoiseach nó
le mórfhaillí aisíocfaimid aon idirbhearta a léiríonn ár
bhfiosruithe nach raibh siad údaraithe agat agus a tharla
tar éis duit sinn a chur ar an eolas i dtaca le cailliúint, goid,
mí-leithghabháil nó úsáid neamhúdaraithe a bhaineann le
do Chuntas Reatha.

4. Tá an ceart agat sonraí a iarraidh i dtaca le hidirbhearta
nár údaraíodh nó nach ndearnadh i gceart ar do Chuntas
d’fhonn do chistí a aisghabháil. Tar éis dúinn iarratas a fháil
uait i scríbhinn, cuirfimid sonraí aon ordú nár cuireadh i
gcrích i gceart ar fáil don bhanc ábhartha nó don soláthraí
seirbhísí íocaíochta ábhartha d’fhonn do chuid cistí a
aisghabháil.

5. Coimeádaimid an ceart againn féin táille a ghearradh ort i
leith aon chostas réasúnach a thabhaímid agus aon bheart
réasúnach agus riachtanach á dhéanamh againn chun
stop a chur le do Chuntas Reatha agus do Chárta agus/nó
chun aon airgead atá dlite mar thoradh ar ghníomhaíochtaí
neamhúdaraithe a aisghabháil.

12.0 Ár ndliteanas

1. Beidh aon dliteanas dár gcuid i dtaca leis an gComhaontú
seo faoi réir na n-eisiamh agus na dteorainneacha atá
liostaithe sa chlásal seo a 12 (Ár ndliteanas).

2. Ní bheimid faoi dhliteanas i leith caillteanas ar bith a
eascraíonn as:

i. Ceannaí a dhiúltaíonn glacadh le do Chárta;

ii. aon chúis a eascraíonn as cúinsí neamhghnácha nó
cúinsí nach raibh coinne leo agus nach raibh neart
réasúnach againn orthu;

iii. cúinsí a thugann orainn do Chárta a chur ar fionraí, a
theorannú nó a chur ar ceal, nó a thugann orainn a
eisiúint nó a athsholáthar a dhiúltú má táimid in amhras
go bhfuil do Chuntas Reatha á úsáid ar bhealach
neamhúdaraithe nó calaoiseach, nó toisc go bhfuil
téarma tábhachtach sa Chomhaontú seo briste agat nó
briste arís agus arís eile agat.

iv. dlíthe infheidhme a bhaineann le do Chuntas Reatha a
bheith á gcomhlíonadh againn; nó

v. cailliúint nó truailliú sonraí a bhaineann le do Chuntas
Reatha (seachas i gcás gur loiceadh toiliúil nó faillí dár
gcuid é)

vi. úsáid aon fhaisnéise atá curtha ar fáil agat do AISP;
ní thugann An Post aon dearbhú go nglacfaidh aon
cheannaí ar leith le Cárta Cuntais Reatha An Post
Money.

3. Mura n-éilíonn an dlí a mhalairt nó mura bhfuil sé leagtha
amach sa Chomhaontú seo, ní bheimid faoi dhliteanas
duit i ndáil le haon damáiste indíreach, teagmhasach,
iarmhartach, pionósach nó speisialta a eascraíonn as, nó a
bhaineann leis, an gComhaontú seo.

4. Ní bheimid faoi dhliteanas i leith aon chaillteanas a
eascraíonn as nó a bhaineann leis na hearraí nó na seirbhísí
a cheannaíonn tú le do Chárta nó le haon mhodh íocaíochta
eile ó do Chuntas Reatha. Maidir le hearraí agus/nó seirbhísí
ar íocadh astu le do Chárta Cuntais Reatha, ní ghlacann An
Post aon fhreagracht ná dliteanas maidir lena gcáilíocht,
a sábháilteacht, a ndlíthiúlacht, ná aon ghné eile díobh.
Maidir le díospóidí a bhaineann le hidirbhearta a dhéantar
ag baint úsáid as do Chuntas Reatha nó do Chárta, ba chóir
duit iad a shocrú go díreach sa chéad ásc leis an gCeannaí
ábhartha/Miondíoltóir Rannpháirteach.

5. Maidir le híocaíocht a thionscnaíonn PISP, i gcás aon suim a
chuirtear do dhochar do Chuntais Reatha go mícheart mar
gheall ar aon íocaíocht a rinneadh go neamhúdaraithe, go
lochtach, nó nach ndearnadh, nó a rinneadh go mícheart,
déanfaimid an tsuim sin a aisíoc leat láithreach nó ar a
mhéad lá gnó amháin tar éis duit d’iarratas a dhéanamh.

6. Ó am go ham, is féidir go gcuirfí isteach ar do chumas
do Chuntas Reatha a úsáid, e.g. nuair a bhíonn obair
chothabhála ar siúl. Má tharlaíonn sé seo, seans nach
mbeidh tú in ann:

i. cistí a íoc isteach i do Chuntas Reatha; aistriú SEPA a
dhéanamh;

ii. do Chárta a úsáid chun íoc as ceannacháin nó airgead
tirim a fháil ó UMB (más infheidhme);

iii. faisnéis a fháil faoi na cistí atá ar fáil ar do Chuntas
Reatha agus/nó na hidirbhearta a rinne tú le déanaí
agus/nó do Phróca(í).

7. I gcás go bhfuil do Chárta fabhtach, ní bheidh de dhliteanas
orainn ach Cárta nua a sholáthar duit (agus, chun amhras a
sheachaint, ní bheidh tionchar aige seo ar do chuid cistí).

8. I gcás go ndéantar suimeanna a bhaint go mícheart as an
iarmhéid atá ar fáil agat, ní bheidh de dhliteanas orainn ach
an tsuim mhícheart asbhainte a íoc leat nó a aisíoc isteach i
do Chuntas Reatha.

9. I ngach cúinse eile, ní bheidh de dhliteanas orainn ach méid
an iarmhéid cuntais a aisíoc.

13.0 Do cheart chun fuascailte

1. Tá an ceart agat do chistí a fhuascailt i do
Chuntas Reatha An Post Money ag am ar bith. Is féidir leat
é sin a dhéanamh trí iarratas a sheoladh i scríbhinn chuig:

An Post Money, BillPost, Áras na Fiontraíochta, Bóthar na
Ceapaí, Cill Rois, Co. an Chláir, V15 VX23.

