Táimid tiomanta do thionchar dearfa a imirt inár bpobail trí dheiseanna laethúla a chruthú chun gnáthrud a dhéanamh den mhaireachtáil inbhuanaithe do chách in Éirinn. In 2021 thugamar tacaíocht do chomhpháirtithe éagsúla chun pobail níos uileghabhálaí a chruthú. Ár mbearta:
- Sheolamar cláir oiriúnaithe oiliúna oideachais dár máistrí poist, ag díriú ar na scileanna atá riachtanach d'oibritheoirí miondíoladh agus do dháileadh an phoist.
- Chuireamar an teideal ‘Mx’ ar fáil mar rogha dár gcustaiméirí Cuntas Reatha agus Cárta Airgeadais
- Leanamar ar aghaidh leis an an tacaíocht do Bhród Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí agus rinneamar ceiliúradh náisiúnta ar an mBród le leabhráin speisialta stampaí. Seoladh grá i bhfad agus i gcéin lenár stampaí Bród agus bhíomar ag obair go dlúth leis an phobal LGBTQ+ agus na stampaí á bpleanáil. Le haghaidh gach ceannach ónár mbailiúchán Bród, thugamar 2.5% den díolachán do na carthanais BeLonG To agus LGBT Ireland agus bhailíomar €33,600 san iomlán.
- Thugamar tacaíocht do BeLonG To le ceardlanna fíorúla a sheachadadh ar ábhair ar nós féiniúlacht agus léiriú inscne, ionchuimsitheacht sa láthair oibre agus ionchuimsiú trans
- Cuireadh dath órga ar bhoscaí poist le tacú lenár ngaiscígh Oilimpeacha agus Parailimpeacha áitiúla, in onóir do Kellie Harrington, Ellen Keane, Katie-George Dunlevy agus Eve McCrystal, agus Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy.