Skip to main content

An chéad eisiúint stampaí in Éirinn ginte le hIntleacht Shaorga nochta ag An Post

26 Meán Fómhair 2024

Sheol An Post inniu /Samhlaigh Éire,bailiúchán uathúil de dhá stampa ghinteacha deartha le hintleacht shaorga faoi stiúir ealaíontóirí agus le criptea-theicneolaíochta á húsáid den chéad uair in Éirinn.

Mar cheiliúradh ar oidhreacht shaibhir shaol na hÉireann, tugann na stampaí is déanaí ó An Post léargas ar thodhchaí fhéideartha atá múnlaithe ag an teicneolaíocht agus ag an nuálaíocht. /Samhlaigh Éire an t-aon eisiúint stampa de chuid An Post atá ar fáil mar stampa traidisiúnta agus mar chriptea-stampa in eagrán teoranta. Tá ár ndomhan agus an chaoi a ndéanaimid cumarsáid agus muid féin a chur in iúl trí ealaín á chlaochlú ag fás agus forbairt na hintleachta seorga, agus tá An Post ag glacadh le teicneolaíochtaí nua i gcónaí, agus is é/Samhlaigh Éirean chéad chineál ealaíne giniúnaí ar stampaí.

I gcomhar leis an Dearthóir agus Ealaíontóir cáiliúil IS Kais Oźmin , a chum a tuiscint aislingeach d’Éirinn shamhalta, tá teorainneacha dearadh stampaí á sárú ag An Post lena stampaí osréalacha criptea agus le healaíontóirí Éireannacha.

Agus é ag trácht ar an gcéad bhailiúchán stampaí ginte le hIntleacht Shaorga de chuid An Post, dúirt Des Morley, Príomhoifigeach Digiteach agus Teicneolaíochta An Post “Tá cleachtas seanbhunaithe againn nuálaíocht a chur i bhfeidhm inár ngnó – sa chás seo, buaileann an nuálaíocht dhigiteach le ceann de na táirgí is traidisiúnta atá againn: stampaí. Leis an eisiúint stampaí seo is féidir athshamhlú cruthaitheach a dhéanamh ar thithíocht agus ar iompar, ag meascadh an gnáthrud leis an fhantasaíocht chun bealaí nua maireachtála a mholadh a bheadh i dtiúin le tírdhreacha nádúrtha na hÉireann.
Mar cheann de na heagraíochtaí is mó a dhéanann coimisiúnú ar ealaín agus ar an dearadh bunaidh in Éirinn lenár stampaí agus ár saothar tráchtála, tá an-áthas orainn a bheith ag obair le Kasia Ozmin chun rud éigin a chruthú atá fíor uathúil agus nuálaíoch .”

Ag labhairt dó ar an dearadh stampaí, deir an Dearthóir agus Ealaíontóir AI KasiaOźminBa chóir go mbeadh áit ag an intleacht shaorga san ealaín mar áis, gan cruthaitheacht an duine a chur as an áireamh. Cuireann sé leis an méid is féidir linn a bhaint amach mar ealaíontóirí, rud a ligeann dúinn iniúchadh a dhéanamh ar ríochtaí nua samhlaíochta agus léirithe nach raibh fáil orthuroimhe sin.
Rinneadh an coincheap atá laistiar de na híomhánna stampaí seo a dhearadh d'aon ghnó dóibh siúd a d'fhéadfadh nach mbeadh taithí acu ar an ealaín ghiniúnach. Ar an gcéad amharc, cuirtear tírdhreacha inaitheanta na hÉireann in iúl, ach ar iniúchadh níos dlúithe, spreagann siad ceisteanna. Mar chuid de mo thaiscéaladh ar ghnáthóga samhailteacha, shamhlaigh mé cumas ceannródaíoch na hintleachta saorga ag meascadh go nádúrtha le tírdhreach aithnidiúil na hÉireann. Léiríonn an domhan samhlaithe seo stíl mhaireachtála a thugann onóir don oidhreacht agus d'fhéidearthachtaí na nithe nach féidir a shamhlú.”

Tugann na Stampa stampaí rátaí náisiúnta 'N’ clóite traidisiúnta (€1.40), a chlúdaíonn postas ar oileán na hÉireann, dúshlán dár ndearcadh ar thithíocht, le réiteach todhchaíoch agus féidearthachtaí nua do lonnaíochta uirbeacha agus tuaithe. Breathnaíonn na stampaí rátaí idirnáisiúnta 'W' (€2.20) le postáil ar fud an domhain ar a bhfuil i ndán don iompar in Éirinn. Tá stampaí ar fáil le ceannach ar líne nó sa siopa ag oifigí poist roghnaithe ón 26úMeán Fómhair 2024.

Mar bhailiúchán le heisiúint theoranta, tá leabhráin leis an gcriptea-stampa ar fáil le ceannach ar líne ag  anpost.com/cryptostamp. Tá gach criptea-stampa nasctha le Comhartha Neamh-Idirmhalartach uathúil (NFT) ar an Blockchain agus a chód PIN uathúil féin aige. Tá praghas €9 ar na leabhráin agus tá stampa traidisiúnta orthu freisin.

Is féidir le bailitheoirí agus díograiseoirí a stampaí digiteacha a éileamh tríd an gcód PIN a scríobadh ó na leabhráin agus ansin treoracha a leanúint maidir le conas na stampaí criptithe a stóráil i sparán digiteach, áit ar féidir na stampaí a bhualadh, a shábháil agus a thrádáil ar líne go dtí deireadh 2027.

 

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service