Phone in mobius

Beidh do shiopadóireacht ar líne níos sábháilte le CVV Dinimiciúil

Coinnigh d’airgead sábháilte le Cuntas Reatha An Post Money

Céard is CVV Dinimiciúil ann?

Gach seans go bhfaca tú an gnáth-CVV (Luach Fíoraithe Cárta) cheana, an uimhir trí dhigit sin a bhíonn ar chúl do chárta agus a theastaíonn le haghaidh orduithe ar líne. Ach le CVV Dinimiciúil, táimid ag cruthú sraith bhreise cosanta chun an t-airgead a shaothraigh tú go crua a chosaint ar chalaoiseoirí ar líne.
 As seo amach, gach uair a cheannaíonn tú rud éigin ar líne, beidh tú in ann cód CVV úrnua a ghiniúint ó aip An Post Money. Baineann sé le híocaíochtaí athfhillteacha freisin, is é sin, íocaíochtaí a dhéantar arís is arís eile, ar nós síntiús.

CVV Dinimiciúil a gníomhachtú
  1. Oscail aip An Post Money.
  2. Téigh go dtí clib an chuntais reatha.
  3. Cliceáil ar ‘Manage Card’. 
  4. Gníomhachtaigh CVV Dinimiciúil
CVV Dinimiciúil a úsáid le haghaidh ceannachán
  1. Oscail aip An Post Money.
  2. Ar bharra iarmhéid an chuntais reatha, cliceáil ar an gcnaipe ‘Show CVV’ chun an CVV Dinimiciúil a nochtadh. 

Ceisteanna Coitianta