Nuair a ghlacann tú grianghraf den chruthúnas ar sheoladh, bíodh an leathanach iomlán le feiceáil go soiléir. Cinntigh nach bhfuil an íomhá doiléir ionas gur féidir linn do sheoladh a fhíorú.
Cruthúnas ar Ioncam
Chun d'ioncam a fhíorú is gá dúinn na ráitis bainc is déanaí a fuair tú a fheiceáil, don chuntas a n-íoctar d'ioncam isteach ann. Ba cheart d'ainm agus do sheoladh a bheith ar taispeáint orthu. Is féidir ráitis bainc a íoslódáil mar PDF ar láithreán gréasáin gach bainc, ar gach gléas.
Más duine féinfhostaithe tú, is féidir leat d'fhoirmeacha um measúnú cánach le dhá bhliain anuas a úsáid. Is féidir na doiciméid sin, nach mór tuairisceáin chánach agus foirmeacha um ghlacadh ó na Coimisinéirí Ioncaim a bheith san áireamh leo, a fháil ó do chuntasóir nó ó na Coimisinéirí Ioncaim.
I gcás nach n-íoctar d'ioncam isteach i do chuntas, is féidir leat úsáid a bhaint as grianghraf nó PDF den duillín pá, admháil leasa shóisialaigh, ráiteas pinsin nó deimhniú cánach is déanaí a fuair tú.