Seol litir ghrá ar €1 an Lá Fhéile Vailintín seo
10 Feabhra 2025
Chun Lá Fhéile Vailintín agus an tábhacht a bhaineann le ceangal le daoine muinteartha a chomóradh, ar feadh tréimhse teoranta amháin (11ú -15ú Feabhra) tá tairiscint speisialta de Stampa Digiteach €1 ag An Post, agus is féidir é a úsáid le haghaidh litreacha agus cártaí áit ar bith in Éirinn.
Mar áis do chustaiméirí le Grá a Sheoladh ar bhealach nua-aimseartha, is féidir an stampa digiteach a cheannach ar aip An Post. Is cód 9 ndigit é an stampa digiteach, a chuirtear ag an gcúinne ar dheis ag barr litreach nó cárta, áit a gcuirtí stampa traidisiúnta de ghnáth. Is féidir é a stóráil i sparán an chustaiméara le húsáid sa todhchaí – agus an bhfuil aon am níos fearr lena úsáid ná tréimhse Lá an Ghrá. Bíodh sé ina chárta do Mhamaí nó ina theachtaireacht don duine speisialta sin, spreagann an tairiscint €1 (ar phraghas € 2 de ghnáth) daoine le teachtaireacht phearsanta a sheoladh chuig a muintir le rá go bhfuil siad ag smaoineamh orthu.
Rith Seol Grá
Agus tá tuilleadh fós á dhéanamh ag An Post chun séasúr an Ghrá a cheiliúradh. I bpáirt le Do Chara Mo Chara (Your Friend My Friend) – grúpa a eagraíonn imeachtaí do dhaoine singil go háirithe - beidh an Rith Seol Grá ar siúl Dé Sathairn 15 Feabhra. Leis an ardú sa spéis i gClubanna Reatha mar bhealach chun bualadh le daoine nua as líne, tá Rith Seol Grá ann le cabhrú le reathaithe de gach cumas naisc a bhunú sa bhfíor-shaol i saol atá níos mó ar líne gach lá.Beidh an bealach 5km, a bhfuil cruth chroí air, ar siúl timpeall Lár Chathair Bhaile Átha Cliath agus beidh cártaí poist agus stampaí digiteacha ag na rannpháirtithe, agus teachtaireachtaí Grá á gcur isteach i mboscaí poist acu ar feadh an bhealaigh.