An Dara Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta (PSD2)
Cad é PSD2?
 
Is dlí de chuid an Aontais Eorpaigh é an Dara Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta (PSD2) a tugadh isteach i mí Eanáir 2018. Feabhsaíonn athruithe PSD2 cosaint an chustaiméara, rud a thugann smacht níos fearr duit ar d’íocaíochtaí agus tú ag ceannach agus ag úsáid seirbhísí baincéireachta ar líne. Tá na hathruithe seo ag tarlú ar fud thionscal Sheirbhísí Airgeadais na hEorpa agus tháinig siad i bhfeidhm ar an 14 Meán Fómhair 2019. 
Cad iad na buntáistí a bhaineann le PSD2?
  • Cosaint fheabhsaithe i gcoinne calaoise, rud a fhágann go bhfuil sé níos sláine duit seirbhísí leictreonacha a úsáid, amhail ceannach ar líne agus do sheirbhís baincéireachta ar líne a úsáid.
  • Bealaí nuálacha chun íoc as earraí agus seirbhísí, ag tabhairt níos mó smachta agus bealach níos éasca chun do chuntais ar líne a bhainistiú.
Cad iad na hathruithe? 
1. Fíordheimhniú Láidir Custaiméara (SCA)
Is próiseas é fíordheimhniú láidir custaiméara a bhailíochtaíonn céannacht an úsáideora, áit a bhfuil seirbhís íocaíochta nó idirbheart ar siúl.  Ó Mheán Fómhair 2019, cuireadh slándáil bhreise i bhfeidhm agus íocaíochtaí á ndéanamh nó rochtain á fáil agat ar do sheirbhísí baincéireachta ar líne, agus laghdaítear an riosca calaoise dá réir.  B’fhéidir gur thug tú faoi deara go seolfaimid fógraí chugat chun a dheimhniú go bhfuil íocaíochtaí údaraithe agat, gur logáil tú isteach nó go ndearna tú athruithe ar do chuntais.
2. Soláthraithe Tríú Páirtí (TPP)
Ligeann PSD2 duit anois Soláthraithe Tríú Páirtí (TPP) a úsáid chun íocaíochtaí a dhéanamh ar do shon nó chun rochtain a fháil ar do chuntais ar líne. Ní féidir le TPP íocaíochtaí a dhéanamh go díreach ó do chuntas íocaíochta ar líne ach amháin le do thoiliú . Mura dteastaíonn uait leas a bhaint as na seirbhísí TPP seo, ní gá duit. Ní roinnfimid d’fhaisnéis chuntais mura bhfuil toiliú tugtha agat do TPP. 
Is iad seo a leanas na seirbhísí a sholáthraíonn siad:
  • Soláthraí Seirbhísí Faisnéise Cuntas (AISP): Is féidir leis na seirbhísí seo faisnéis a bhailiú ó do chuntais íocaíochta ar líne go léir agus aon amharc amháin a thabhairt duit 
  • Soláthraí Seirbhísí Tionscanta Íocaíochta (PISP): Nuair a bhíonn tú ag siopadóireacht ar líne is féidir leat cead a thabhairt do Sholáthraí Seirbhísí Tionscanta Íocaíochta (PISP) íocaíocht a thionscnamh go díreach ó do chuntas bainc. Is rogha eile é PISP seachas do chárta dochair nó creidmheasa a úsáid. 
Cad a tharlóidh ina dhiaidh sin?
Fíordheimhniú Láidir Custaiméara (SCA)
Cuireadh tús le PSD2 ar an 14 Meán Fómhair 2019 agus cuireann sé slándáil chuntais fheabhsaithe ar fáil duit agus tú ag úsáid seirbhísí baincéireachta ar líne. Tá na hathruithe seo ag tarlú ar fud thionscal Seirbhísí Airgeadais na hEorpa. 

 Is é an chéad athrú a thabharfaidh tú faoi deara ná go n-iarrfar ort rochtain a athdheimhiú chun leanúint ar aghaidh ag úsáid d’aip shoghluaiste An Post Money agus baincéireacht ar líne.  Is ceanglas é seo faoin rialachán agus iarrfar deimhniú gach 90 lá.
 