14.0 Idirbhearta a bhfuil díospóid ann fúthu

1. Is féidir go mbeifeá i dteideal aisíocaíocht a éileamh i leith
idirbheart a rinneadh le do Chárta sna cásanna seo:

i. níor údaraigh tú an t-idirbheart;

ii. rinne an Ceannaí an t-idirbheart go mícheart agus
cuireadh sinn ar an eolas faoi (de réir chlásal 8
(idirbhearta a údarú));

iii. níor shonraigh an t-idirbheart an tsuim chruinn ag am a
údaraithe agus bhí an tsuim a ghearr an Ceannaí níos
airde ná mar a bheifeá ag súil leis go réasúnach, ag cur
san áireamh gnáthphatrúin chaithimh ar do Chuntas
Reatha nó cúinsí an idirbhirt. (Tabhair faoi deara, áfach,
nach nglacfar le héileamh ar aisíocaíocht ina leithéid
de chúinsí má cuireadh méid an idirbhirt ar do shúile
duit ar a laghad ceithre (4) seachtaine roimh dháta
an idirbhirt nó má dhéantar an t-éileamh breis is ocht
(8) seachtaine tar éis é a bheith curtha do dhochar do
Chuntais Reatha;

iv. tá ceart uathoibríoch agat aisíocaíocht a fháil ar feadh
suas le hocht (8) seachtaine tar éis idirbhirt dochair
dhírigh. Féach clásal 15(g) agus (h);

v. cuireadh ar an eolas sinn faoin idirbheart nach raibh
údaraithe / nach ndearnadh i gceart taobh istigh de thrí
mhí dhéag (13) de dháta dochair an idirbhirt.

2. Má tá aon cheann de na cúinsí thuas i gceist, ba cheart duit
teagmháil a dhéanamh leis an gCeannaí ar dtús, toisc go
mb’fhéidir go mbeadh réiteach níos tapúla ar an scéal dá
bharr. Is féidir leat freisin iarraidh orainn fiosrú a dhéanamh
faoin idirbheart nó faoi aon mhí-úsáid a bhaintear as do
Chuntas Reatha. Faoi réir théarmaí eile an Chomhaontaithe
seo, déanfaimid aisíoc an idirbhirt atá faoi dhíospóid a
phróiseáil láithreach. Is féidir go mbeadh orainn breis eolais
agus cúnaimh a fháil uait chun fiosrúchán den chineál sin a
dhéanamh.

3. Má dhéanaimid idirbheart atá faoi dhíospóid a aisíoc
isteach i do Chuntas Reatha agus go bhfaighimid faisnéis
ina dhiaidh sin a dheimhníonn gurb amhlaidh a d’údaraigh
tú an t-idirbheart agus/nó gur breacadh i do Chuntas
Reatha i gceart é, bainfimid méid an idirbhirt a bhí faoi
dhíospóid as an iarmhéid atá ar fáil (nó, mura leor an
t-iarmhéid atá ar fáil, éileoimid ort an t-easnamh a aisíoc
láithreach).

4. Mairfidh na forálacha sa Chomhaontú seo a thugann an
ceart duit aisíocaíocht a iarraidh tar éis don Chomhaontú
seo teacht chun deiridh.

15.0 Cearta tomhaltóirí i ndáil le dochair
dhíreacha SEPA

Faoi na rialacha croí-scéime um dhochar díreach SEPA agus faoi
rialachán SEPA 260–2012 is féidir leat:

1. Úsáid a bhaint as cuntas singil chun dochar díreach SEPA a
íoc in aon tír SEPA;

2. Ordú do An Post diúltú do dhochar díreach SEPA;

3. Cosc a chur ar fheidhmiú aon dochair dhírigh ar do Chuntas
Reatha;

4. Creidiúnaithe ar féidir leo dochair dhíreacha SEPA a bhailiú
ó do Chuntas Reatha a shonrú;

5. Creidiúnaithe nach féidir leo dochair dhíreacha SEPA a
bhailiú ó do Chuntas Reatha a shonrú;

6. Bailiú dochair dhírigh SEPA a theorannú do mhéid áirithe
agus/nó tréimhse áirithe;

7. Aisíocaíocht a iarraidh i leith aon dochar díreach SEPA
taobh istigh d’ocht (8) seachtaine ón dáta ar ar cuireadh
an dochar díreach SEPA do dhochar do Chuntais Reatha.
Taobh istigh den tréimhse ocht seachtaine aisíocfaimid thú
gan aon cheist a chur;

8. Aisíocaíocht a iarraidh i leith aon dochar díreach SEPA
neamhúdaraithe tar éis ocht (8) seachtaine agus taobh
istigh de thrí mhí dhéag (13) ón dáta ar ar cuireadh an
dochar díreach SEPA do dhochar do Chuntais Reatha.

9. Is féidir leat aisghairm a iarraidh i leith aistriú creidmheasa
SEPA atá glanta ar chúis seachas seoladh dúblach,
fadhbanna teicniúla as a dtagann Aistriú Creidmheasa
SEPA mícheart, agus aistriú creidmheasa SEPA a
tionscnaíodh go calaoiseach. Ní dheimhníonn sé seo go
dtabharfar cistí an aistrithe creidmheasa SEPA bunaidh ar
ais, toisc go mbraitheann aischur cistí ar thoiliú thairbhí an
aistrithe.

16.0 Soláthraithe seirbhíse íocaíochta tríú páirtí

Má roghnaíonn tú údarás a thabhairt do sholáthraithe tríú
páirtí (TPPanna, lena n-áirítear PISPanna agus AISPanna)
rochtain a fháil ar do Chuntas Reatha An Post Money ar líne
chun íocaíochtaí a dhéanamh nó chun faisnéis a fháil faoi
iarmhéideanna i do Chuntas Reatha agus/nó do Chárta:

1. Ní mór duit a dheimhniú go bhfuil aon AISP nó PISP a
ordaíonn tú rialáilte. Tá tú freagrach as toiliú soiléir a
sholáthar d’aon AISP nó PISP.

2. Sula dtoilíonn tú, ní mór duit tú féin a shásamh i dtaca
le méid na rochtana dá bhfuil tú ag toiliú; leis an gcaoi
a n-úsáidfear í; agus leis na daoine a gcuirfear do chuid
faisnéise ar aghaidh chucu. Nílimid freagrach ach oiread as
aon chomhaontú a dhéanann tú le haon AISP nó PISP, agus
ní páirtí sinn ina leithéid de chomhaontú.

3. Ba cheart duit tú féin a chur ar an eolas faoi chearta ar bith
a bhaineann le haistarraingt údaráis ón tríú páirtí sin agus
faoin bpróiseas atá i bhfeidhm acu chun rochtain a bhaint.
Mura mian leat úsáid a bhaint as AISP nó PISP a thuilleadh
ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leo go díreach chun
do chinneadh a chur in iúl dóibh. Bíodh a fhios agat gur féidir
go mbeadh rochtain acu ar do Chuntas Reatha An Post
Money fós mura n-athraíonn tú do shonraí logála isteach. Is
féidir leat é seo a dhéanamh trínár Suíomh Gréasáin.

4. Nuair a cheapann tú PISP, beimid i dteideal brath ar aon
ordú tionscanta íocaíochta a eisíonn an PISP sin amhail
is gurb é d’ordú é. Gníomhóimid dá bhun amhail is gur
sholáthair tú an t-ordú dúinn go díreach.

5. Aon toiliú nó údarás a thugann tú do PISP nó AISP, is
comhaontú é idir tú féin agus é. Ní bheidh aon dliteanas
orainn i leith aon chaillteanais ar chor ar bith a thabhaítear
de thoradh comhaontú ar bith dá leithéid. Nílimid freagrach
i leith úsáid do Chuntais Reatha An Post Money ná faisnéis
a bhaineann le do Chuntas Reatha ná aon AISP nó PISP atá
ceaptha agat. Beidh pé úsáid dá leithéid a bhainfear as do
chuid sonraí pearsanta rialáilte ag an gconradh nó ag an
gcomhaontú idir tú féin agus an soláthraí seirbhíse sin.

