Skip to main content
Stylised image of a globe against a backdrop of bright foliage, surrounded by a series of climate action icons

Tionscal, nuálaíocht agus bonneagar

Bonneagar athléimneach a thógáil, tionsclaíocht chuimsitheach agus inbhuanaithe a chur chun cinn agus nuálaíocht a chothú.

Forbhreathnú
 

Tá ról lárnach ag An Post i saol agus i sochaí na hÉireann, agus tá siad in áit uathúil chun dul i gcomhpháirtíocht le gnólachtaí, eagraíochtaí, rialtas agus le pobail eile chun cabhrú le nuálaíocht a thiomáint chun fás agus rathúnas inbhuanaithe, fadtéarmach a sheachadadh d'Éirinn. Ní mór dúinn leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua agus teicneolaíochtaí atá i mbéal forbartha, dea-chleachtais a chomhtháthú agus tabhairt faoi thionscnaimh straitéiseacha chun ár spriocanna inbhuanaitheachta a bhaint amach.
 

Infographic that says €21.75m sustainability capital expenditure since 2018

An t-aistear go dtí seo

An t-aistear go dtí seo
In 2022 leathnaíomar úsáid ola glasraí hidreachóireáilte (HVO) mar bhreosla malartach chuig 17 dár bhflít HGV san iomlán, sheolamar an stampa digiteach agus trí sheachadtaí caillte a atreorú chuig Oifig Phoist áitiúil i nGaillimh ag sábháil 127,000KM de thaisteal breise (agus astaíochtaí gaolmhara) dár gcustaiméirí. Trí nuálaíocht theicneolaíoch a spreagadh ar mhaithe lenár n-iarrachtaí a chur chun cinn, táimid in ann réitigh réamhbhreathnaitheacha a chruthú a athróidh ár n-oibríochtaí agus a íoslaghdóidh ár dtionchar ar an gcomhshaol.

Gliogáil anseo agus léigh tuilleadh faoin gcaoi ar sheachaid muid an SFI seo in 2022
Image Alt Text

Gnéscéal – Breoslaí Malartacha

Tá dícharbónú ár bhflít earraí troma (HGV), a tháirgeann os cionn 8,000 tonna carbóin sa bhliain, ar cheann de na dúshláin is mó atá romhainn.  Mar réiteach eatramhach, agus tar éis an rath ar bhí ár dtriail le hola glasraí hidreachóireáilte (HVO) mar bhreosla do 5 HGV i nGaillimh in 2021, leathnaíomar an tionscnamh in 2022 go 12 HGV i gCorcaigh. Is breosla in-athnuaite é HVO a dhéantar as olaí agus saillte dramhaíola deimhnithe agus bhí torthaí den scoth air gan aon deacrachtaí feidhmíochta.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar a bhfuil á dhéanamh ag An Post le breoslaí malartacha chun ár n-astaíochtaí a laghdú tuilleadh gliogáil anseo
Image Alt Text

Gnáthrud a dhéanamh den mhaireachtáil inbhuanaithe

Táimid tiomanta do thionchar dearfach a imirt ar ár bpobail trí dheiseanna laethúla a chruthú chun gnáthrud a dhéanamh den mhaireachtáil inbhuanaithe do chách in Éirinn. Idir roghanna malartacha nua breosla a úsáid agus réitigh dhigiteacha a sheoladh chun cabhrú le litearthacht airgeadais i ngach aoisghrúpa.

Gliogáil anseo agus léigh conas a rinne An Post gnáthrud den mhaireachtáil inbhuanaithe.
An Post lorry driving on a motorway at sunset

Ag Breathnú chun cinn

Is é ár n-uaillmhian glanastaíochtaí nialasacha carbóin a bhaint amach ónár n-oibríochtaí féin faoi 2030 agus ar mhaithe le sin a bhaint amach ní mór dúinn iompar 100% nialasach carbóin  a bhaint amach. Tá nuálaíocht ríthábhachtach chun réiteach a fháil ar na dúshláin atá romhainn chun ár n-uaillmhianta inbhuanaitheachta a bhaint amach.

Príomhréimsí fócais do 2022 agus ina dhiaidh sin
You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service