Skip to main content
Small child with curly hair doing gardening

Tomhaltas agus Táirgeadh Freagrach

Tacaímid le táirgeadh agus tomhaltas freagrach mar go bhfuil sé d'aidhm againn tionchair chomhshaoil agus shóisialta ár dtáirgí agus ár seirbhísí a íoslaghdú sa slabhra soláthair.

Forbhreathnú

Creidimid go bhfuil sé de cheart ag na glúine atá le teach maireachtáil ar phláinéad neamh-mhillte. D’fhonn lorg a fhágáil ar féidir linn a bheith bródúil as, tuigimid an tábhacht a bhaineann le tionchair chomhshaoil agus shóisialta ár dtáirgí agus ár seirbhísí a íoslaghdú ar fud ár slabhra soláthair. Treoraíonn sé seo an chaoi a oibrímid leis na céadta soláthraí agus réitigh nuálacha inbhuanaithe á lorg againn ar ár riachtanais. 

 

Infographic which says zero waste to landfill for the 3rd consecutive year

An t-aistear go dtí seo

In 2022 bhaineamar dramhaíl nialasach go líonadh talún amach don 5ú bliain as a chéile agus rinneamar laghdú 782 tonna san iomlán ar dhramhaíl. Rinneamar measúnú den chéad uair in Éirinn ar thionchair agus ar spleáchais a bhaineann leis an dúlra agus ar na rioscaí agus na deiseanna gaolmhara atá ann don ghnó. Tuigimid an tábhacht a bhaineann le tionchair chomhshaoil agus shóisialta na dtáirgí agus na seirbhísí a íoslaghdú ar fud ár slabhra soláthair. Treoraíonn sé seo an chaoi a oibrímid leis na céadta soláthraí agus réitigh nuálacha inbhuanaithe á lorg againn ar ár riachtanais.

Léigh tuilleadh faoin gcaoi ar sheachaid muid an SFI seo in 2022
Gnéscéal - Bithéagsúlacht do An Post

Gnéscéal - Bithéagsúlacht do An Post

Leis an lorg carbóin náisiúnta atá againn, tá freagracht orainn ní hamháin a chinntiú go bhfuil ár lorg éiceolaíoch chomh beag agus is féidir, ach a chinntiú go ndéanaimid caipiteal nádúrtha ar ár réadmhaoin a athbhunú agus a fheabhsú. Is cuid bhunúsach dár straitéis bhithéagsúlachta ár mian straitéis bhithéagsúlachta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm do 100% de na foirgnimh i bpunann réadmhaoine An Post faoi 2030. Gliogáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoine bhfuil á dhéanamh againn mar chuid dár straitéis Bhithéagsúlachta.

Tuilleadh faoin mbithéagsúlacht
Image Alt Text

Gnáthrud a dhéanamh den mhaireachtáil inbhuanaithe

Táimid tiomanta do thionchar dearfach a imirt ar ár bpobail trí dheiseanna laethúla a chruthú chun gnáthrud a dhéanamh den mhaireachtáil inbhuanaithe do chách in Éirinn. Ó cheardlanna pailneoirí a reáchtáil chun feasacht ar bhithéagsúlacht a ardú agus fógraí teilifíse Nollag níos inbhuanaithe a chruthú ag baint úsáide as an áireamhán carbóin AdGreen, a chabhraigh linn anailís a dhéanamh ar lorg carbóin fheachtas na Nollag agus deiseanna a aithint chun astaíochtaí a laghdú.

Gliogáil anseo le léamh conas mar a rinne An Post gnáthrud den mhaireachtáil inbhuanaithe
Image of eco friendly packaging

Ag breathnú chun cinn

Tá An Post ar an aistear chuig glanastaíochtaí carbóin nialasacha ónár n-oibríochtaí féin faoi 2030 agus táimid ag glacadh céimeanna tábhachtacha laistigh den Tomhaltas agus Táirgeadh Freagrach chun an sprioc seo a bhaint amach.

Príomhréimsí fócais do 2023 agus ina dhiaidh sin
You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service