Skip to main content
Photograph looking down on an An Post building with a line of An Post zero emission vehicles driving out.

An t-aistear go dtí seo

Obair Fhiúntach agus Fás Eacnamaíoch

Forbhreathnú


In 2021, glacadh céimeanna suntasacha inár dturas i dtreo na hinbhuanaitheachta le bheith ar an gcéad chuideachta mhór in Éirinn chun deireadh a chur leis an mbearna inscne pá agus seoladh Institiúid Ghlas An Post atá mar chuid dár dtiomantas ár bpíblíne bainistíochta agus  ceannaireachta a fhorbairt chun ceannaireacht inbhuanaithe a chinntiú don todhchaí.  Sonraítear sa tábla thíos na bearta eile atá bainte amach againn maidir le hObair Fhiúntach agus Fás Eacnamaíoch in 2021

Éagsúlacht, cothromas agus cuimsiú
 

Conarthaí uaireanta nialasacha

Tá An Post i gcoinne ainmheasarthacht an gheilleagair ghig. Táimid tiomanta do ghairmeacha sásúla slána, le deiseanna forbartha gairmiúla, a chur ar fáil dár bhfostaithe go léir. In 2021, chloíomar lenár dtiomantas gan conarthaí uaireanta nialasacha a dhéanamh.

Sláinte agus sábháilteacht ár bhfostaithe
 

Employee Wellbeing

Folláine Fostaithe

Le linn 2021 dhíríomar ar thacaíochtaí nua a chur i bhfeidhm le cinntiú go ndéanaimid an oiread agus is féidir chun eagraíocht shona shláintiúil a chothú, ar nós seimineáir ghréasáin rialta  agus seisiúin tacaíochta ar fholláine airgeadais, meabhairshláinte, athléimneacht agus bia sláintiúil a reáchtáil.
D’eagraíomar dhá dhúshlán mhóra siúil ar fud na heagraíochta chun stíl mhaireachtála ghníomhach a chur chun cinn. Le linn an 'Dúshlán Céim Mhór' i mí Aibreáin 2021 shiúil muid 41,486km, go leor chun siúl timpeall an domhain agus cuairt ghaisce a dhéanamh timpeall na hÉireann.
Mar chomhlánú ar ár seirbhísí Sláinte Ceirde, thugamar Clár Cúnaimh d'Fhostaithe isteach freisin. Soláthraíonn an t-ardán digiteach rúnda seo rochtain ar chomhairle, ar fhaisnéis agus ar thacaíocht maidir le saincheisteanna sláinte, airgeadais, folláine agus sóisialta.

Developing future talent

Tallann na todhchaí a fhorbairt

Cuireann ár straitéis bainistíochta tallainne ar chumas ár ndaoine a lánacmhainneacht a bhaint amach agus cabhraíonn sé le An Post na scileanna agus na cumais a theastaíonn uainn don todhchaí a fhorbairt.  In 2021:

  • Seoladh Institiúid Ghlas An Post mar chuid dár dtiomantas leanúnach d'fhorbairt ár bpíblíne bhainistíochta agus ceannaireachta. Áirítear leis an Institiúid Ghlas:
    • Ceannaireacht straitéiseach, meantóireacht, agus cláir bainisteoirí túslíne
    • Ár Scéim Tacaíochta Oideachais a thugann tacaíocht airgid d'fhostaithe a gcuid oideachais a chur chun cinn agus a gcumas a fhorbairt
    • Rochtain ar chláir forbartha gairmiúla seachtracha acadaimh.
    • Lean ár gClár do Chéimithe ar aghaidh.
    • Leanamar ar aghaidh lenár ndámhachtainí aitheantais Luachanna i gCleachtas, ag cur ar chumas fostaithe agus bainisteoirí líne ómós a thabhairt dá chéile as ucht a dtiomantais dá gcomhfhostaithe, do chustaiméirí agus dár n-eagraíocht.

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service