Ceiliúrann stampaí nua An Post Comóradh 150ú an IRFU
13 Feabhra 2025
Tá seatanna aicsin d'imreoirí gairmiúla agus d’imreoirí óga club iontu chun ceannaireacht an IRFU le Rugbaí na hÉireann a chur chun cinn ar stáitse domhanda agus an cluiche a fhorbairt sa bhaile a léiriú. Tá eisint an chluiche gafa i gceithre ghrianghraf d'imreoirí fásta den scoth, Josh van der Flier agus Beibhinn Parsons, chomh maith leis na himreoirí óga club Sam Kidd (Banbridge) agus Charlotte Fleming (Béal Átha na Sluaighe). Tá na stampaí cuidsúlacha, agus an clúdach speisialta Clúdaigh Chéad Lae, leis na dearthóirí Éireannacha Unthink, ar fáil in Oifigí Poist roghnaithe ar fud na tíre agus ar líne ag anpost.com/IRFU (le seachadadh saor in aisce).
Ag labhairt dó ag nochtadh na stampaí ag Ionad Ardfheidhmíochta an IRFU i gCampas Spórt Éireann i mBaile Átha Cliath, dúirt Peter Quinn, CFO An Post: “Tá ríméad ar An Post na stampaí speisialta seo a scaoileadh chun comóradh 150ú an IRFU agus fairsinge a gcuid oibre i bhforbairt an cluiche a cheiliúradh. Aithníonn na stampaí cloch mhíle mhór d'imreoirí rugbaí agus do lucht leanúna de gach aois a ghlacann páirt i saol spóirt na hÉireann agus a thacaíonn leis an gcluiche ón gclub is ísle go leibhéal idirnáisiúnta .”
Dúirt Declan Madden, Uachtarán IRFU,: “Tá ríméad ar an IRFU go mbeidh na stampaí comórtha 150 bliain speisialta seo mar thús ar chlár stampaí náisiúnta na hÉireann don bhliain 2025. Léireoidh na stampaí teachtaireacht fíordhearfach faoi thraidisiún spóirt na hÉireann, agus Rugbaí na hÉireann ach go háirithe. Beidh an teachtaireacht á seachadadh acu chuig gach ceart dár n-oileán agus ar fud an domhain. Is mór an t-ómós a thugann na stampaí dár n-imreoirí náisiúnta agus dár n-imreoirí ar leibhéal na gclubanna ar fad a d'imir ár gcluiche le 150 bliain anuas agus dóibh siúd ar fad a thacaigh leo ar an bpáirc agus lasmuigh di.”
Feidhmíonn Aontas Peile Rugbaí na hÉireann (IRFU) mar ionadaí d'imreoirí ar oileán na hÉireann. I séasúr na bliana 2024/25 tá an IRFU ag comóradh 150 bliain de rugbaí idirnáisiúnta in Éirinn. Tá Caithréim Mhór na bhFear buaite ag Éirinn ceithre huaire (an chéad uair in aghaidh na Breataine Bige i 1948) agus an Choróin Thriarach 13 uair. Tá Caithréim Mhór na mBan buaite ag Éirinn uair amháin agus an Choróin Thriarach faoi dhó. Cháiligh Éire do gach Corn Rugbaí Domhanda na bhfear ó cuireadh tús leis an gcomórtas den chéad uair i 1987.