6. Ní bheimid in ann ordú íocaíochta a fhaightear uaitse nó
ó PISP ar do shon a aisghairm, mura bhfuil comhaontú
uainne, ón sealbhóir cuntais atá leis an íocaíocht a fháil
agus ó aon soláthraí seirbhíse íocaíochta atá bainteach leis
an idirbheart áirithe sin. Ní dhéanann sé seo dochar d’aon
chearta a d’fhéadfadh a bheith agat i leith aisíocaíochta de
réir an Chomhaontaithe seo.

7. Más comhchuntas é do Chuntas Reatha An Post
Money, is féidir le duine ar bith de chomhshealbhóirí an
chomhchuntais ordú a thabhairt do AISP nó PISP sonraí do
chomhchuntais a rochtain nó íocaíocht a thionscnamh ar
do chomhchuntas. Má fhaighimid iarratas ó AISP nó PISP
do chomhchuntas a rochtain nó íocaíocht a thionscnamh ar
do chomhchuntas, glacfaimid leis amhail is go ndearna an
bheirt agaibh an t-iarratas go díreach nó gur iarr an bheirt
agaibh ar an AISP nó PISP an t-iarratas a dhéanamh thar
ceann na beirte agaibh.

17.0 Athruithe ar an gComhaontú seo

1. Tá an ceart agat cóip den Chomhaontú seo a fháil ar
pháipéar saor in aisce. Déan teagmháil linn ag: An Post
Money, BillPost, Áras na Fiontraíochta, Bóthar na Ceapaí, Cill
Rois, Co. an Chláir, V15 VX23.

2. Is féidir go n-athróimis téarmaí an Chomhaontaithe seo
(lena n-áireofaí, gan teorannú, athruithe ar na táillí reatha
nó táillí nua a thabhairt isteach) trí fhógra a thabhairt duit
i scríbhinn ar ríomhphost, ar ár Suíomh Gréasáin, nó trí
mhodh aontaithe eile ar a laghad dhá (2) mhí sula mbeadh a
leithéid d’athrú le tarlú (nó tréimhse níos giorra má éilíonn nó
má cheadaíonn an dlí é).

3. Beidh na fógraí agus an leagan nuashonraithe den
Chomhaontú seo ar fáil ar ár Suíomh Gréasáin i gcónaí.
Molaimid go seiceálfá ár Suíomh Gréasáin go rialta le
haghaidh a leithéid d’fhógraí agus d’athruithe.

4. Measfar go mbeidh glactha agat le haon fhógra nó le gach
athrú mura ndeir tú linn nach n-aontaíonn tú leis an athrú
sula gcuirtear i bhfeidhm é. I gcás mar sin, caithfimid leis
an bhfógra a thugann tú dúinn mar fhógra gur mian leat
deireadh a chur leis an gComhaontú seo láithreach, agus
aisíocfaimid ansin aon iarmhéid ar do Chuntas Reatha de
réir chlásal 13 (Do cheart chun fuascailte). Ina leithéid de
chás, ní ghearrfar táille aisíocaíochta ort.
 
18.0 Iarmhéideanna cuntais, ráitis chuntais agus
cumarsáid i dtaobh do chuntais

1. Beidh gach cumarsáid i mBéarla mura n-éilíonn Acht na
dTeangacha Oifigiúla, 2003 a mhalairt.

2. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn:
tríd an ríomhphost ag customerservices@anpostmoney.com,
ar an teileafón ag 00 353 (1) 705 8000,
trí scríobh chugainn ag: An Post Money, BillPost, Áras na
Fiontraíochta, Bóthar na Ceapaí, Cill Rois, Co. an Chláir,
V15 VX23.

3. Admhaíonn tú go mb’fhéidir nach mbeadh aon iarmhéid
cuntais a luaitear ar do Chuntas Reatha An Post Money go
hiomlán suas chun dáta, toisc go mb’fhéidir nach mbeadh
iarmhéideanna cuntais leasaithe chun aistrithe dochair nó
sochair a chur san áireamh. Is féidir go mbeadh idirbhearta
neamhimréitithe i d’iarmhéid cuntais, a d’fhéadfaí a leasú i
gcás nach n-íocfaí aon idirbheart dá leithéid.

4. Gheobhaidh tú ráiteas bliantúil saor in aisce i dtaca le
do Chuntas Reatha An Post Money sa phost i mí Eanáir
gach bliain (mura n-iarrann tú ríomhráiteas in áit ráiteas
páipéir). Áireofar leis an ráiteas seo faisnéis a bhaineann
le d’iarmhéid cuntais agus le dochair agus sochair do do
chuntas le 12 mhí anuas. Is féidir ríomhráitis a íoslódáil ónár
dtairseach bhaincéireachta agus ónar n-aip mhóibíleach
agus is féidir iad a rochtain am ar bith. Féach ár suíomh
gréasáin le haghaidh breis eolais ag
anpost.com/currentaccount. Chomh maith leis an ráiteas
bliantúil sa phost, is féidir leat ráiteas sa phost a iarraidh am
ar bith. Tabhair faoi deara go ngearrfaimid táille riaracháin
réasúnach i leith an ráitis breise seo. Féach rannóg na dtáillí
agus na muirear ar ár suíomh gréasáin le haghaidh sonraí
ag anpost.com/currentaccount
19.0 Gearáin

1. Más mian leat gearán a dhéanamh, is féidir leat:
glaoch ar sheirbhísí do chustaiméirí ag 00 353 (1) 705 8000
nó scríobh chuig: Bainisteoir Gearán, An Post Money, BillPost,
Áras na Fiontraíochta, Bóthar na Ceapaí, Cill Rois, Co. an
Chláir, V15 VX23.

Mura bhfuil tú sásta le toradh an ghearáin tá tú i dteideal do
ghearán a chur go dtí An tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais
agus Pinsean ag an seoladh seo:

An tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean,
3ú hUrlár, Teach Lincoln, Plás Lincoln, Baile Átha Cliath 2,
D02 VH29.

Ríomhphost info@fspo.ie
Teileafón 00 353 (1) 567 7000
Suíomh Gréasáin fspo.ie
 
20.0 Cosaint Sonraí

1. Bainfimid úsáid as do chuid faisnéise pearsanta:
 
i. chun do Chuntas Reatha An Post Money a bhainistiú
agus na seirbhísí a bhfuil cur síos orthu sa Chomhaontú
seo a sholáthar, lena n-áirítear teachtaireachtaí
seirbhíse a sheoladh chugat i dtaca le do Chuntas
Reatha An Post Money;
 
ii. chun ár n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh, lena
n-áirítear ár n-oibleagáidí faoi reachtaíocht frithsciúrtha
airgid;
 
iii. chun críocha margaíochta (i gcás gur thoiligh tú, nó
go bhfuil cead againn taobh amuigh de sin agus nach
bhfuil curtha agat ina choinne); agus
 
iv. chun críocha eile faoi mar atá leagtha amach inár
mbeartas cosanta sonraí nó a bhféadfadh toiliú a
bheith tugtha agat ina leith.
 
