Faisnéis seoladh Chustam
Seoladh go hÉirinn ó thíortha neamh-AE
Nuair a bhíonn earra á sheoladh go hÉirinn ní mór duit sonraí iomlána leictreonacha custam a sholáthar de réir rialacháin Chustaim na hÉireann.Is iad seo a leanas na sonraí íosta éigeantacha atá riachtanach:
- Cód bailí HS/TARIC, úsáid ár n-uirlís ar líne chun Cód TARIC ceart do chuid earraí a aimsiú
- Tuairisc bhailí ar an earra
- An tír as a tháinig an t-earra
- Luach an earra
- An postas, árachas agus lastas atá íoctha
- Sonraí ainm, seoladh an tseoltóra
- Ainm, seoladh an tseolaí
- Meáchan an phaicéid/bheartáin
Réitigh seolta ar líne ó thíortha mór-éilimh neamh-AE
Úsáid réiteach seolta ar líne do sholáthraithe áitiúla poist d’fhonn cabhrú le himréiteach éasca ar d’earra.
Royal Mail - Click & DropSeoladh Idirnáisiúnta
Seoladh go tír neamh-AE
Nuair a sheoltar paicéid nó beartáin chuig cinn scríbe lasmuigh den Aontas Eorpach, ní mór foirm dhearbhaithe custam a chomhlánú i mBéarla ar líne ag úsáid Click & Post nó in aon Oifig Poist.Is féidir an dearbhú thíos a chomhlánú in Oifig an Phoist. Taifeadtar leagan leictreonach den dearbhú seo ionas gur féidir é a léamh sa tír ghlactha.
Seol le Click & Post
Is féidir leagan ar líne den bhfoirm a chomhlánú freisin le Click & Post ar líne.
Bronntanas a sheoladh chuig tír neamh-AE
Má tá bronntanas á sheoladh agat chuig tír neamh-AE, mholfaimis duit breis faisnéise a lorg ón údarás áitiúil i gceann scríbe d’earraí sula seolann tú iad. Bíonn riachtanais sonraí custam éagsúil ó thír go tír de réir an údaráis ábhartha chustam, agus beidh rialacha difriúla ag gach tír ghlactha maidir le muirir chustam a bhainfeadh le bronntanais.Seoladh laistigh den AE
Nuair a bhítear ag seoladh laistigh den AE, ní mór Dearbhú Slándála Eitlíochta a cheangal le gach litir, paicéad nó beart ina bhfuil earraí á seoladh laistigh den AE, seachas Tuaisceart Éireann. Cinntíonn sé seo go bhfuil rialacháin slándála aerlínte á gcomhlíonadh. Tá liosta iomlán d’earraí toirmiscthe nach féidir leo taisteal san aer anseo.Ní mór tuairisc iomlán cruinn ar ábhar an earra a thabhairt chomh maith le d’ainm, do sheoladh agus do shíniú.
Tá forléargas den Dearbhú Slándála Eitlíochta ar fáil thíos:
Earraí Toirmiscthe
Tá earraí áirithe toimmiscthe, tá srianta ar earraí eile nó tá ceadúnas de dhíth orthu.