Postáil Idirnáisiúnta
Nuair a bhíonn tú ag postáil thar lear, déanfar d'earra a shórtáil ar dtús i gceann dár n-ionaid poist náisiúnta. Cuirfear é ansin san aer nó ar bhóthar chuig seirbhís poist na tíre a bhfuil an t-earra á chuir agat chuici.Má cheannaigh tú seirbhís rianaithe, is féidir leat an t-earra a rianú ar dtús le huirlis Rianaigh agus Aimsigh An Post, ach nuair a bhíonn sé imithe as Éirinn is ceart duit é a rianú ar sheirbhís rianaithe na tíre ceann scríbe.
Pointí tábhachtacha le háireamh agus tú ag seoladh go hIdirnáisiúnta:
Tá tionchar i gcónaí ag srianta agus dianghlasáil áitiúla a bhaineann le Covid ar dháileadh agus ar sheachadadh beartán agus litreacha idirnáisiúnta.Tá géarchéim Covid ag cur isteach go fóill ar líon na n-eitiltí idirnáisiúnta, agus tá teorainn dá réir ar an méid spáis atá ar fáil le haghaidh litreacha agus beartáin idirnáisiúnta. Mar gheall air sin, d'fhéadfadh moill a bheith ar rianú earra ó Iompróirí Poist Idirnáisiúnta a nuashonrú.
Má tá d'earra imithe as Éirinn ach nach féidir é a rianú le d'Iompróir Poist Idirnáisiúnta go fóill, ciallaíonn sé sin go bhfuil d'earra ar a bhealach fós chuig an tír cheann scríbe agus nach bhfuil sé scanta trína Mol Isteach.
Beidh a fhios agat go bhfuil d'earra tugtha don Iompróir Idirnáisiúnta má thaispeánann do rianú gur fhág an t-earra An Post. Is ionann an tIompróir Poist Idirnáisiúnta agus Seirbhís Poist na tíre ar cuireadh an t-earra chuici.
Tá liosta iomlán de Iompróirí Poist Idirnáisiúnta anseo thíos chomh maith le naisc chuig a leathanaigh rianaithe agus seirbhíse do chustaiméirí.