Skip to main content

Lá Domhanda na Leabhar á seachadadh ag An PostMan reading with children

Daichead mile cúis le Lá Domhanda na Leabhar a cheiliúradh

Creidimid gur cheart do gach leanbh in Éirinn taitneamh a bhaint as scéal iontach, agus sin é an fáth go bhfuil Lá Domhanda na Leabhar á cheiliúradh againn le bronntanas 40,000 leabhar a sheachadadh chuig leanaí ar fud na hÉireann a bhfuil géarghá acu leo.
 
Dáileadh na leabhair saor in aisce chuig leanaí in ospidéil na hÉireann, chuig ionaid Soláthair Dhírigh, seirbhísí easpa dídine agus chuig pobail an Lucht Siúil, ionas go mbeidh an oiread leanaí agus is féidir in ann sult a bhaint as scéal iontach.
Tá teaghlaigh agus leanaí á spreagadh chomh maith lena ndearbhán €1.50 Lá Domhanda na Leabhar, atá ar fáil i scoileana, in ionaid luathbhlianta, ar irisí leanaí ar líne, agus i siopaí leabhar, a úsáid, 
 
Beidh an lá á cheiliúradh ag scoileanna, leabharlanna agus siopaí leabhar ar fud na tíre le hócáidí ar nós bualadh le húdair agus le healaíontóirí Lá Domhanda na Leabhar

Dúirt Debbie Byrne, Bainisteoir Siúrtha Miondíola An Post:
Tá An Post tiomanta go leanúnach don léitheoireacht agus d’fheabhsú na rátaí litearthachta a chur chun cinn in Éirinn. Creidimid go bhfuil an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht ríthábhachtach maidir le deiseanna an tsaoil a scaoileadh agus cabhrú le gach duine a gcumas a bhaint amach. Tá lúcháir orainn a bheith inár gcomhpháirtí oifigiúil seachadta do Lá Domhanda na Leabhar in Éirinn, ag seachadadh 40,000 leabhar chuig leanaí atá i ngannchuid ar fud na tíre. Trí rochtain shaor a chur ar fáil ar leabhair, táimid ag cabhrú le samhlaíocht a scaoileadh saor, tacú le foghlaim, agus todhchaí gheal a chruthú do gach leanbh, cibé cúinsí ina bhfuil siad.   

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service