2. Láimhseálfaimid do chuid faisnéise pearsanta de réir ár
mbeartais cosanta sonraí. Tá ár mbeartas cosanta sonraí
leagtha amach ar ár Suíomh Gréasáin ag
anpost.com/currentaccount/privacy
 
Tá sonraí ann faoin bhfaisnéis phearsanta a bhailímid, conas a
úsáidfear í, agus cé dó a dtugaimid í.
 
Ba cheart ceist nó gearán ar bith faoin úsáid a bhainimid as an
bhfaisnéis phearsanta agus/nó i dtaobh fheidhmiú do chuid
ceart mar dhuine a sheoladh chuig:
 
An Oifig um Príobháideachas Sonraí, An Post, Ard-Oifig an Phoist,
Sráid Uí Chonaill Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2
nó chuig
privacyoffice@anpost.ie
 
21.0 Sannadh
 
1. Is féidir go ndéanfaimis an Comhaontú seo a shannadh
d’eintiteas eile, a bhfuil na ceadúnais chuí nó an t-údarás
dlíthiúil acu na hoibleagáidí faoi mar atá tugtha sa
Chomhaontú seo a chomhlíonadh, ag am ar bith, má
thugaimid fógra dhá mhí duit ina leith. Má dhéanaimid é
seo, ní chuirfidh sé isteach ar do chearta.
 
2. Beidh tú i dteideal an Comhaontú seo a fhoirceannadh
láithreach roimh an dáta a bhí beartaithe don sannadh,
agus sa chás sin beidh feidhm ag riachtanais chlásal 9
(Foirceannadh, éag agus cealú).
 
22.0 Inscoiteacht
Má tá aon chlásail nó codanna de chlásail neamhéifeachtach,
ní chuirfidh sé sin isteach ar éifeachtacht an chuid eile den
Chomhaontú seo.
 
23.0 Dlí rialaithe agus dlínse
Tá an Comhaontú seo rialaithe ag dlíthe na hÉireann agus faoi
réir dhlínse eisiach chúirteanna na hÉireann.
 
Aguisín: Téarmaí & Coinníollacha
Chuntais Money Mate An Post
 
Tá feidhm ag na téarmaí agus na coinníollacha san aguisín seo
(na “Téarmaí”seo) idir tú féin agus An Post sa chás go n-osclaíonn
tú Cuntas Reatha Money Mate An Post (“Cuntas Óige”) mar
thuismitheoir nó mar chaomhnóir agus ar mhaithe le leanbh (“do
leanbh”).
 
Míníonn na Téarmaí seo na saintéarmaí agus na
sainchoinníollacha le haghaidh Cuntas Óige a úsáid agus a
oibriú. Más sealbhóir Cuntais Reatha An Post Money tú, tá na
Téarmaí seo forlíontach do do Chomhaontú le An Post (“do
Chomhaontú”) le haghaidh do Chuntas Reatha An Post Money
(“do Chuntas Reatha”). Má tá aon neamhréireacht nó débhríocht
idir na Téarmaí seo agus do Chomhaontú, beidh feidhm ag na
Téarmaí seo i ndáil leis an gCuntas Óige. Ach ní athraíonn ná ní
leasaíonn na Téarmaí seo do Chomhaontú i ndáil le húsáid do
Chuntais Reatha, más sealbhóir cuntais den chineál sin tú.
Mura bhfuil Cuntas Reatha An Post Money agat, leagann an
t-aguisín seo amach an comhaontú iomlán idir tú féin agus
An Post i ndáil leis an gCuntas Óige. Tabhair faoi deara go
n-áirítear leis seo roinnt téarmaí ó Théarmaí agus Coinníollacha
Chuntas Reatha An Post Money, na cinn atá sonraithe i gclásal
9 de na Téarmaí seo san áireamh. Ba cheart a thuiscint go
dtagraíonn “do Chomhaontú” do na Téarmaí seo chomh maith
le Téarmaí agus Coinníollacha Chuntas Reatha An Post Money
a shainaithnítear sna Téarmaí seo. Ní mór duit na téarmaí
infheidhme ar fad a léamh go cúramach.
 
Níl rud ar bith sna Téarmaí seo nó sa Chomhaontú a chruthaíonn
conradh idir An Post agus do leanbh, agus tá tú go hiomlán
freagrach as tú féin, agus do leanbh cloí leis na Téarmaí seo.
Caithfear le haon úsáid nó mí-úsáid a bhaineann do leanbh as
an gCuntas Óige nó as an gCárta Cuntais Óige a ghabhann
leis amhail is gur gníomh nó faillí de do chuid féin a bhí ann
(d’áireofaí íocaíocht a údarú, mar shampla). Ní mór duit na
Téarmaí seo a léamh go cúramach. Trí Chuntas Óige a oscailt
nó a úsáid, tá tú ag aontú leis na Téarmaí seo.
 
Téarmaí Mínithe
 
Beidh ag focail agus ag abairtí atá sainithe i do Chomhaontú
an bhrí chéanna sna Téarmaí seo, seachas sa chás go luaimid a
mhalairt go sainráite.
 
Ciallaíonn Cárta Cuntais Óige an Cárta Dochair Mastercard de
chuid Chuntas Money Mate An Post arna eisiúint do do leanbh le
húsáid maidir lena Chuntas Óige.
 
Ciallaíonn Próca an fheidhmiúlacht a chuirtear ar fáil mar chuid
den Chuntas Óige a ligeann duit iarmhéid áirithe a chur in iúl
mar iarmhéid atá scartha ó phríomhiarmhéid an Chuntais Óige
(cé gur cuid fós é den iarmhéid foriomlán sa Chuntas Óige chun
críocha teicniúla agus dlíthiúla).
 
Tagraíonn tú, sibh agus do, bhur don duine a osclaíonn an
Cuntas Óige.
 
  1. An Cuntas Óige

1. Is cuntas reatha é an Cuntas Óige a chuirtear ar fáil le
húsáid ag do leanbh, lena ngabhann BIC agus IBAN
tiomnaithe agus ag a bhfuil Cárta Cuntais Óige agus Prócaí
gaolmhara. Ní thuillfear aon ús ar chistí a chuirtear do
shochar an Chuntais Óige agus Próca(í). Coinníonn An Post
gach airgead a mhalartaítear don Chuntas Óige i gcuntas
bainc le hinstitiúidí údaraithe creidmheasa, nó i sócmhainní
atá faofa ag Banc Ceannais na hÉireann, atá deighilte agus
leithscartha ó shócmhainní An Post.
 
2. Ní fhéadfaidh tú ach Cuntas Óige amháin aonair a oscailt
le haghaidh gach duine de do chuid leanaí. Ní cheadaítear
cúpla cuntas le haghaidh aon duine amháin. Tá feidhm ag
na Téarmaí ar leithleach maidir le gach Cuntas Óige atá
oscailte agat.
 
