Ag breathnú chun cinn go 2023 agus ina dhiaidh
Ionad oibre Ionchuimsitheach
Feachtas “Léirigh Meas” a chur i bhfeidhm chun Dínit ag an Obair a chur chun cinn ar fud na heagraíochta.Tacar don Mheanapás a thabhairt isteach a thacaíonn lenár mná ag am suntasach idirthréimhseach dá saol.An tseachtain dhomhanda idirghlúine a cheiliúradh, ag tacú le glúine iomadúla chun tuiscint a fháil ar roghanna glúin eile.Cuspóirí inbhuanaitheachta a leabú inár gcuspóirí gnó, ag cinntiú go mbainfear amach iad ar bhealachinbhuanaitheach.Níos mó feasachta a chothú maidir leis na cineálacha éagsúla cultúir agus traidisiúin atá ag ár bhfostaithe.Clárú ar son Creidiúnú Cré-umha le hIonad Éagsúlachta na hÉireann.Suirbhé leanúnach bliantúil a dhéanamh ar ionchuimsiú ar mhaithe lenár gcleachtais ionchuimsithe a thomhas agus a thagarmharcáil bliain ar bhliain agus athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn ár gclár cultúir.Suirbhé a dhéanamh ar fud ár bpunann réadmhaoine chun inrochtaineacht ár réadmhaoine do dhaoine faoi mhíchumas a mheas.
Comhionannas deiseanna
- Clár Aspire Alumni a fhorbairt a thabharfaidh le chéile mná a ghlac páirt sa chlár Luasghéarú Tallann Mná Aspire, agus tuilleadh deiseanna líonraithe agus inspioráide a sholáthar chun a ngairmeacha beatha a fhorbairt.
- Leanúint ar aghaidh ag cur tionscnaimh nua i bhfeidhm chun ionadaíocht na mban a mhéadú i measc ár bhfostaithe líne tosaigh sórtála, bailithe agus seachadta poist le:
- Athdhearadh ar an bpróiseas earcaíochta d'oibrithe poist.
- Éagsúlú a dhéanamh ar ár gcainéil fógraíochta poist chun tallann éagsúil a earcú go gníomhach do róil oibrithe poist.
- Ár leathanach gairmeacha a athnuachan ar shuíomh gréasáin An Post.
- Bainisteoirí oibríochtúla a oiliúint maidir le hearcaíocht chuimsitheach.
- Leanúint ar aghaidh ag cur ár bhfeachtais feasachta míchumais i bhfeidhm ag díriú ar fhostaithe in aonaid ghnó ar leith.
- Leanúint ar aghaidh ag lorg deiseanna chun úsáid theidil Mx a leathnú inár gcórais inmheánacha.
Foghlaim agus Forbairt
- Creat tacaíochta gairme a sheoladh chun tacú le fostaithe ar a dturais ghairme.
- Ár gCóras Bainistíochta Acmhainní Daonna nua a chur i bhfeidhm, d'fhonn tacú le tallann a aithint agus a chinntiú go mbeidh rochtain ag gach duine ar fhoghlaim agus ar fhorbairt.
- Leanúint ar aghaidh lenár n-oiliúint ar phrionsabail Bhainistíochta Barainneach chun cumais agus scileanna a thógáil chun cur ar ár gcumas éifeachtúlachtaí a adhaint agus tacú le ceannairí ina gcuid foirne amach anseo.
Folláine
- Cláraigh leis an nGealltanas maidir le hAthrú san Ionad Oibre de réir mar a aithnímid an méadú atá ar an ngá atá ann le tacú le meabhairshláinte ár ndaoine. Cuideoidh an Gealltanas linn cultúr oscailte a chruthú timpeall ar mheabhairshláinte trí dhúshlán a thabhairt don stiogma a ghabhann leis.
- Tacú le folláine airgeadais ár bhfostaithe i gcomhar le taxback.com chun cabhrú lenár bhfostaithe aisíocaíochtaí cánach a éileamh.
- Comhpháirtíocht le Cúramóirí Teaghlaigh na hÉireann ionas gur féidir leo tacaíocht agus treoir a thairiscint do na fostaithe sin a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu.