Girl thinking

Financial Abuse

Is éard is mí-úsáid airgeadais ann ná nuair a bhíonn smacht ag duine eile ar do chuid airgid gan do thoiliú a bheith acu. D’fhéadfadh sé seo tarlú do dhuine ar bith. Is é an rud is tábhachtaí ná go n-insíonn tú an scéal do dhuine éigin! Is féidir leat cabhair a iarraidh i gcónaí má tá imní ort go bhfuil smacht ag duine éigin ar do chuid airgid gan chead. Má deir tú le ball foirne de chuid An Post go bhfuil imní ort, féadfaimid a bheith in ann rud éigin a dhéanamh chun do chuid airgid a chosaint.
  

Bíonn Mí-úsáid Airgeadais i gceist sna cásanna seo a leanas:


Rinne duine eile cinntí faoi conas do chuid airgid a chaitheamh gan cead a fháil uaitse
D’úsáid duine eile do chuid airgid i ngan fhios duit nó gan cead a fháil uaitse
Chuir duine eile brú ort doiciméid thábhachtacha a shíniú gan tuiscint a bheith agatsa ar na doiciméid sin
Chaith duine eile leat ionas go raibh siad i dteideal do chuid airgid a chaitheamh
Thug duine eile ‘liúntais’ nó ‘buiséid’ duit gan páirt ar bith a bheith agatsa sa chinneadh sin
Conas is féidir linn cabhrú leat?

Má tá mí-úsáid airgeadais ag cur isteach ort, is féidir linn tacú leat. Oibreoimid leat chun réitigh a chruthú a oireann le do chúinsí aonair chun do chuid baincéireachta a dhéanamh sábháilte agus slán, lena n-áirítear:
  

Cártaí, PINanna agus Pasfhocail: 

Is féidir linn oibriú leat lena chinntiú nach bhfuil rochtain ag aon duine eile seachas tú féin ar d’aip agus ar do bhaincéireacht ar líne. Is féidir linn do phasfhocal a athrú agus cabhrú leat tuiscint a fháil ar na céimeanna eile a theastaíonn uait a ghlacadh chun a chinntiú go bhfuil do chuid baincéireachta slán. 

   

Postas: 

Tuigimid go bhféadfadh sé a bheith deacair do phostas a fháil ag do sheoladh baile. Is féidir linn cabhrú leat do ráitis a rochtain ar líne nó do sheoladh a nuashonrú go seoladh níos sláine. 

Céimeanna a ghlacadh chun do chuid airgid a chumhdach: 

Tá treoir úsáideach ag Cónaidhm Baincéireachta & Íocaíochtaí na hÉireann ina bhfuil comhairle maidir le do chuid airgid a chumhdach agus tú féin a chosaint ar mhí-úsáid airgeadais.