3. Ní féidir Cuntas Óige a aistriú chuig aon duine eile. Ní
fhéadfaidh ach amháin tú féin agus do leanbh é a úsáid. Ní
cheadaítear duit féin ná do do leanbh an Cuntas Óige a
úsáid chun críocha gnó nó tráchtála.
 
4. Ní chuirtear saoráid rótharraingte ar fáil leis an gCuntas
Óige agus ní thugtar creidmheas leis.
 
5. Ní cárta creidmheasa é an Cárta Cuntais Óige. Is sealúchas
de chuid An Post é an Cárta Cuntais Óige i gcónaí agus ní
mór é a thabhairt ar ais dúinn ar iarratas uainne.
 
6. Ligeann an Cuntas Óige duit feidhmiúlacht áirithe a
chumasú agus/nó rialuithe a leagan síos maidir lena
úsáid, lena n-áirítear srianta ar an gcaoi ar féidir é a úsáid.
D’fhéadfadh sé go gcaithfeá rialuithe a leagan síos trí do
Chuntas Reatha freisin chun roinnt feidhmeanna a chumasú.
Tá sonraí maidir leis na feidhmeanna, rialuithe agus srianta
roghnacha ar fáil ar anpost.com/currentaccount . Tá tusa
freagrach as na feidhmeanna, rialuithe agus srianta sin a
leagan síos agus iad a fhaire. Is féidir leat feidhmeanna
roghnacha a chumasú agus na rialuithe agus srianta sin a
shocrú leis an aip.

2.0 Iarratas agus gníomhachtú a dhéanamh
ar an gCuntas Óige
 
1. Chun iarratas a dhéanamh ar an gCuntas Óige:
 
i. ní mór do do leanbh a bheith idir 7 mbliana agus 15
bliana agus 6 mhí d’aois

ii. ní mór gur tusa an tuismitheoir nó an caomhnóir dlíthiúil

iii. ní mór duit do Chuntas Reatha féin a bheith agat le
An Post (mura gceadaítear a mhalairt i gcomhréir le
clásal 9(a), agus ní mór gur cuntas aonair é agus ní
comhchuntas

iv. ní mór cónaí a bheith ort féin agus ar do leanbh i
bPoblacht na hÉireann.

2. Iarrfaimid fianaise a fheiceáil maidir le cé thú féin agus
do sheoladh. Iarrfaimid breis fianaise dhoiciméadach
i gcásanna áirithe agus/nó is féidir go ndéanfaimis
seiceálacha ort féin agus ar do leanbh. Trí iarratas
a dhéanamh ar an gCuntas Óige tá tú ag toiliú go
dtabharfar do chuid faisnéise agus faisnéis do linbh
do na gníomhaireachtaí ábhartha chun na críche seo.
Nuair a dhéanaimid seiceálacha leictreonacha, is
féidir go ndéanfaí faisnéis phearsanta atá soláthartha
agatsa a roinnt le páirtithe eile a d’fhéadfadh taifead a
choinneáil den fhaisnéis sin.

3. Ní dhéantar seiceáil chreidmheasa agus ní chuirfear
isteach ar do rátáil chreidmheasa ná ar rátáil
chreidmheasa do linbh.

4. Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar Chuntas Óige
go digiteach tríd an aip nó trí aon mhodh eile a
chuirfidh An Post ar fáil duit. Gheobhaidh tú pacáiste
fáilte tríd an bpost ina mbeidh an Cárta Cuntais
Óige. Beidh treoracha duit féin agus do do leanbh sa
phacáiste fáilte. Gheobhaidh tú ríomhphost freisin ina
ndeimhneofar go bhfuil an Cuntas Óige oscailte.

5. Chun an Cárta Cuntais Óige a ghníomhachtú agus
cuntas ar líne do linbh a chlárú, ní mór duit na
treoracha sa litir fáilte agus/nó sa ríomhphost a
leanúint. Ní féidir leat féin ná do leanbh an Cuntas Óige
ná an Cárta Cuntais Óige a úsáid go dtí go mbeidh sé
sin déanta.

6. Chun an Cuntas Óige a ghníomhachtú ar líne, caithfidh
do leanbh an aip a íoslódáil ar ghléas ar leithligh
(táibléad nó teileafón) ón gceann a úsáideann tú don
aip, agus na treoracha ar an aip a leanúint.

7. Ní bheidh do leanbh in ann dul isteach sa Chuntas Óige
ach tríd an aip amháin, agus ní bheidh rochtain aige
ar an gCuntas Óige ón Suíomh gréasáin. Ná ní bheidh
cead ag do leanbh TPP a údarú ach an oiread chun an
Cuntas Óige a rochtain. Beidh tú in ann an fhaisnéis ar
fad maidir leis an gCuntas Óige a fheiceáil tríd an aip
ar do ghléas féin.
 
3.0 Táillí

1. Tá liosta iomlán táillí ar fáil ag
anpost.com/currentaccount nó ar iarratas ag Oifigí
Poist. Tá sonraí na dtáillí a ghearrtar díreach ar an
gCuntas Óige ar fáil ar anpost.com/currentaccount.
Tógfar na táillí eile ar fad a bheidh iníoctha i leith an
Chuntais Óige ó do Chuntas Reatha nuair a bheidh siad
dlite. Mura bhfuil Cuntas Reatha agat, asbhainfear na
táillí, nuair a bheidh siad dlite, ó iarmhéid an mhéid a
d’aistrigh tú chuig an aip, tar éis duit cistí a thaisceadh
chuig an gCuntas Óige (“iarmhéid ar d’aip”). Mura leor
an iarmhéid i do Chuntas Reatha nó ar d’aip chun na
táillí a chumhdach nuair a bhíonn an íocaíocht dlite,
asbhainfear na táillí ábhartha a luaithe is a bheidh cistí
curtha agat le hiarmhéid do Chuntais Reatha nó ar an
aip. Mura bhfuil cistí san iarmhéid i do Chuntas Reatha
nó ar d’aip, coimeádann An Post an ceart chuige féin
aon táillí atá gan íoc agus a bheidh iníoctha ar an
gCuntas Óige a thógáil as an gCuntas Óige.

4.0 Airgead a íoc isteach sa Chuntas Óige

1. Féadfaidh tú féin nó do leanbh cistí a thaisceadh
isteach sa Chuntas Óige.

2. Is féidir cistí a thaisceadh isteach sa Chuntas Óige:

i. ag aon oifig poist i bPoblacht na hÉireann; nó

ii. trí aistriú ón gCuntas An Post atá nasctha agat,
tríd an aip.

Coimeádann An Post an ceart chuige féin roghanna nua
a thabhairt isteach i ndáil leis an gCuntas Óige a chistiú
agus na roghanna reatha a bhaint, de réir mar is gá.
Mura bhfuil roghanna cistithe clúdaithe cheana féin sna
Téarmaí seo, cuirfear ar an eolas tú faoi na hathruithe seo
(na coinníollacha agus na táillí infheidhme san áireamh).
Tabharfar fógra maidir leis na hathruithe i gcomhréir le
clásal 17 (Athruithe ar an gcomhaontú seo) de Théarmaí
agus Coinníollacha Chuntas Reatha An Post Money.

