Skip to main content

Déan cinnte go bhfuil do phost sábháilte agus tú as baile



As baile agus imní ort faoin bpost ag carnadh sa phóirse? Nó an dteastaíonn uait cosc a chur ar de phost gnó tábhachtach a bheith ag carnadh?

Cuireann MailMinder ar do chumas seachadadh poist chuig do theach nó do ghnó a chur ar fionraí ar feadh suas le 12 sheachtain, cibé an bhfuil tú as baile in Éirinn nó thar lear. Stórálfar do phost go slán agus seachadfar chugat é nuair a fhillfidh tú, le suaimhneas intinne a thabhairt duit.

Ár seirbhís Mailminder:

Tugann aire don phost i seoltaí gnó (PDF, 501.6KB) agus baile(PDF, 731.7KB)
Tugann aire do do phost ar feadh tréimhsí suas le 12 sheachtain
Is féidir seachadadh chuig níos mó ná seoladh amháin a chur ar fionraí


 

Mar a oibríonn sé


Is féidir leat an tseirbhís MailMinder a bhunú trí:

Iarratas a dhéanamh ar líne
Foirm iarratais a íoslódáil agus a phostáil chugainn (PDF, 731.7KB)
Foirm iarratais a phiocadh suas ag d'oifig phoist áitiúil

Is ceart duit d'fhoirm iarratais chomhlánaithe agus do tháille a sheoladh chuig: Aonad Atreoraithe An Post, Ard - Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill Íochtarach, Saorphost, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2.

Tá d'fhoirm iarratais chomhlánaithe agus d'íocaíocht ag teastáil uainn cúig lá oibre ar a laghad roimh an dáta tosaigh.

Beidh ort na sonraí seo a leanas a chur san áireamh:

Na seoltaí is mian leat a chlúdach le MailMinder 
An dáta ar mian leat go dtosóidh MailMinder ag coinneáil do phoist
An dáta ar mian leat tosú ag fáil poist arís
An táille nó na sonraí íocaíochta atá riachtanach 
 

Cad a chosnaíonn sé


Braitheann costas na seirbhíse ar cé chomh fada is a bhíonn do sheachadadh poist ar fionraí. Is féidir leat ceann de na roghanna seo a roghnú:

Tréimhse

Níos lú ná ceithre sheachtain
Ceithre go hocht seachtain
Ocht go 12 seachtain

Seoladh cónaitheach
Seoladh gnó

Glacaimid leis na modhanna íoctha a leanas:

Ordú poist airgid
Cárta creidmheasa nó dochair
Seic
Airgead tirim agus tú ag íoc i d'oifig poist áitiúil

Déantar íocaíocht ar líne le cárta creidmheasa nó dochair amháin.

 

Eolas riachtanach


Cá bhfaighidh mé níos mó amach faoin tseirbhís?

Má tá breis faisnéise uait, nó má tá fadhb agat lenár seirbhís MailMinder, déan teagmháil le Seirbhís Custaiméirí ar 353 (1) 705 7600.

Conas is féidir liom an tseirbhís a chealú?


Más mian leat an tseirbhís a chealú, scríobh chuig: Aonad Atreoraithe An Post, Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill Íochtar, Saorphost, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2

Cad a tharlaíonn má dheinim dearmad ar m'uimhir thagartha MailMinder?


Má dhéanann tú dearmad ar d’uimhir thagartha MailMinder, gliogáil Uimhir Thagartha Caillte ar an bhfoirm Athchuir. Nuair a bhíonn do sheoladh ríomhphoist iontráilte, cuirfear an uimhir thagartha MailMinder is déanaí don seoladh ríomhphoist seo ar aghaidh.
 
You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service