Elderly Man

Ag maireachtáil le néaltrú

Tá An Post tiomanta do thacaíocht a thabhairt dóibh siúd a bhfuil néaltrú orthu, ag cinntiú gur féidir leo a neamhspleáchas airgeadais a choinneáil. Aithnímid na dúshláin a bhaineann le cumas a chailleadh agus táimid tiomanta do chúnamh a chur ar fáil a d’fhéadfadh a chabhróidh leat do ghnóthaí airgeadais a bhainistiú. B’fhéidir go bhfuil gá le duine éigin a cheapadh chun cinntí a dhéanamh ar do shon. Nuair atá sé fós ar do chumas do chinntí féin a dhéanamh, labhair le d’aturnae faoi Chumhacht Mharthanach Aturnae. Ní thagann sé seo i bhfeidhm ach amháin nuair a chailleann tú an cumas sin. 

Nuair a thagann an lá nach féidir leat cinntí a dhéanamh a thuilleadh, beidh ar an duine a ghníomhaíonn ar do shon iarratas a dhéanamh chuig na Cúirteanna chun an Chumhacht Mharthanach Aturnae a chur i bhfeidhm. Nuair a bheidh an Chumhacht Mharthanach Aturnae cláraithe, is féidir í a chomhroinnt le An Post agus is féidir linn nóta a chur le do chuntas go bhfuil an duine sin ag gníomhú ar do shon. 

Cuireann na Seirbhísí Tacaíochta Cinnteoireachta tuilleadh eolais ar fáil faoi Chumhacht Mharthanach Aturnae.