3. Tá feidhm ag teorainneacha éagsúla maidir le hoibriú
an Chuntais Óige agus Chárta an Chuntais Óige.
Baineann siad seo le luach agus líon na n-idirbheart
a bhfuil cead agat féin agus ag do leanbh iad a chur
i gcrích, agus áirítear leo uasluachanna laethúla
do thaiscí agus aistarraingtí airgid thirim ag Oifigí
Poist, lena n-áirítear uasmhéideanna a fhéadfar
a shealbhú i gCuntas Óige ag aon tráth — féach
anpost.com/currentaccount chun breis eolais a fháil
faoi na teorainneacha sin. Coimeádaimid an ceart
diúltú glacadh le haon idirbheart den sórt sin faoinár
lánrogha féin.
 
4. Tabhair faoi deara, go mbeidh do chuid cistí ar fáil lena
n-úsáid gan mhoill nuair a fhaighimid iad, murar roghnaigh
tú féin nó do leanbh go gcuirfí cuid de na cistí isteach i
bPróca(í). Déanfar lóisteálacha seic a chur do shochar tar
éis 10 lá oibre. Féach clásal 5 de na Téarmaí seo (An Cárta
Cuntais Óige a Úsáid) chun breis eolais a fháil.

5.0 An Cuntas Óige agus an Cárta a Úsáid

1. Is féidir an Cárta Cuntais Óige a úsáid ag aon Oifig Poist
i bPoblacht na hÉireann chun airgead a thaisceadh, a
aistarraingt, nó an iarmhéid ar an gCuntas Óige a sheiceáil.
Glactar le Cárta Cuntais Óige ar fud an domhain pé áit
a nglactar le Mastercard. Is féidir an Cárta Cuntais Óige
a úsáid ag aon UMB, POS nó suíomh gréasáin ar líne a
thaispeánann marcanna inghlacthachta Mastercard®,
Maestro®, agus/nó Cirrus®. Ní cheadaíonn An Post úsáid na
gCártaí Cuntais Óige ag Ceannaithe a bhfuil cód ‘MCC’ acu
ar chinn An Post faoina lánrogha é a bheith mí-oiriúnach
do leanaí; mar sin féin, níl An Post freagrach as maoirseacht
a dhéanamh ar na Ceannaithe a bhfuil do leanbh in ann
idirbheart a dhéanamh leo ná é sin a shrianadh.

2. Ní bheidh tú féin agus do leanbh in ann an Cárta Cuntais
Óige a úsáid tar éis a dháta éaga. Gheobhaidh tú Cárta nua
Cuntais Óige tríd an bpost roimh aon dáta éaga.

3. Is le An Post an Cárta Cuntais Óige agus cuirtear ar fáil
duit é ar mhaithe le do leanbh. Is féidir go ndéanfaidh An
Post do Chárta Cuntais Óige a chur ar fionraí, a theorannú,
a athsholáthar nó a chur ar ceal, nó diúltú d’eisiúint nó
d’atheisiúint an Chárta Cuntais Óige ar chúiseanna éagsúla,
lena n-áirítear iad seo a leanas ach gan bheith teoranta
dóibh:

i. má tá cúis réasúnach againn a bheith imníoch faoi
shlándáil an Chuntais Óige nó an Chárta Cuntais Óige;

ii. má tá amhras réasúnach orainn go bhfuil do Chuntas
Óige nó an Cárta Cuntais Óige á úsáid ar bhealach
neamhúdaraithe nó calaoiseach;

iii. má bhriseann tú cuid thábhachtach de na Téarmaí seo,
nó má bhriseann tú aon cheann de na Téarmaí seo arís
agus arís eile agus mura réitíonn tú an scéal ar bhonn
caoithiúil;

iv. más gá dúinn é sin a dhéanamh chun cloí leis an dlí; nó

v. mura bhfuil cónaí ort féin ná ar do leanbh i bPoblacht na
hÉireann.

4. Má thógaimid aon cheann de na céimeanna dá dtagraítear
i gclásal 5(c), cuirfimid ar an eolas tú chomh luath agus is
féidir (nó nuair a cheadófar dúinn a leithéid a dhéanamh) tar
éis dúinn na céimeanna seo a thógáil. Is féidir go n-iarrfaimis
ort éirí as do Chárta Cuntais Óige a úsáid agus é a chur ar
ais chugainn nó a scriosadh. Cuirfimid Cárta Cuntais Óige
ionaid ar fáil duit, tar éis breis fiosrúcháin, má chreidimid
nach mbaineann na cúinsí atá leagtha amach i gclásal 5(c)
le hábhar a thuilleadh.

5. Tabhair faoi deara nach féidir cistí a leithdháiltear ar
do Phróca(í) ar an gCuntas Óige a rochtain le haghaidh
idirbheart ag aon oifig poist, UMB, POS nó le rudaí a
cheannach ar líne. Is féidir cistí a bhogadh ar ais ó do
Phróca(í) isteach sa phríomh-Chuntas Óige trí úsáid a bhaint
as an aip. Chomh luath is atá athdháileadh cistí curtha i
gcrích, is féidir na cistí a úsáid láithreach ag aon oifig poist,
UMB, POS agus ar líne ar an mbealach a thuairiscítear sna
Téarmaí seo.

6. Is san airgeadra ainmnithe a bheidh gach íocaíocht a
dhéanfar ag baint úsáid as an gCuntas Óige. Má tá tú ag
íoc as earraí agus seirbhísí in airgeadra nach ionann é agus
an t-airgeadra ainmnithe, déanfar an méid atá le híoc a
thiontú ag an ráta tiontaithe airgeadra a bhfuil feidhm aige
ag an am a ndéantar d’idirbheart a phróiseáil. Ina theannta
sin, beidh táille idirbhirt i bhfeidhm le haghaidh aistarraingtí
UMB in airgeadra nach ionann é agus an t-airgeadra
ainmnithe. Féach anpost.com/currentaccount le haghaidh
breis eolais.

7. Bainfimid luach idirbheart íocaíochta a dhéantar leis an
gCárta Cuntais Óige as an iarmhéid i do Chuntas Óige
chomh luath is a dhéantar an t-idirbheart. Bainfimid aon
táillí infheidhme freisin as do Chuntas Reatha, nó ón aip
mura bhfuil Cuntas Reatha agat, chomh luath is a bheidh
siad le híoc agat (faoi réir chlásal 4). Féach
anpost.com/currentaccount le haghaidh breis eolais.

8. Is féidir go ndiúltóimis idirbheart a phróiseáil nó a onórú:

i. má táimid amhrasach go bhfuil an Cuntas Óige
nó an Cárta Cuntais Óige á úsáid ar bhealach
neamhúdaraithe nó calaoiseach;

ii. mura bhfuil dóthain airgid íoctha isteach sa Chuntas
Óige ag an am cuí chun méid an idirbhirt agus aon táillí
infheidhme a chlúdach; nó

iii. má chreidimid go mbrisfidh idirbheart an dlí.

