Ag cur dlús leis an tacaíocht d'Úcránaigh a thagann go hÉirinn
D'aimsíomar bealaí praiticiúla go mear a mhaolóidh an strus a bhaineann le saol nua a thosú i dtír anaithnid. Ag obair go dlúth le ranna rialtais, d'fhorbraíomar tacaí tábhachtacha agus chruthaíomar físeáin fhaisnéise in Úcráinis, agus dáileadh iad go díreach leis an bpobal Úcránach ar na meáin shóisialta. Bhí siad seo a leanas ar na tograí a fhorbraíodh:- Táillí a bhaint d'airgead a cuireadh chuig nó a fuarthas ón Úcráin, trínár gcomhpháirtí Western Union, in Oifigí Poist.
- Cabhair a thabhairt le os cionn 2,800 cuntas reatha a oscailt, saor ó tháillí ar feadh 12 mí.
- Seoladh poist fisiceach a thairiscint dóibh siúd nach bhfuil seoladh buan socraithe acu go fóill, trínár seirbhís Address Point, a thugann rochtain do Úcránaigh ar aon íocaíochtaí leasa sóisialaigh a bhfuil siad cáilithe dóibh.
- Os cionn 15,600 cártaí sim le creidmheas míosa saor in aisce a chur ar fáil, chomh maith le glaonna agus téacs saor in aisce chun na hÚcráine dóibh siúd a tháinig go hÉirinn mar gheall ar ionradh na Rúise.
- Glacadh le os cionn €1.25m i síntiúis in Oifigí Poist áitiúla, agus cuireadh na síntiúis ar aghaidh chuig UNICEF agus chuig achainí Chumann na Croise Deirge in Éirinn don Úcráin, gan táillí láimhseála a ghearradh.
- Postas saor in aisce le haghaidh os cionn 90,000 litreacha agus beartáin chun na hÚcráine, ag obair lenár gcomhpháirtithe i seirbhísí poist na Polainne agus na hÚcráine, seirbhísí atá ag feidhmiú fós in ainneoin na ndúshlán ollmhóra atá ann don bhfoireann agus don chóras dáileacháin.
Is mac léinn iriseoireachta Úcránach í Polina Afanasyeva a theith ón gcogadh san Úcráin agus a chuir fúithi le teaghlach óstach i mBaile Átha Cliath. Tháinig sí isteach in An Post mar bhall dár bhfoireann chumarsáide in Ard-Oifig an Phoist. Le linn a cuid ama le An Post bhí Polina ag obair ar thionscadail éagsúla chumarsáide, lena n-áirítear eolas faoi réimse tacaí An Post do theifigh ón Úcráin in Éirinn a chur i gcáipéisí.
“Tá na milliún Úcránach tar éis teitheadh óna dtithe agus imeacht thar sáile ag lorg tearmainn, mar go bhfuil sé chomh contúirteach fanacht sa tír. Tháinig muintir na hÉireann le chéile le cabhrú linn, agus is mór liom bhur macántacht. Is mian liom go mbeidh deireadh leis an gcogadh. Ba mhaith liom “Go raibh maith agaibh” a rá chomh maith - tá gach rud déanta ag Éirinn
chun cabhrú leis an Úcráin agus chun cabhrú linne anseo’ - Polina Afanasyeva
- Bhí ár bhfostaithe toilteanach freisin tacaíocht a thabhairt do Chros Dhearg na hÉireann le bainistiú a dhéanamh ar an fhreagra a thug daoine ar fud na hÉireann a gheall cabhair a thabhairt le cóiríocht do na hÚcránaigh a tháinig go hÉirinn i mí Mhárta 2022.
“Tháinig An Post agus go háirithe an fhoireann chun tosaigh nuair a bhí gá leis - gan chúnamh ó An Post, ní bheimis in ann freagairt chomh tapa agus a rinneamar. - Liam O’Dwyer. Ard-Rúnaí Chumann Croise Deirge na hÉireann
“Bhí bliain chrua againn ach le bhur dtacaíocht bhímid in ann dul i ngleic le cúinsí nua an tsaoil agus tabhairt faoi na dúshláin. Tá bhur gcroíthe ag bualadh in aon-rithim le Ukrposhta, agus táimid fíorbhuíoch daoibh ar a shon sin."
- Ukrposhta, seirbhís poist na hÚcráine