Skip to main content

Leabhrán Stampaí ‘Ealaín Phoiblí’ eisithe ag An Post

9 Lúnasa 2024

Tá leabhrán stampaí nua eisithe ag An Post le saol bríomhar na healaíne phoiblí in Éirinn a cheiliúradh. Is í aidhm an tsraith stampaí seo mórshaothair le healaíontóirí tábhachtacha a chur i láthair phobail níos mó fós. 
Tá ceithre stampa ráta ’N’ násiúnta sa leabhrán, le clúdach postais ar fud oileáin na hÉireann, atá deartha ag an ngníomhaireacht nuálach dearthóireachta Unthink. Léiríonn na stampaí réimse agus áilleacht na healaíne poiblí ar fud na hÉireann. Tá an leabhrán agus an clúdach an Chéad Lae (FDC) atá deartha go speisialta ar fáil in oifigí poist roghnaithe ar fud na tíre agus ar líne ag www.anpost.com/shop 

Tá ceithre phíosa dealbhóireachta aitheanta ar na stampaí 
  • Perpetual Motion in An Nás, Contae Chill Dara le Remco de Fouw agus Rachel Joynt. 
  • Polestar i Leitir Ceannainn, Contae Dhún na nGall le Locky Morris 
  • Marcaigh agus Capaill, i Mala, Contae Chorcaí le Michael Quane. 
  • Tamhlacht X i mBaile Átha Cliath le Eileen Mac Donagh.
Tá na mílte saothar ealaíne poiblí in Éirinn. Coimisiúnaíodh go leor de na saothair ealaíne seo trí Scéim an Chéatadáin do na hEalaíona, tionscnamh rialtais a bhunaigh oifig na nOibreacha Poiblí i 1978 agus a leathnaíodh ar fud na ranna rialtais go léir i 1997. Leithdháileann an scéim seo suas le haon faoin gcéad de bhuiséid tógála poiblí ar choimisiúin ealaíne. Is minic a chuireann údaráis áitiúla ceanglas i bhforbairtí eile sa réimse poiblí saothar ealaíne coimisiúnaithe a chur san áireamh.   

Agus í ag labhairt ag saothar dealbhóireachta Tamhlacht X, atá suite i gCearnóg na Leabharlainne, dúirt Sinéad O’Reilly, Stiúrthóir na gComhealaíona i gCómhairle Ealaíona na hÉireann, ‘Bíonn an ealaín phoiblí ag freagairt don gcaoi a nascaimid le chéile mar dhaoine agus lenár n-áiteanna agus spásanna poiblí agus ag cur lena luach.'  

‘Is sainchomharthaí aitheanta suntasacha iad cuid de na saothair, agus tá roinnt eile acu níos discréidí mar idirghabhálacha bríocha ar nós ceol nua, leabhair, scannáin agus taibhithe a chruthaíonn ealaíontóirí agus pobail le chéile.  Is iontach an rud é gur roghnaigh An Post roinnt saothar ealaíne poiblí aitheanta a cheiliúradh tríd an mbailiúchán stampaí seo.'

Dúirt Dealbhóir Thamhlachta X, Eileen Mac Donagh, 'Is aitheantas ollmhór é mo dhealbh a bheith ar stampa dom tar éis dom beagnach 40 bliain a chaitheamh leis an dealbhóireacht.'

Ghabh Aileen Mooney, Bainisteoir Deartha Stampaí An Post,  buíochas leis na healaíontóirí a bhfuil a saothar le feiceáil ar an tsraith stampaí, 'Comhghairdeas leis na healaíontóirí a bhí páirteach, tá ríméad orainn a gcuid saothar, a bhfuil an-ghean orthu, a chur ar an tsraith stampaí le téama ealaíne is déanaí atá againn. Is cinnte go mbeidh tóir ag lucht leanta na healaíne ar an eisiúint seo agus ag na pobail ina bhfuil gach ceann de na saothair ar taispeáint go buan.'

 

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service