9. I gcás chlásal 5(h)(i) thuas, cuirfimid ar an eolas tú
chomh luath agus is féidir (ach amháin dá mbeadh sé
neamhphraiticiúil nó mídhleathach dúinn a leithéid
a dhéanamh). Is féidir leat ceartú a dhéanamh ar aon
fhaisnéis a choimeádaimid (agus/nó a bhféadfadh
sé gurbh é faoi deara dúinn idirbheart a dhiúltú) trí
theagmháil a dhéanamh le Seirbhísí do Chustaiméirí ag
customerservices@anpostmoney.com nó glaoch ar
00 353 (1) 705 8000
 
10. Mar atá le gach cárta íocaíochta, ní féidir linn a ráthú go
nglacfaidh gach Ceannaí an Cárta Cuntais Óige. Tabhair
faoi deara go mbíonn ar gach Ceannaí a sheiceáil go
bhfuil d’Iarmhéid Infhaighte leordhóthanach chun méid an
idirbhirt a chlúdach.

11. Is féidir leat féin agus le do leanbh an iarmhéid infhaighte a
sheiceáil ar an gCuntas Óige:

i. ag aon Oifig Poist i bPoblacht na hÉireann (ag úsáid an
Chárta Cuntais Óige);

ii. ar do/a fón póca tríd an aip; nó

iii. trí ghlaoch ar ár n-uimhir um Sheirbhís do Chustaiméirí
00 353 (1) 705 8000 (ní bheidh an rogha sin ar fáil do do
leanbh).

12. Níl an fheidhmiúlacht maidir le dochar díreach, íocaíocht
SEPA agus airgead tirim éigeandála ar fáil ar an gCuntas
Óige. Ba cheart duit caitheamh le do Chárta Cuntais Óige
amhail is gur airgead tirim atá ann. Áirítear leis sin an
Cuntas Óige a choinneáil sábháilte agus gan ligean d’aon
duine seachas tú féin agus do leanbh é a úsáid, agus UAP
an Chárta Cuntais Óige a choinneáil faoi rún agus gan é a
insint d’aon duine eile. Ní mór duit féin agus do do leanbh
sonraí slándála an Chuntais Óige a choinneáil sábháilte
freisin agus gan iad a insint d’aon duine eile. Tá feidhm
iomlán le forálacha Théarmaí agus Coinníollacha Chuntas
Reatha An Post Money a bhaineann le slándáil maidir leis
an gCuntas Óige agus an Cárta Cuntais Óige.

13. Má chailltear nó mar ghoidtear an Cárta Cuntais Óige,
déan teagmháil láithreach lenár seirbhísí do chustaiméirí ar
1800 267678. Tá an uimhir ar fáil 24/7/365.

6.0 Foirceannadh, éag agus cealú

1. Tá ceart agat do Chuntas Óige a dhúnadh ag am ar bith
gan fógra a thabhairt. Is féidir leat é sin a dhéanamh trí
scríobh chugainn ag: An Post Money, BillPost, Áras na
Fiontraíochta, Bóthar na Ceapaí, Cill Rois, Co. an Chláir,
V15 VX23. Má dhúntar an Cuntas Óige nó má rinne tú
foirceannadh ar na Téarmaí sin, blocálfaimid láithreach an
Cuntas Óige agus aon Chártaí Cuntais Óige gaolmhara
ionas nach féidir iad a úsáid. Déanfar aon chistí a fhanfaidh
sa Chuntas Óige a íoc ar ais i do Chuntas Reatha, nó ar an
aip mura bhfuil Cuntas Reatha agat.

2. Is féidir linn na Téarmaí seo agus an Cuntas Óige a
fhoirceannadh ar chúis ar bith trí fhógra dhá (2) mhí ar a
laghad a thabhairt duit.
 
3. Is féidir linn na Téarmaí seo agus an Cuntas Óige a
fhoirceannadh láithreach (agus cuirfimid ar an eolas tú
chomh luath agus is féidir) sna cúinsí seo a leanas:

i. má bhriseann tú cuid thábhachtach de na Téarmaí seo,
nó má bhriseann tú aon cheann de na Téarmaí seo arís
agus arís eile agus mura réitíonn tú an scéal gan mhoill;

ii. má iompraíonn tú thú féin ar bhealach bagrach
nó maslach dár bhfoireann, nó d’aon duine dár
n-ionadaithe;

iii. má theipeann ort táillí atá tabhaithe agat a íoc nó má
theipeann ort aon easnamh a chúiteamh (féach
anpost.com/currentaccount agus clásal 8 (Idirbhearta a
údarú) de Théarmaí agus Coinníollacha Chuntas Reatha
An Post Money);

iv. más gá dúinn é sin a dhéanamh chun cloí leis an dlí; nó

v. mura bhfuil cónaí ort féin ná ar do leanbh i bPoblacht na
hÉireann.

Chun amhras a sheachaint, tiocfaidh deireadh leis an
gComhaontú seo láithreach sa chás go bhfaighidh do
leanbh bás.

4. Ar an dáta a sroichfidh do leanbh 16 bliana d’aois, ní
bheidh tú in ann faisnéis faoi idirbhearta do linbh ná an
úsáid a bhaineann sé as an gCuntas Óige a rochtain
níos mó gan cead a fháil uaidh. Ón dáta sin ar aghaidh,
féadfaidh do leanbh iarratas a dhéanamh tríd an aip
chun Cuntas Reatha An Post Money (“Cuntas Tiontaithe”) a
dhéanamh den Chuntas Óige, agus beidh sé de rogha ag an
tuismitheoir leanúint ag íoc táille mhíosúil. A luaithe agus
a tharlóidh sé sin, ní bheidh feidhm ag na Téarmaí seo níos
mó maidir leis an gCuntas Tiontaithe, cuntas a bheidh faoi
réir Théarmaí agus Coinníollacha Chuntas Reatha An Post
Money a bheidh infheidhme idir An Post agus do leanbh.
Fanfaidh aon chistí a bheidh sa Chuntas Tiontaithe tráth
an tiontaithe sa Chuntas Tiontaithe agus beidh do leanbh,
mar shealbhóir an chuntais, ina úinéir orthu anois. Mura
ndéanann do leanbh iarratas chun an cuntas a thiontú, nó
cead a thabhairt duit rochtain a bheith agat ar an gcuntas,
reofar an Cuntas Óige Money Mate. Beidh do leanbh fós in
ann an cuntas a dhúnadh agus na cistí a aistarraingt.

5. Mura gcomhaontaímid a mhalairt i scríbhinn, déanfar
na Téarmaí seo agus an Cuntas Óige a fhoirceannadh
láithreach má dhúnann tú do Chuntas Reatha linn
(lena n-áirítear má dhéanaimid do Chuntas Reatha a
fhoirceannadh ar aon chúis).

6. Is féidir go ndúnfaimis do Chuntas Óige agus/nó do
Chárta Cuntais Óige a chur ar fionraí láithreach freisin má
chreidimid go réasúnach go bhfuil sé á úsáid chun calaois
a dhéanamh nó chun críocha neamhdhleathacha eile. Má
dhéanaimid é seo, abróimid leat é chomh luath is a bheidh
sé ceadaithe go dlíthiúil é sin a dhéanamh.
 
