1. Tá rannpháirtíocht i seirbhís DeliveryBox™ á thairiscint againn do gach iarratasóir a shásaíonn na Critéir Cháilitheachta. Tá an rannpháirtíocht faoi réir ag infhaighteacht go docht agus ar bhonn freastal ar an gcéad iarrthóir ar dtús d'iarratasóirí a shásaíonn na Critéir Cháilitheachta.
2. Na Critéir Cháilitheachta
Ní mór duit a bheith 18 mbliana d'aois nó os a chionn
Ní mór d'iarratas sínithe a bheith comhlánaithe go hiomlán agus faighte againn. Ní mór don seoladh poist do d'áit chónaithe/áitreabh a bheith ar aon dul leis an seoladh atá aitheanta Againn mar sheoladh incháilithe don rannpháirtíocht i Seirbhís DeliveryBox™ (Seoladh Poist Incháilithe);
Ní mór duit a bheith údaraithe le hIarratas a dhéanamh maidir le GACH postas a sheoltar chuig GACH duine ag an Seoladh Poist Incháilithe.
3. Mar chúiteamh ar na Critéir Cháilitheachta a bheith comhlíonta Agat, an táille ábhartha a bheith íoctha agus Tú a bheith roghnaithe Againn dár lánrogha féin le bheith rannpháirteach i Seirbhís DeliveryBox™, cuirfear an DeliveryBox™ ar fáil duit agus beidh úinéireacht agat air.
4. Toilíonn tú go mbeidh rochtain Again ar Do DeliveryBox™ i gcónaí le haghaidh gach críche poist lena n-áirítear do DeliveryBox™ a iniúchadh gan a bheith teoranta dó sin, seirbhísí seachadta a sholáthar chuig Do DeliveryBox™ ar son gach poist a sheoltar chuig an Seoladh Poist Incháilithe agus post a bhailiú ó Do DeliveryBox™ ag an am céanna, agus aon chuspóirí gaolmhara eile.
5. Tabharfar dhá eochair duit le haghaidh do DeliveryBox™, a bhainfidh go huathúil le do DeliveryBox™ agus is tusa amháin a bheidh freagrach astu.
6. Tá barrachód uathúil ag Do DeliveryBox™ agus féadfaimid é a scanáil nuair a osclaímíd earra poist agus nuair a dhéanfaimid é a sheachadadh chuig do DeliveryBox™. Níl rochtain ar an mbarrachód ach nuair a bhíonn do DeliveryBox™ ar oscailt. Ní mór Duit aon damáiste nó locht sa bharrachód a chur ar ár súile a luaithe is féidir.
7. Murar féidir leat rochtain a fháil ar do DeliveryBox™ ar aon chúis ní mór Duit teagmháil a dhéanamh linn a luaithe is féidir.
8. Coinníollacha Speisialta agus Eisiaimh
9. Faoi réir ag Coinníoll 9, is féidir Linn gach earra poist a seoltar chuig an Seoladh Incháilithe Poist a sheachadadh chuig Do DeliveryBox™. Ní sheachadfar earraí poist a sheoltar le Post Cláraithe chuig an Seoladh Incháilithe Poist chuig an DeliveryBox™ agus tá siad eisiata ó Sheirbhís DeliveryBox™.
10. Ní féidir DeliveryBox™ a úsáid ach amháin le post sheoltar chuig an Seoladh Incháilithe Poist a sheachadadh. Nuair a bhíonn do DeliveryBox™ lán agus/ nó nuair nach féidir earra poist a fhágáil go sábháilte i DeliveryBox™, nó nach mbíonn rochtain éasca ar fáil ar an DeliveryBox™ agus/ nó má bhogtar an DeliveryBox™ ón láthair inar suiteáladh é, déanfaimid earraí poist a sheachadadh le linn gnáthchúrsa seachadta poist.
11. Cuirfear tús leis an tSeirbhís DeliveryBox™ nuair a thugaimid fógra duit faoi. Ní mór don DeliveryBox™ a bheith inrochtain go réidh Dúinn i gcónaí agus ní mór é a shuiteáil ag Do áit chónaithe/ áitreabh de réir Riachtanais Suiteála DeliveryBox™ a chuirfimid ar fáil duit. Ní mór duit an Cárta Gníomhaíochta DeliveryBox™, a gcuirfear cóip de ar fáil Duit, a shíniú agus a chur ar ais. Mura síníonn tú an Cárta Gníomhaíochta DeliveryBox™, ní dhéanfar gníomhaíochtú ar do Sheirbhís DeliveryBox™ chun tús a chuir le seachadadh uainn.
12. Nuair atá an DeliveryBox™ cláraithe agus gníomhachtaithe ag Seoladh Incháilithe Poist ní féidir é a bhaint amach agus a shuiteáil ag seoladh nua. Má tá tú ag bogadh tí is ceart duit fógra a thabhairt dúinn i scríbhinn ag an seoladh thíos d'fhonn an tseirbhís a chur as feidhm. Is féidir le húinéir nua an tí teagmháil a dhéanamh le An Post leis an DeliveryBox™ a chur i bhfeidhm ina n-ainm féin. Nuair a chuirtear DeliveryBox™ as feidhm déanfaimid seachadadh ar earraí poist le linn gnáth-sheachadadh poist.
13. Má tharlaíonn go ndéantar dochar do do DeliveryBox™ nó má ghoidtear é ní mór duit fógra a thabhairt dúinn i scríbhinn ag an seoladh thíos. Is féidir leat DeliveryBox™ nua a cheannach ar phraghas lascainithe.
