Tá airgead tirim in uachtar i gcónaí le haghaidh bronntanais Chéad Chomaoineach agus Chóineartaithe - de réir Taighde An Post Money
11 Márta 2025
Agus teaghlaigh ar fud na hÉireann ag ullmhú don Chéad Chomaoineach agus don Chóineartú, tá sé deimhnithe ag taighde nua de chuid An Post Money go bhfuil airgead tirim fós chun tosaigh mar an bronntanas is mó tóir do na hócáidí tábhachtacha seo. Is é airgead tirim an rogha is coitianta fós le haghaidh bronntanais Chéad Chomaoineach agus Chóineartaithe ós rud é go bhfuil sé praiticiúil ach dea-chroíoch.
De réir an tsuirbhé, a rinne Empathy Research, tugann breis is leath (56%) de dhaoine fásta na hÉireann €50 nó níos mó do neacht nó nia ar a gCéad Chomaoineach nó ar a gCóineartú, agus tugann dhá thrian an méid céanna do leanbh báistí. I gcomparáid leis sin, is é €20 an tsuim airgid is coitianta a thugtar do leanaí cairde teaghlaigh, le 42% á roghnú don Chéad Chomaoineach agus 37% don Chóineartú.
Ag labhairt dó ar an éileamh atá ar airgead tirim do na hócáidí seo, dúirt Brendan Moran, Stiúrthóir Dáileacháin – Miondíola ag An Post: “Is ócáidí tábhachtacha i saol an linbh iad an Chéad Chomaoineach agus an Cóineartú, agus is bronntanas luachmhar praiticiúil é airgead tirim i gcónaí, rud a thugann deis do dhaoine airgead a chur i dtaisce chun rud mór a cheannach. Is minic gurb iad na hócáidí móra seo an chéad uair do leanaí taithí a fháil ar bhainistiú airgid. Deimhníonn ár dtaighde, in ainneoin dul chun cinn digiteach, go leanann teaghlaigh na hÉireann ag cur muiníne in airgead tirim agus ag brath air chun na hócáidí speisialta seo a cheiliúradh.
Mar phríomhsholáthraí seirbhísí airgid in Éirinn, is ábhar bróid dúinn tacaíocht a thabhairt do phobail agus do ghnólachtaí le seirbhísí aistarraingthe airgid agus lóisteála, sé lá sa tseachtain ag gach oifig an phoist ar fud na tíre.”
Airgead Tirim – An rogha is fearr do gach bronntanas
Thug an taighde le fios freisin nach le haghaidh ceiliúrtha an Chéad Chomaoineach agus an Chóineartaithe amháin a roghnaítear airgead tirim mar bhronntanas, le 38% de dhaoine fásta na hÉireann ag roghnú airgead tirim mar bhronntanas ar gach ócáid, go háirithe le haghaidh bronntanais lá breithe:
- Roghnaíonn 80% (4 as 5) de dhaoine 35-44 bliana d’aois airgead tirim do bhreithlá linbh
- Tugann beirt as gach cúigear duine fásta (40%) airgead tirim do bhreithlá déagóra i gcónaí
- Is fearr le leath de dhaoine fásta airgead tirim a thabhairt mar bhronntanas do bhreithlá duine fásta
Bronntanais Airgid le haghaidh Bainiseacha
Thug an taighde léargas freisin ar nósanna bronntanais a bhaineann le bainiseacha in Éirinn, agus luaigh duine as gach triúr duine fásta gurb é €100 an duine an méid cuí airgid le tabhairt mar bhronntanas bainise.
- Creideann 36% eile gur cheart idir €100 - €200 a thabhairt mar bhronntanas
- Daoine 55-64 bliana d’aois is mó atá sásta airgead a chaitheamh ar bhainiseacha agus tugann 17% den ghrúpa seo ar a laghad €200 an duine
In ainneoin teacht chun cinn na n-íocaíochtaí digiteacha, coimeádann 82% de dhaoine fásta na hÉireann airgead éigeandála ar láimh, agus iompraíonn beagnach leath acu €50 ar a laghad do chásanna gan choinne. Ina theannta sin, fuarthas an méid seo a leanas amach sa staidéar:
- Is fearr le tomhaltóir amháin as gach triúr (31%) airgead tirim seachas cárta chun táillí idirbhirt a sheachaint.
- Úsáideann duine as gach ceathrar airgead tirim ar mhaithe leis an mbuiséadú.
- Agus deir 41% de thomhaltóirí go gcaithfidís níos lú airgid mura bhféadfadh siad ach airgead tirim a úsáid ar feadh seachtaine.
Cinntíonn An Post Money Rochtain Éasca ar Airgead Tirim ar fud na tíre
Trí sheirbhís Baincéireachta Laethúil An Post, is féidir le custaiméirí de chuid AIB, Banc na hÉireann agus An Post airgead tirim a lóisteáil agus a aistarraingt ag níos mó ná 900 oifig an phoist ar fud na tíre - 6 lá sa tseachtain. Le 540 Oifig an Phoist gan brainse bainc laistigh de chúig chiliméadar, tá An Post ag cinntiú go mbeidh pobail agus gnólachtaí beaga ar fud na hÉireann fós in ann airgead tirim a fháil nuair a bhíonn sé de dhíth orthu.
Dúirt Brendan Moran, Stiúrthóir Dáileacháin – Miondíola ag An Post: “De réir mar a thagann fás ar íocaíochtaí digiteacha, cruthaíonn ár dtaighde go bhfuil airgead tirim fós beo beathach, go háirithe d'ócáidí móra an tsaoil ar nós laethanta breithe, bainiseacha, an Chéad Comaoineach agus an Cóineartú.”
“Bíodh sé d’ócáid speisialta, do bhuiséadú laethúil, nó i gcás éigeandála, tá airgead tirim fós ag cur solúbthachta, slándála agus neamhspleáchais ar fáil do thomhaltóirí ar fud na hÉireann, rud a thugann an tsaoirse dóibh rogha a dhéanamh faoin gcaoi a gcaitheann siad a gcuid airgid, gan táillí ná srianta.”