7. Tar éis fhoirceannadh an Chomhaontaithe seo (seachas
i gcás an Chuntais Óige a bheith á thiontú agus Cuntas
Tiontaithe a bheith á dhéanamh de), déanfar aon chistí sa
Chuntas Óige, lena n-áirítear cistí nach bhfuil caite go fóill
atá leithdháilte agat féin nó ag do leanbh lena n-úsáid
trí Phróca(í) a bhaineann leis an gcuntas, a chur ar ais i do
Chuntas Reatha, nó san aip mura bhfuil Cuntas Reatha
agat, chomh luath is a bheidh próiseáil déanta ar gach
idirbheart atá tionscanta nó iarrtha agat féin agus nuair
a bheidh na táillí ábhartha próiseáilte. Leagtar amach i
gClásal 7 (Do cheart chun fuascailte), an chaoi a ndéanfar
cistí a chur ar ais agus téarmaí breise a bhaineann le cistí a
thabhairt ar ais nuair a iarrann tú sin.

7.0 Do cheart chun fuascailte

1. Tá an ceart agat na cistí i do Chuntas Óige a fhuascailt
ag am ar bith sula ndéantar é a thiontú go Cuntas
Tiontaithe. Is féidir leat é sin a dhéanamh trí iarratas a
sheoladh i scríbhinn chuig: An Post Money, BillPost, Áras na
Fiontraíochta, Bóthar na Ceapaí, Cill Rois, Co. an Chláir, V15
VX23. Ní bheimid freagrach asat féin ná do leanbh maidir
le haon dliteanas má fhuasclaíonn tú aon chistí gan aon
chead is gá a fháil ó do leanbh chun é sin a dhéanamh.

8.0 Cosaint sonraí

1. Anuas ar an úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta
maidir le do Chuntas Reatha agus mar a mhínítear i do
Chomhaontú, úsáidfimid do chuid faisnéise pearsanta agus
faisnéis phearsanta do linbh:

i. chun an Cuntas Óige a bhainistiú agus na seirbhísí a
bhfuil cur síos orthu sna Téarmaí seo a sholáthar, lena
n-áirítear teachtaireachtaí seirbhíse a sheoladh chugat
i dtaca leis an gCuntas Óige;

ii. chun ár n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh, lena
n-áirítear ár n-oibleagáidí faoi reachtaíocht frithsciúrtha
airgid; agus

iii. chun críocha eile faoi mar atá leagtha amach inár
mbeartas cosanta sonraí nó a bhféadfadh toiliú a
bheith tugtha agat ina leith.

2. Láimhseálfaimid do chuid faisnéise pearsanta agus faisnéis
phearsanta do linbh de réir ár mbeartais cosanta sonraí.
Tá ár mbeartas cosanta sonraí leagtha amach ar ár
Suíomh Gréasáin ag: anpost.com/currentaccount/privacy.
Tá sonraí ann faoin bhfaisnéis phearsanta a bhailímid,
conas a úsáidfear í, agus cé dó a dtugaimid í. Ba cheart aon
fhiosrúcháin nó gearáin maidir leis an úsáid a bhainimid as
do shonraí pearsanta agus / nó feidhmiú do chearta aonair
agus sonraí pearsanta agus feidhmiú chearta do linbh a
sheoladh chuig:
 
An Oifig um Príobháideachas Sonraí, An Post, Ard-Oifig an
Phoist, Sráid Uí Chonaill Íochtarach, Baile Átha Cliath 1,
D01 F5P2
 
nó trí

privacyoffice@anpost.ie
anpost.com/currentaccount

9.0 Forálacha eile
1. Anuas ar na Téarmaí seo, clásal 6 (Cainéil leictreonacha),
clásal 8 (Idirbhearta a údarú), clásal 10 (Do Chuntas
Reatha a choinneáil slán), clásal 12 (Ár ndliteanas), clásal
13 (Do dhliteanas), clásal 14 (Idirbhearta a bhfuil díospóidí
fúthu), clásal 17 (Athruithe ar an gcomhaontú seo), clásal
16 (Soláthraithe seirbhísí íocaíochta tríú páirtí), clásal 18
(Iarmhéideanna cuntais, ráitis chuntais agus cumarsáid i
dtaobh do chuntais), clásal 19 (Gearáin), clásal 21 (Sannadh),
clásal 22 (Inscoiteacht) agus clásal 23 (Dlí rialaithe agus
dlínse) de:

i. do Chomhaontú; nó
ii. i gcás ina gceadaíonn An post do thuismitheoir nó do
chaomhnóirí nach bhfuil Cuntas Reatha acu le An Post
Cuntais Óige a oscailt, beidh feidhm iomlán ag téarmaí
agus coinníollacha Chuntas Reatha An Post Money,
maidir le húsáid agus oibriú an Chuntais Óige agus
déanfar iad a ionchorprú isteach sna Téarmaí seo; ar
choinníoll áfach go ndéanfar tagairtí sna clásail sin do
Chuntas(ais) Reatha nó do Chárta(í) i gcás Cuntais Óige
mar thagairtí do Chuntas(ais) Óige nó Cárta(í) Cuntais
Óige.

2. I gcás ina gceadaíonn An Post do thuismitheoir nó do
chaomhnóirí Cuntais nach bhfuil Cuntas Reatha acu le An
Post Cuntais Óige a oscailt:

i. ní fhéadfar cistí a thaisceadh ach amháin isteach sa
Chuntas Óige ag aon oifig poist i bPoblacht na hÉireann
nó ó do chuntas tríú páirtí tríd an aip;

ii. féadfar feidhmiúlacht áirithe den Chuntas Óige (lena
n-áirítear feidhmiúlacht a chuirtear ar fáil tríd an aip) a
laghdú agus féadfaidh táillí breise a bheith i bhfeidhm.
Déanfar na táillí uile i gcás den sórt sin a bhaint as an
gCuntas Óige (mar a shonraítear ar
anpost.com/currentaccount) nó as an iarmhéid ar an aip;

iii. más mian leat an Cuntas Óige a dhúnadh, caithfear aon
chistí a bheidh fanta sa Chuntas Óige (chomh luath agus
a bheidh próiseáil déanta ar na hidirbhearta go léir a
bheidh tionscanta nó iarrtha agat féin agus a bheidh
na táillí ábhartha uile próiseáilte) a aistarraingt ag oifig
poist An Post, UMB nó iad a fhuascailt mar atá leagtha
amach i gclásal 7 sula ndúnfar an Cuntas; agus

iv. ní bheidh rochtain agat ach amháin ar fhaisnéis a
bhaineann leis an gCuntas Óige trínár n-aip, agus ní
bheidh rochtain ag do leanbh ach amháin trínár n-aip
nó go pearsanta ag oifig poist An Post. Ní bheidh
aon rochtain agat féin ná ag do leanbh trínár Suíomh
gréasáin.
 
anpost.com/currentaccount