Skip to main content

Nochtann an tAire Stáit um Mheabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, T.D. stampaí le heisiúint roimh roimh Lá Domhanda na Meabhairshláinte d'Fheasacht Meabhairshláinte, 10 Deireadh Fómhair

3 Deireadh Fómhair 2024

Tá íomhánna íosta, geala grafacha le feiceáil sa dá stampa chun an tábhacht a bhaineann le dea-mheabhairshláinte a chothú, féinchúram a chleachtadh agus naisc fhiúntacha a chur chun cinn.

Dúirt an tAire Meabhairshláinte & Daoine Scothaosta, Mary Butler TD : “Is féidir le dúshláin an tsaoil cur isteach ar an mheabharshláinte do gach duine againn ó am go ham. Tá sé fíorthábhachtach leanúint ar aghaidh ag caint faoi mheabharshláinte dhearfa agus faoi fholláine agus a fhios againn gur féidir téarnamh a dhéanamh agus go bhfuil cabhair ar fáil. Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh an dá stampa seo ó An Post roimh an Lá Domhanda Meabharshláinte ar an 10 Deireadh Fómhair.   

Ar an lá seo déantar iarracht feasacht faoin mheabharshláinte a mhéadú, na dúshláin laethúla a bhíonn roimh daoine a bhfuil deacrachtaí acu, agus na tacaí atá ar fáil dóibh. Spreagfaidh seoladh na stampaí seo ag An Post an-fheasacht ar lá fíorthábhachtach do chách agus cabhróidh sé le deireadh a chur leis an stiogma a ghabhann le labhairt go hoscailte faoinár meabhairshláinte .”

Tá an tsamhail R.O.S.E., a chruthaigh Paula King, ar cheann de na stampaí, mar a luaitear príomhthéarmaí chun labhairt faoi mheabhairshláinte ar bhealach dearfach: Cúis, Dóchas, Féin-aithne agus Cumhachtú. Léiríonn an dara stampa ar théama na gcrann an tábhacht a bhaineann le rochtain ar an dúlra, ar fhéinchúram agus ar an bpobal ar mhaithe le dea-mheabhairshláinte.  Is siombailí láidre fáis agus féinfhorbartha iad na crainn freisin.

Cruthaíodh na dearaí stampaí i gcomhar le Meabhairshláinte Éireann, mar a dúirt an Dr Lisa Cuthbert, a bPríomhfheidhmeannach: “Is cúis bhróid dúinn ár gcomhpháirtíocht le An Post ar thionscadal atá in ann gach teach in Éirinn a bhaint amach leis an teachtaireacht dhearfach go bhfuil meabhairshláinte againn go léir a bhíonn faoi dhúshlán ó am go ham inár saol ach le tacaíocht agus le dea-naisc shóisialta, is féidir linn go léir a bheith rathúil. Is é téama ár bhfeachtais Mí na Meabhairshláinte i rith mhí Dheireadh Fómhair ná an chumhacht agus an tábhacht a bhaineann le naisc a dhéanamh – linn féin, le daoine eile, leis an dúlra agus lenár bpobail. Cuireann íomhánna stampaí nua An Post an coincheap seo in iúl go hálainn agus spreagann sé comhráite maidir le meabharshláinte ar bhealach úr cruthaitheach, agus cuirimid fáilte roimh seo i gcónaí”. Féach  www.mentalhealthireland.ie 
 
Dúirt Kieran Mulvey, Cathaoirleach an Post: “Is í teachtaireacht an tacar stampaí seo gur gá dúinn uile aire a thabhairt dúinn féin, ag cibé leibhéal a bhraithimid meabharshláinte mhaith nó lag.  Is féidir linn tacú freisin lenár gcairde, lenár dteaghlach agus lenár gcomhghleacaithe nuair a bhíonn drochshláinte mheabhrach orthu – b'fhéidir fiú cárta a sheoladh le ceann de na stampaí seo. Tá an-áthas orainn tacú le Feasacht Mheabhairshláinte agus tá a fhios againn gur saincheist sláinte laethúil í seo.”    
 
      Tá postmharc speisialta eisithe ag An Post freisin, a bhí le feiceáil ar thosach litreacha a seachadadh chuig tithe agus gnólachtaí ar fud na hÉireann sna laethanta roimh Lá Domhanda na Meabhairshláinte.  Bhí seirbhís Saorghlao na Samaritans 116123 le feiceáil ann, ar mhaithe le daoine a bhféadfadh gá a bheith acu le duine éigin chun éisteacht agus tacaíocht mhothúchánach a thairiscint. 

Tá na stampaí deartha ag Image Now chomh maith leis an gClúdach Céad Lae. Clúdaíonn an dá stampa náisiúnta ráta ‘N’ (€1.40) postas ar oileán na hÉireann agus tá siad ar fáil in oifigí poist roghnaithe ar fud na tíre agus ar líne ag anpost.com/shop.  


 

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service