Roghanna seachadta idirnáisiúnta chun post a sheoladh thar lear
An gá duit litir nó beartán a sheoladh thar lear? Cuireann An Post roinnt roghanna seachadta idirnáisiúnta ar fáil lena n-áirítear:
Faigh amach cad iad na seirbhísí postála atá ar fáil don tír atá roghnaithe agat ar ár n-uirlis Déan an Postas a Ríomh , mar a bhfuil eolas faoi na hamanna seachadta a bhfuiltear ag súil leo freisin.
Agus paicéid nó beartáin á seoladh chuig cinn scríbe lasmuigh den Aontas Eorpach, tá dearbhú custaim comhlánaithe ag teastáil, agus tá sé sin ar fáil ó oifig an phoist. Cuireann An Post dhá fhoirm custam ar fáil:
An CP72 le haghaidh beartán nó earraí ar luach os cionn €300
An CN22 le haghaidh gach earra eile
Ní mór Dearbhú Slándála Eitlíochta a cheangal le haon phaicéad nó beartán ina bhfuil earraí á seoladh laistigh den AE, seachas Tuaisceart Éireann, d'fhonn comhlíonadh rialacháin slándála aerlínte a chinntiú.
Faigh tuilleadh eolais faoi riachtanais custam agus doiciméadú custam.
Mearphost Idirnáisiúnta Express Post International:
Is bealach iontaofa, tapa agus éifeachtach ó thaobh costais é chun d'earra a phostáil thar lear.
Seachadann muid chuig raon cinn scríbe idirnáisiúnta lena n-áirítear an Bhreatain Mhór,21 tír ar fud na hEorpa chomh maith leis an Astráil, Ceanada, Iosrael, an Nua-Shéalainn, Singeapór agus SAM. Is meastacháin amháin iad amanna seachadta idirnáisiúnta An Post agus ní ráthaítear iad.
An tairiscint
- Iompraíonn sé litreacha, clúdaigh mhóra nó paicéid a bhfuil meáchan suas le 2kg acu
- Seachadtaí chuig liosta de chinn scríbe idirnáisiúnta
- Rianú ar líne ar d'earra go dtí go ndeimhnítear an seachadadh
Conas a oibríonn sé
- Ceannaigh lipéad barrachód Express Post International ar líne nó in aon oifig phoist.
- Ceangail an lipéad ar aghaidh do mhíre in aice leis an seoladh
- Comhlánaigh an doiciméadú custam cuí le haghaidh earraí idirnáisiúnta
- Déan postas cuí a ríomh agus a chur i bhfeidhm
- Rianaigh a dhul chun cinn ar líne ag baint úsáide as an uimhir uathúil ar an admháil
- Deimhneofar an seachadadh ach ní bheidh síniú ar fáil
Costas
Braitheann costas Express Post International ar mhéid agus ar mheáchan an earra atá á phostáil agat agus ar a cheann scríbe. Seiceáil rátaí idirnáisiúnta An Post le haghaidh sonraí.
Tuilleadh eolais faoinár Seirbhís Cúiréireachta Idirnáisiúnta
Tuilleadh eolais faoi Post Cláraithe Idirnáisiúnta
Rátaí Express Post International
Crios 2
Meáchan | Litir | Clúdach Mór | Paicéad |
100g | €13.50 | €13.50 | €13.50 |
250g | €14.50 | €14.50 | |
500g | €15.50 | €15.50 | |
1 kg | €19.00 | €19.00 | |
1.5kg | €22.00 | ||
2 kg | €22.00 |
Crios 3
Meáchan | Litir | Clúdach Mór | Paicéad |
100g | €14.00 | €14.00 | €14.00 |
250g | €15.00 | €15.00 | €15.00 |
500g | €17.00 | €17.00 | |
1 kg | €20.50 | €20.50 | |
1.5kg | €23.50 | €23.50 | |
2 kg | €23.50 |
Crios 4
Meáchan | Litir | Clúdach Mór | Paicéad |
100g | €17.00 | €17.00 | €17.00 |
250g | €17.00 | €17.00 | |
500g | €17.00 | €17.00 | |
1 kg | €23.50 | ||
1.5kg | €29.50 | ||
2 kg | €35.50 |
Crios 5
Meáchan | Litir | Clúdach Mór | Paicéad |
100g | €18.00 | €18.00 | €18.00 |
250g | €20.50 | €20.50 | |
500g | €25.00 | €25.00 | |
1 kg | €29.50 | ||
1.5kg | €38.50 | ||
2 kg | €47.50 |
Féach ar Sceideal iomlán na dTáillí