14. Má tá an dá eochair don DeliveryBox™ caillte agat is féidir iad a athsholáthar trí Fhoirm Athsholáthair Eochair Úinéara DeliveryBox™ a chomhlánú agus a chur ar ais chugainn leis an táille cuí. Nuair nach mbíonn rochtain ar do DeliveryBox™ agat cuirfear as feidhm é agus déanfar an post go léir a sheachadadh chugat ar an ngnáthshlí. Nuair a bheidh an Fhoirm Athsholáthair Eochair Úinéara DeliveryBox™ agus an táille faighte cuirfear do DeliveryBox™ i bhfeidhm arís agus leanfaidh an tseirbhís ar aghaidh mar is gnáth. Mura mbíonn ach eochair amháin ar iarraidh, ní mór duit an Fhoirm Athsholáthair Eochair Úinéara DeliveryBox™ agus a chur ar ais chugainn leis an táille cuí. Cuirfimid eochair athsholáthair chuig do DeliveryBox™ Leanfaidh an ghnáth-sheirbhís chuig do DeliveryBox™ ar aghaidh.
15. Foirceannadh - Cur as Feidhm - Baint Amach DeliveryBox™
16. Coimeádaimid an ceart dár lánrogha féin an tseirbhís DeliveryBox™ a scor ag am ar bith.
17. Forchoimeádaimid an ceart chun na Téarmaí agus Coinníollacha seo a athrú ag am ar bith trí scríobh Chugat nó trí shraith téarmaí agus coinníollacha nua a fhoilsiú ar www.anpost.com.
18. Más mian leat deireadh a chur le seachadtaí chuig do DeliveryBox™ is ceart duit é sin a dhéanamh i scríbhinn chuig An Post ag an seoladh thíos.
19. Seoladh Poist Ionad Rialaithe Náisiúnta DeliveryBox™, 2B, Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill Íochtaracha, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2.
DLITEANAS AGUS SLÁNAÍOCHT
1. Teorainn ar Dhliteanas: Tá aon dliteanas a bhíonn orainn de bharr caillteanais nó damáiste a eascraíonn as an gcomhaontú seo teoranta do €500. Ní bheimid faoi dhliteanas in aon chás mar gheall ar aon chaillteanas nó damáiste iarmhartach nó indíreach, lena n-áirítear gan teorannú, caillteanas ioncaim, úis, fóntais nó margaidh, cibé caoi a eascraíonn siad maidir le seirbhís DeliveryBox™ agus Do úsáid, úinéireacht, sheilbh nó eile ar DeliveryBox™ Ní chuirfidh aon rud sa chlásal seo teorainn ar Ár ndliteanas i leith báis nó gortú pearsanta a eascraíonn as Ár bhfaillí féin nó faillí ár bhfostaithe, ár ngníomhairí nó ár bhfochonraitheoirí.
2. Tá an comhaontú seo faoi riail ag dlíthe na hÉireann agus faoi réir ag dlínse eisiach na gcúirteanna Éireannacha.
DLÍ AGUS DLÍNSE RIALAITHE
1. Tá an comhaontú seo faoi riail ag dlíthe na hÉireann agus faoi réir ag dlínse eisiach na gcúirteanna Éireannacha.
ILGHNÉITHEACH
1. Nuair is cuideachta theoranta é an t-iarratasóir ní mór don fhoirm seo a bheith sínithe ag Rúnaí na Cuideachta agus Stiúrthóir amháin eile. I gcás comhpháirtíochtaí, tá síniú gach comhpháirtí riachtanach (cuir na sonraí ar bhileog páipéir ar leith, más gá).
2. Déanfaimid teagmháil leat ag an Seoladh Poist Incháilithe agus le ríomhphost nó fón leis na sonraí teagmhála a chuig Tú ar fáil d'fhonn an tSeirbhís Bosca Seachadta a sholáthar agus le tú a chur ar an eolas faoi athruithe sa tSeirbhís nó athruithe a mbeadh tionchar acu ar an tSeirbhís. Gach lá a seachadaimid post chuig Do Delivery Box™ cuirfimid ríomhphost "Tá Post Agat" chuig an seoladh ríomhphost a chuir tú ar fáil dúinn.
3. Nuair is cuideachta theoranta é an t-iarratasóir ní mór don fhoirm seo a bheith sínithe ag Rúnaí na Cuideachta agus Stiúrthóir amháin eile. I gcás comhpháirtíochtaí, tá síniú gach comhpháirtí riachtanach (cuir na sonraí ar bhileog páipéir ar leith, más gá).
4. Forchoimeádaimid an ceart chun cumarsáid a dhéanamh Leat ag seoladh cláraithe na cuideachta (le haghaidh cuideachtaí) nó ag an Seoladh Poist Incháilithe. Toilíonn tú go ndéanfaimid teagmháil leat ag an uimhir teileafóin a soláthraíodh ar D'fhoirm iarratais le haghaidh gach cuspóra lena n-áirítear suirbhéanna a bhaineann le Delivery Box™. Gach lá a seachadaimid post chuig Do Delivery Box™ cuirfimid ríomhphost "Tá Post Agat" chuig an seoladh ríomhphost a chuir tú ar fáil dúinn.
5. Sna téarmaí agus coinníollacha seo ciallaíonn "gnáthchúrsa seachadta poist: seachadadh chuid bosca litreach ag an Seoladh Poist Incháilithe nó nóta "Tá brón orainn gur chaill muid tú" a fhágáil ag do sheoladh.