Skip to main content

Déan Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh le Stampaí ó An Post

4 Márta 2025

tacar de cheithre stampa ildaite eisithe ag An Post mar cheiliúradh ar Fhéile Pádraig agus ar an lá saoire náisiúnta (17 Márta) a thugann ómós do Naomh Pádraig, naomhphátrún na hÉireann.
 
Léiríonn na stampaí an téama a bhaineann le féile ealaíon, cultúir agus oidhreachta na hÉireann na bliana seo i lár chathair Bhaile Átha Cliath: i.e. ‘Eachtraí’. Tugtar léiriú orthu ar an spiorad eachtrúil clúiteach agus mór le rá a aithnítear ar fud an domhain mar shiombail shainiúil den Éireannachas. Chuir na hAirí Patrick O’Donovan agus Charlie McConalogue na stampaí i láthair an phobail ar an gCéadaoin in Ard-Oifig an Phoist.
 
Aithnítear leis na stampaí chomh maith traidisiún fada d’imeachtaí agus paráidí áitiúla a reáchtáil ar fud na tíre chun Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh. Ina measc siúd, tá paráid íocónach Lá Fhéile Pádraig i mBaile Átha Cliath, nuair a ghlacann na mílte páirt sa taispeántas ar na sráideanna agus nuair a bhíonn suas le leathmhilliún duine tagtha amach ar shráideanna na príomhchathrach chun an scléip ar fad a fheiceáil.
 
Is maith is eol do mhuintir na hÉireann scéal Naomh Pádraig agus mar a ruaig sé na nathracha nimhe as Éirinn. Sa lá atá inniu ann, is cuid lárnach d’Fhéile Naomh Pádraig íomhá na nathrach nimhe. Úsáideadh an dearadh cruthaitheach chun an nathair nimhe a léiriú sa tacar seo de cheithre stampa, rud a léiríonn spraoi, fuinneamh agus spraoi na hócáide. Cuireann gnéithe ildaite éagsúla na stampaí seo na gníomhaíochtaí iontacha cultúrtha agus pobail a eagraítear mar chuid d’Fhéile Pádraig gach aon bhliain i gcuimhne.
 
Agus iad deartha ag an ngníomhaireacht Éireannach Detail, tá ceithre stampa ráta ‘W’ le haghaidh postas idirnáisiúnta ar fáil ar bhileog an tacair seo. Tagann siad i gClúdach Céadlae a dearadh go speisialta dóibh, rud a dhéanfadh bronntanas den chéadscoth dá gcuirfí fráma air. Tá siad fáil in oifigí poist roghnaithe ar fud na tíre agus ar líne ag anpost.com/shop.
 
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Patrick O'Donovan TD “Cuirim fáilte roimh eisiúint an tacair stampaí seo ag An Post chun Féile Pádraig, ár saoire náisiúnta, a cheiliúradh. Rinne Coiste Comhairleach Stampshanais An Post obair na gcapall i rith na bliana, ag dul tríd an iliomad moltaí agus tograí dearaidh chun teacht ar an toradh iontach seo. Bhí áthas an domhain orm na dearaí seo a thabhairt chuig an Rialtas lena gceadú, agus gabhaimid go léir buíochas le An Post as na dearaí áille atá ar taispeáint anseo inniu.”
 
Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Spórt agus Beartas Poist, Charlie McConalogue TD “Gabhaim buíochas le An Post as dearadh iontach na Stampaí Lá Fhéile Pádraig seo a chuimsíonn Féile Pádraig go ginearálta, féile atá ina cheiliúradh seachtaine ar Chultúr agus Oidhreacht na hÉireann. Is tionlacan oiriúnach don fhéile é an stampa is saothar ealaíne é a aithníonn cuid den mhiotas atá i dtraidisiún na hÉireann. Cabhraíonn an dearadh seo de chuid An Post le ceiliúradh a dhéanamh ar ár n-oidhreacht agus cultúr ársa ar bhealach nua-aimseartha trí ealaíontóirí comhaimseartha.”
 
Arsa Kieran Mulvey, Cathaoirleach An Post “Tá lúcháir orainn stampaí Fhéile Pádraig a eisiúint dár gcustaiméirí lena n-úsáid agus le taitneamh a bhaint astu roimh Lá Fhéile Pádraig. Tá a fhios againn go gcuirfidh go leor teaghlach agus cairde cártaí agus beartáin sa phost chuig daoine a bhfuil cónaí orthu thar lear agus a d’fhéadfadh a bheith ag brath uathu blaiseadh den bhaile faoi láthair. Agus ár saoire náisiúnta ag druidim linn, molaim daoibh go léir bhur stampaí a fháil agus a bheith ag postáil libh. Tá ár stampaí agus na dátaí postála is déanaí le seachadadh ar fud an domhain ar fáil ar anpost.com/shop.”
 
Dúirt Richard Tierney, Príomhfheidhmeannach Fhéile Pádraig “Tá lúcháir orainn an rogha stampa álainn nua seo a bheith á seoladh ag An Post agus go mbeidh siad ar fáil roimh cheiliúradh na Féile ar an 15, 16 & 17 Márta seo chugainn. Tá a fhios againn cé chomh tábhachtach is atá an fhéile seo do dhiaspóra na hÉireann ar fud an domhain agus, mar sin, is mór an phribhléid dúinn go mbeidh Féile Pádraig páirteach i gcumarsáid daoine ar fud na cruinne an Márta seo, agus daoine i gcéin is i gcóngar ag déanamh ceiliúrtha ar ár lá náisiúnta.”
 
Rogha iontach eile do Lá Fhéile Pádraig ná grá a sheoladh leis an mbosca Blas den Bhaile de chuid An Post, agus iontas na n-iontas, nach bhfuil dath glas air chomh maith! Tá an bosca seo lán le sólaistí Éireannacha agus is iontach an bronntanas é le seoladh chuig daoine i gcéin is i gcóngar. Sa bheartán seo, tá roghanna bia le fáil, criospaí, tae, anlann curaí agus seacláid ina measc, díreach an rud atá ag teastáil Lá Fhéile Pádraig seo!  Chun a chinntiú go mbeidh do bhosca ann in am don cheiliúradh, ordaigh anois é lena sheachadadh chuig SAM, an Astráil agus lasmuigh den Eoraip, ordaigh faoin 6 Márta é lena sheachadadh san Eoraip, agus faoin 10 Márta lena sheachadadh in Éirinn. 
 

 

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service