Skip to main content
placeholder

Gníomhú ar son na hAeráide

Tá freagracht orainn ár n-oibríochtaí a dhícharbónú, éifeachtúlacht acmhainní a uasmhéadú, agus tacú le haistriú na hÉireann chuig todhchaí ísealcharbóin.

Forbhreathnú

Tuigimid go maith tionchar an athrú aeráide agus an phráinn a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide. Agus é d'aidhm againn lorg a fhágáil a mbeimid bródúil as, táimid tiomanta do ghlanastaíochtaí carbóin nialasacha ónár n-oibríochtaí féin faoin mbliain 2030, le laghdú 50% faoi 2025. Tá monatóireacht agus tuairisciú á dhéanamh againn go leanúnach ar an dul chun cinn seo agus táimid ar an mbóthar ceart chun ár sprioc 2025 a bhaint amach.

Infographic which says 23% carbon emission reduction since 2009

An t-aistear go dtí seo

Is saincheist ríthábhachtach dúinn é an t-athrú aeráide mar go n-aithnímid an ról atá le himirt againn maidir leis an lorg a fhágfaimid ar an gcomhshaol agus inár bpobail a íoslaghdú ionas go mbeidh rath orthu sna na glúine atá le teacht. Chomh maith le gealltanais a dhéanamh agus pleananna a chruthú, tá gníomhartha ar son na haeráide á seachadadh go leanúnach ag An Post agus táimid ar an mbóthar ceart le laghdú faoina leath faoi 2025. Rinneamar laghdú 3,395 tonna carbóin ar ár n-astaíochtaí in 2022, arb ionann é agus laghdú 12% bliain ar bhliain agus laghdú 35% ó 2009.

Léigh tuilleadh faoin gcaoi ar sheachaid muid an Sprioc Forbartha Inbhuanaithe seo in 2022
Line up of parked An Post zero emission vehicles

Gnéscéal - Ár bhFlít

Le dícharbónú ár bhflít is féidir linn tionchar suntasach a imirt ar an gcomhshaol. Chuir leictriú leanúnach ár bhflít agus tabhairt isteach breosla HVO le laghdú 2,683 tona carbóin ar astaíochtaí ár bhflít iompair Scóip 1. Ina theannta sin, tháinig laghdú 11% ar astaíochtaí ó iompar ar bhóthar in 2022 de réir mar a taistealaíodh 2.7 milliún km breise inár bhflít leictreach agus ní bhíonn aon astaíochtaí NOx ó fheithiclí leictreacha. In 2022 bhí seachadtaí astaíochtaí nialasacha freisin againn i ngach ceann de na 6 chathair mhóra in Éirinn - Baile Átha Cliath, Port Láirge, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh agus Cill Chainnigh.

Tuilleadh eolais
Line up of parked An Post zero emission vehicles

Gnáthrud a dhéanamh den mhaireachtáil inbhuanaithe

Táimid tiomanta do thionchar dearfach a imirt ar ár bpobail trí dheiseanna laethúla a chruthú chun gnáthrud a dhéanamh den mhaireachtáil inbhuanaithe do chách in Éirinn. In 2022 ba sinne an chéad ghnó in Éirinn rinne gealltanais éagsúla mar chuid de thionscnamh “Beat the Peak” ESB Networks, mar ar chuireamar roinnt beart i bhfeidhm thar thréimhse an gheimhridh chun ár mbuaic-ídiú leictreachais a laghdú go suntasach, agus ag an am céanna ár seirbhísí a chothabháil go hiomlán le linn an ama is gnóthaí den bhliain. 

Cliceáil anseo agus léigh conas a rinne An Post gnáthrud den mhaireachtáil inbhuanaithe
Variety of An Post zero emission vehicles and staff along the canal.

Ag breathnú chun cinn

Tá ceann de na flíteanna feithiclí is mó in Éirinn á oibriú ag An Post agus tá os cionn dhá mhilliún troigh cearnach á bhainistiú inár bpunann réadmhaoine. Ag croílár ár straitéise dícharbónaithe tá an t-aistriú go flít iompair inbhuanaithe agus fuinneamh in-athnuaite. Leanfaimid freisin leis an bpróiseas chun foirgnimh a iarfheistiú laistigh dár bpunann réadmhaoine, rátálacha BER A fheabhsú agus tacú le tionscnaimh inbhuanaithe. 

Príomhréimsí fócais don bhliain 2023 agus ina dhiaidh
You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service