Hephee agus An Post
Mar chuid dár sraith ‘Grá don Bhosca Poist’ chuamar i bpáirt leis an ealaíontóir Éireannach Stephen Heffernan, nó Hephee mar is fearr aithne air. Tá cáil ar a líníochtaí glice mar gheall ar an gcaoi a léiríonn saol na hÉireann go foirfe. D'iarramar ar Hephee dearadh a chruthú do bhoscaí poist - crainn taca ár bpobal. Taispeánann dearadh Hephee an oiread grá atá ag pléascadh amach as boscaí poist. Lena stíl shainiúil féin, cuireann Hephee in iúl na nathanna ‘Éireannacha’ ar leith a úsáideann daoine agus cártaí á seoladh acu. Chaith muid tamall leis ag caint faoina phróiseas deartha, cad a chronaíonn sé faoi Éirinn agus a lán eile!
Cuir aithne ar Patsy an Bosca Poist
Is é an t-ealaíontóir Éireannach Daniel Mooney, nó Mundo Moo mar is fearr aithne air, a chruthaigh Patsy. Sa bhliain 2021, lainseáil Daniel a chéad réimse de tháirgí léaráidí le díol ar líne. Ó shin i leith, bíonn na horduithe go léir á seoladh ag Daniel ar fud na hÉireann, le cabhair ón bhfostaí is díograisí atá aige, Patsy, agus le cabhair ó An Post.
Féach ar an bhfíseánBoscaí Poist sa Todhchaí
Ar smaoinigh tú riamh faoi céard a bheidh i ndán do bhoscaí poist agus grá a sheoladh? Breathnaigh ar an méid a bhí le rá ag glúin nua de sheoltóirí grá agus na smaointí a bhí acu maidir le hábhar a sheoladh trí bhoscaí poist An Post.
Aistear na litreach
Cineálacha Boscaí Poist
Is é seo an bosca poist is sine in Éirinn
Is é seo an bosca poist is sine atá fós in úsáid in Éirinn! Tá sé os cionn 160 bliain d’aois agus fós in úsáid i Stáisiún an Cheanntaigh, Co. Chorcaí. Féach ar an bhfíseán seo le tuilleadh a fhoghlaim faoin stair.
Ar maos sa stair
Cuid bhunúsach den phobail in Éirinn ó 1922 i leith is ea bosca glas poist An Post, atá ar fáil ar fud na tíre i gcruthanna agus i méideanna éagsúla. Is dócha gur bé an bosca poist sorcóireach, a shamhlaítear le post a sheoladh agus nasc a dhéanamh le daoine muinteartha ar fud na tíre, an ceann is so-aitheanta.
Grianghraf le Stephen Ferguson.
Buanú traidisiún
Is bealach iontach iad na boscaí lampa atá níos sine, a bhíonn le feiceáil ceangailte le cuaillí teileagraif i gceantair tuaithe go minic, le cloí le traidisiún luachmhar na litreacha chuig daoine muinteartha. B’fhéidir go bhfuil sé d’ádh ort go bhfuil bosca litreach annamh séshleasach Penfold in aice leat, rud a dhéanann seoladh an ghrá chuig duine atá tábhachtach duit níos speisialta fós.
Grianghraf le Stephen Ferguson.
Tá sé níos éasca ná riamh grá a sheoladh
B’fhéidir go bhfuil lámh agus focal idir daoine ar d’aithne, nó gur phós siad le déanaí. B’fhéidir go bhfuair siad post nua nó gur cheannaigh siad teach úr. Is bealach foirfe é cárta lámhscríofa nó nóta ón chroí a chur trí do bhosca litreach áitiúil chun fanacht i dteagmháil leo agus a thaispeáint dóibh go bhfuil tú ag smaoineamh orthu. Is féidir aoibhneas a chur ar dhuine éigin tríd an mbosca poist: nach seolfá grá chucu anois?
Ceannaigh Stampaí Ceannaigh Lipéad Poist