Credit Card

Bain tairbhe níos mó as do chuid airgid le haon chliceáil amháin!

Faigh aip An Post Money Credit Card inniu.

Tá an aip nua cárta creidmheasa anseo!

Is féidir leat do chuntas cárta creidmheasa a bhainistiú áit ar bith anois leis an aip nua An Post Money Credit Card. Íoslódáil an aip inniu!

Sparán digiteach

Cumraigh do sparán digiteach le gur féidir leat airgead a íoc go slán sábháilte ar an toirt le fón póca nó le huaireadóir cliste.

Amharc ar shonraí

Amharc ar an iarmhéid agus ar shonraí na n‑idirbheart

Ceadaigh íocaíochtaí ar líne

Bíodh an tsiopadóireacht ar líne níos sláine fós – ceadaigh íocaíochtaí le do mhéarlorg, d’aghaidh, nó paschód 4 dhigit.

Reoigh do chárta

Reoigh/díreoigh do chárta ar an toirt.

Foláirimh

Roghnaigh na foláirimh is mian leat le haghaidh ghníomhaíochtaí do chárta.

Íocaíochtaí

Déan íocaíocht isteach i do chuntas le cárta dochair

Credit Card Digital Wallet

Sparán digiteach – éasca agus slán sábháilte

Lean ort ag siopadóireacht gan stró go dtitfidh an t‑anam asat. Úsáid sparán digiteach — agus fág do Chárta Creidmheasa sa bhaile. Is féidir Apple Pay nó Google Pay a úsáid chun airgead a íoc go slán sábháilte ar an toirt le fón póca nó le huaireadóir cliste.
 

Apple Pay       Google Pay 

Tá Apple Pay anseo!

Bí réidh le haghaidh saol níos simplí agus bain tairbhe as áisiúlacht Apple Pay. Cláraigh cárta creidmheasa An Post Money le gléas Apple agus déan íocaíochtaí ó áit ar bith. Tá sé tapa agus éasca cárta creidmheasa An Post Money a úsáid chun íocaíochtaí gan tadhall a dhéanamh le Apple Pay, gan an teorainn €50 atá ar an gcárta creidmheasa féin. Tá Apple Pay slán sábháilte, agus teastaíonn Face ID, Touch ID nó do phaschód chun íocaíocht a dhéanamh.

Digital Wallet

Cuir cárta leis le haip An Post Money Credit Card

  1. Íoslódáil aip An Post Money Credit Card agus cláraigh don tseirbhís
  2. Cliceáil ar an táb ‘Cards’ agus roghnaigh ‘Add to Apple Wallet’
  3. Nuair a bheidh na céimeanna go léir ar an scáileán críochnaithe agat, beidh do chárta curtha leis an Apple Wallet agat.

Apple Wallet

Cuir le Apple Wallet

  1. Oscail Apple Wallet
  2. Tapáil ar an gcomhartha ‘+’ agus ansin tapáil ar ‘Credit Card’
  3. Glac pictiúr den chárta creidmheasa An Post Money nó cuir isteach na sonraí de láimh, agus deimhnigh go bhfuil na sonraí ceart

None

Cuir le Apple Watch

  1. Oscail aip Watch ar an iPhone agat
  2. Roghnaigh ‘Wallet & Apple Pay’
  3. Tapáil ‘Add Card’ agus lean na céimeanna mar atá thuas

Íoc le Apple Pay

Úsáid Apple Pay le híoc le iPhone nó le Apple Watch áit ar bith a bhfeiceann tú na comharthaí d’íocaíochtaí gan tadhall nó Apple Pay. 

Google Pay

Tá Google Pay anseo! Is féidir leat cárta creidmheasa An Post Money a chlárú le fón póca nó le gléas inchaite chun íocaíochtaí a dhéanamh áit ar bith. Is é Google Pay an bealach tapa, simplí agus sábháilte chun cárta creidmheasa An Post Money a úsáid. Is féidir leat Google Pay a úsáid freisin chun íocaíochtaí a dhéanamh in aipeanna. Is bealach slán sábháilte é chun íocaíochtaí a dhéanamh.

Cumraigh Google Pay


Is trádmharc de chuid Apple Inc. é Apple Pay atá cláraithe sna Stáit Aontaithe agus i dtíortha eile. Is trádmharc de chuid Google LLC é Google Pay.