 Chun seo a dhéanamh, beidh d'aitheantas úsáideora de dhíth ort agus lean an próiseas caighdeánach logáil isteach. Nuair a logálann tú isteach seolfar cód slán trí SMS chuig an uimhir fón póca atá cláraithe agat ar do chuntas agus beidh ort an cód seo a chur isteach chun do logáil isteach a chomhlánú. Athdheimhníonn an tasc slándála breise seo d’aitheantas agus cosnaíonn sé do chuntas. Cuirfidh d’aip shoghluaiste teachtaireacht mheabhrúcháin ar fáil duit chun an próiseas seo a chur i gcrích gach 90 lá.
Clárú & Socrú TPP (Roghnach)
  1. Íoslódáil nó Nuashonraigh d’aip An Post Money chuig an leagan is déanaí ón Apple App Store nó ón Google Play Store.
  2.  Ar do chéad logáil isteach ar an aip, feicfidh tú teachtaireacht ag insint duit go bhfuil Baincéireacht Oscailte ar fáil anois agus tabharfar an rogha duit clárú dó.
  • Má roghnaíonn tú ‘Ní Anois’ feicfidh tú teachtaireacht ar an scáileán ag rá leat gur féidir leat é seo a athrú am ar bith ach an scáileán ‘Mo Shocruithe’ a roghnú ón bpríomh-roghchlár agus ‘Cláraigh le haghaidh Baincéireachta Oscailte’ a roghnú.
  • Má Thapálann tú ‘Deimhnigh Baincéireacht Oscailte’ tarlóidh an socrú sa chúlra agus is féidir leat tosú ag úsáid áiseanna baincéireachta oscailte. 
Ceisteanna Coitianta
Cad is Baincéireacht Oscailte ann?
Tugadh Baincéireacht Oscailte isteach chun smacht níos fearr a thabhairt duit ar do chuntais. Tugann Baincéireacht Oscailte an rogha duit faisnéis do chuntais reatha a roinnt go slán agus íocaíochtaí a dhéanamh go díreach ó do chuntas reatha trí úsáid a bhaint as Soláthraithe Tríú Páirtí, ar a dtugtar TPPanna. D’fhéadfadh bainc, miondíoltóirí ar líne agus soláthraithe teicneolaíochta airgeadais (Fintech) a bheith i gceist leo sin. 
Cén fáth a bhfuil Baincéireacht Oscailte á tabhairt isteach? 
Tá Baincéireacht Oscailte á tabhairt isteach mar gheall ar rialacháin nua, PSD2, chun tionscal na seirbhísí airgeadais a dhéanamh níos iomaíche agus chun forbairt táirgí agus seirbhísí nuálacha nua a spreagadh freisin.  
Conas is féidir liom clárú le haghaidh Baincéireacht Oscailte? 
Is féidir leat clárú le haghaidh Baincéireacht Oscailte trí ‘Mo Shocruithe’ ar ár bhfeidhmchlár Chuntas Reatha Airgid An Post ón bpríomh-roghchlár agus ‘Cláraigh le haghaidh Baincéireachta Oscailte’ a roghnú. 
An gcaithfidh mé clárú le haghaidh Baincéireacht Oscailte? 
Ní gá duit clárú le haghaidh baincéireacht oscailte. Is é seo do rogha féin agus is féidir leat d’intinn a athrú am ar bith tríd an rannán ‘Mo Shocruithe’ dár n-aip An Post Money. 
Cad is Soláthraí Tríú Páirtí ann? 
Is tríú páirtí é TPP a údaraíonn tú rochtain a fháil ar do chuntas agus íocaíochtaí a dhéanamh ar do shon.
 
Níl mé ag iarraidh TPP a úsáid?
Ná bíodh imní ort, ní gá duit TPP a úsáid. Ní féidir linn do chuid faisnéise a roinnt ach amháin má thugann tú toiliú. Má chinneann tú TPP a úsáid agus má athraíonn tú d’intinn ansin, féadfaidh tú an toiliú sin a chúlghairm agus stop a chur le TPP a úsáid. 
Cad is Soláthraí Seirbhísí Faisnéise Cuntas (AISP) ann? 
Is féidir leis na seirbhísí seo faisnéis a bhailiú ó do chuntais íocaíochta ar líne go léir agus aon amharc amháin a thabhairt duit. Ciallaíonn sé seo má tá cuntais iolracha agat le bainc iolracha, má chláraíonn tú le haghaidh AISP trí Bhaincéireacht Oscailte, beidh tú in ann féachaint ar gach cuntas in aon áit amháin. 
Cad is Soláthraí Seirbhísí Tionscanta Íocaíochta (PISP) ann?
Má tá tú cláraithe le haghaidh Baincéireachta Oscailte, is féidir leat cead a thabhairt do PISP íocaíocht a thionscnamh go díreach ó do chuntas bainc, agus tú ag siopadóireacht ar líne. Is rogha eile é PISP seachas do chárta dochair nó creidmheasa a úsáid. Ansin cuireann an PISP treoir chugainn chun d’íocaíocht a dhéanamh. Seans go dtógfaidh sé cúpla uair an chloig chun é seo a thaispeáint ar do ráiteas, tar éis duit é a údarú.
Chláraigh mé le haghaidh Baincéireacht Oscailte. Cad é an chéad chéim eile?
Trí chlárú le haghaidh Baincéireacht Oscailte, is féidir leat clárú le haghaidh seirbhísí AISP agus PISP. Is féidir leat na AISPanna agus na PISPanna is mian leat a úsáid a roghnú. 
Soláthraíonn na TPPanna seo a gcuid seirbhísí ast féin agus go neamhspleách. Agus TPP á roghnú agat do sheirbhísí AISP nó PISP, ba cheart duit suíomh gréasáin Bhanc Ceannais na hÉireann a sheiceáil chun a chinntiú go bhfuil siad údaraithe/cláraithe. Tá sé tábhachtach é seo a sheiceáil chun a chinntiú go mbeidh do chuid faisnéise airgeadais sábháilte agus slán.
An gcaithfidh mé Fíordheimhniú Láidir Custaiméira (SCA) a úsáid? 
Caithfidh gach custaiméir SCA a úsáid de réir PSD2, ar dlí Eorpach é.
Ní féidir liom m’aitheantas úsáideora a aimsiú, conas is féidir liom é a fháil? 
Tá d’aitheantas úsáideora ar an gcéad litir a fuair tú nuair a d’oscail tú do chuntas. Mura bhfuil sé ar láimh agat, is féidir linn é a thabhairt duit ar an bhfón ag (01) 7058000. 
Tá m'uimhir ghutháin mícheart, cad a dhéanfaidh mé? 
Ná bí buartha, is féidir leat d’uimhir ghutháin a nuashonrú trí ghlaoch a chur orainn ar (01) 705 8000.