Skip to main content
Image Alt Text

Breoslaí malartacha


Gné-scéal Tionscal, Nuálaíocht agus Bonneagar

  
Cé gur ceannródaí muid maidir le feithiclí leictreacha a rolladh amach inár bhflít tráchtála éadrom, tá a fhios againn go bhfuil dícharbónú ár bhflít feithiclí earraí troma (HGV), a tháirgeann os cionn 8,000 tonna carbóin gach bliain, ar cheann de na dúshláin is mó atá romhainn. Tá fonn orainn gníomhú go luath agus a bheith réidh d’fhionnachtain nua sa nuálaíocht breosla agus is é sin an fáth go bhfuilimid ag cur feabhais ar ár dtuiscint agus ar ár n-eolais d'fhonn cinntí eolasacha a dhéanamh nuair a bheidh na teicneolaíochtaí ar fáil. Mar réiteach eatramhach, agus tar éis an rath ar bhí ár dtriail le hola glasraí hidreachóireáilte (HVO) mar bhreosla do 5 HGV i nGaillimh in 2021, leathnaíomar an tionscnamh in 2022 go 12 HGV i gCorcaigh. Is breosla in-athnuaite é HVO a dhéantar as olaí agus saillte dramhaíola deimhnithe agus léirigh sé torthaí den scoth gan aon deacrachtaí feidhmíochta. Ó na trialacha HVO i nGaillimh agus i gCorcaigh tá na nithe seo aimsithe againn:
 
Úsáideann HVO 0.5 lítear breosla níos lú in aghaidh an 100 km ar an meán ná a choibhéis díosail.
• Tá laghdú 91.8% tagtha ar astaíochtaí carbóin i bhflít na trialach, i gcomparáid le breosla díosail.
 
Tuigimid luach an chomhoibrithe maidir le dúshláin inbhuanaitheachta agus trí oibriú go dlúth le heagraíochtaí ar nós Hydrogen Ireland, EV100, Fóram Soghluaisteachta Glaise Post Europ, agus mar chathaoirleach ar ALICE, táimid ar thús cadhnaíochta maidir le nuálaíocht agus forbairt bhreosla mhalartaigh. Trí na comhoibrithe seo, táimid ag roinnt eolais agus ag cruthú líonra cumarsáide idir soláthar, éileamh agus éascaitheoirí. Cuirfidh sé seo ar ár gcumas dul chun cinn breise a dhéanamh ar ár dturas go neodracht charbóin, agus tacú le heagraíochtaí eile ag an am céanna. In 2022 ghlacamar páirt in imeachtaí tionscail agus i bplé ar conas infhaighteacht déantúsaíochta agus forbairtí bonneagair a chur chun cinn, chun tuiscint a fháil ar na roghanna réadúla atá ann d'fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus chun a fháil amach cad é rogha an mhargaidh maidir le HGVanna inbhuanaithe. Thugamar faoi shuirbhé ar na Déantóirí Trealaimh Bhunaidh (OEManna) chun an turas ar a bhfuil siad a thuiscint agus thug na torthaí le fios go soiléir gurb iad feithiclí leictreacha an réiteach fós dár bhflít “míle deiridh” agus go bhfuil na feithiclí seo i gcéimeanna éagsúla táirgeachta. Ní raibh na torthaí don chabhlach "lármhíle" (HGVanna) chomh soiléir, áfach, agus leanfaimid orainn ag déanamh monatóireachta ar fhorbairtí.

 
You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service