Skip to main content
placeholder

Fág do Lorg


Creidimid in An Post go bhfuil sé de chumhacht ag focail an saol a athrú, agus mar gheall air sin tá deis á cruthú againn do chách, ionas go mbeidh gach duine in ann lorg a fhágáil.

Forbhreathnú

Creidimid in An Post go bhfuil sé de chumhacht ag focail an saol a athrú. Faoi láthair, tá deacracht ag duine as gach seisear duine fásta in Éirinn le faisnéis a léamh agus a thuiscint*. Cuireann sé seo srian ar a ndeiseanna sa saol. Is é sin an fáth go dtacaíonn An Post le hobair na Gníomhaireachta Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh chun feabhas a chur ar scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta daoine fásta. Tá oibrithe deonacha á gcumasú againn chomh maith le teagasc a thabhairt do dhaltaí bunscoile lenár gclár Am le Léamh An Post, arna sheachadadh ag Gnó sa Phobal in Éirinn, agus ar Lá Domhanda na Leabhar táimid ag obair le Leabhair Pháistí Éireann chun na mílte leabhar a sheachadadh saor in aisce do leanaí. Tá deiseanna á gcruthú againn do chách, ionas go bhfágfaidh gach duine a lorg.

WBD

Leabhair Pháistí Éireann

Leanaimid lenár gcomhpháirtíocht leis an gcarthanas Leabhair Pháistí Éireann agus sheolamar treoir léitheoireachta ag am codlata darb ainm ‘Good Reads before Goodnights’ a dáileadh trí shiopaí leabhar agus leabharlanna ar fud na tíre. Oibrímid freisin le Leabhair Pháistí Éireann chun BREIS agus 14,000 leabhar a sheachadadh saor in aisce do leanaí ar fud na tíre ar Lá Domhanda na Leabhar.

Tá An Post, i gcomhar le Leabhair Pháistí Éireann, ag bronnadh agus ag seachadadh na mílte leabhar saor in aisce chuig leanaí atá gan dídean, ina gcónaí i Soláthar Díreach agus in ospidéil. Mar go gcreidimid gur cheart go mbeadh rochtain ag gach leanbh in Éirinn ar phléisiúr na léitheoireachta.


 

Tuilleadh faoi Leabhair Pháistí Éireann
Image Alt Text

An Ghníomhaireacht Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh

Tacaíonn An Post go bródúil le hobair na Gníomhaireachta Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh (NALA) trí fheasacht a mhúscailt ar sheirbhísí a chuireann ar chumas daoine fásta a gcuid scileanna léitheoireachta, scríbhneoireachta, matamaitice agus digiteacha a fheabhsú. Is carthanas é NALA atá tiomanta do chinntiú go mbeidh rochtain ag daoine a bhfuil riachtanais neamhchomhlíonta litearthachta, uimhearthachta agus litearthachta digití acu ar dheiseanna foghlama agus go mbeidh siad in ann páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí. Tá níos mó ná 500,000 duine in Éirinn ag streachailt le léitheoireacht agus le faisnéis a thuiscint*. Ciallaíonn sé seo go mb'fhéidir nach mbeidh siad in ann foirm a líonadh, vótáil, treoracha ar chógais a léamh, bille a shuimiú, cabhrú le páistí le hobair bhaile nó cuardach a dhéanamh ar an ngréasán chun faisnéis a fháil. Tá tuilleadh faisnéise ar shuíomh gréasáin NALA
*OECD PIAAC 2013
 

Tuilleadh faoi NALA
Image of making sustainable living commonplace (TBC)

Gnó sa Phobal in Éirinn

Tá oibrithe deonacha á gcumasú againn le teagasc a thabhairt do dhaltaí bunscoile inár gclár Am le Léamh, atá á sheachadadh ag Gnó sa Phobal in Éirinn.  Is é Gnó sa Phobal in Éirinn an phríomh-eagraíocht neamhbhrabúis in Éirinn atá dírithe ar thodhchaí ísealcharbóin, uilechuimsitheach go sóisialta agus dearfach ó thaobh an dúlra de ina mbíonn rath ar chách, agus cuireann sé comhairle ar ghnólachtaí maidir le hathrú inbhuanaithe agus  clár agus tionscnamh a sheachadadh. Tá sé mar aidhm ag cláir Am le Léamh agus Am le Comhaireamh An Post comhpháirtíochtaí comhthairbheacha a fhorbairt idir scoileanna agus gnó in Éirinn a thacaíonn le straitéis fhoriomlán an Rialtais maidir le hionchuimsiú oideachais. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ag www.BITC.ie

Female An Post Operative delivering Children's Books

Comórtas Lámhscríbhneoireachta Sóisearach An Post

Táimid an-tugtha do thacaíocht a thabhairt don litearthacht i measc leanaí agus teaghlaigh, agus í a fhorbairt, agus le breis agus 30 bliain tá ceannródaíocht déanta againn ar chuid de na cláir oideachais is mó éilimh agus is praiticiúla do scoileanna. Tá An Post bródúil as an litearthacht a chur chun cinn trí chomórtais spraíúla léitheoireachta agus scríbhneoireachta. Tá comórtas lámhscríbhneoireachta na bliana seo dírithe ar ábhar atá tábhachtach dúinn uile - Todhchaí na hÉireann!

Conas iontráil:
Image Alt Text

Leabharlann Samhlaíochta Dolly Parton

Leathnaíomar ár gcuid oibre le Leabharlann Samhlaíochta Dolly Parton agus le seirbhísí tacaíochta teaghlaigh le leabhair a sheachadadh chuig na mílte leanaí idir 0 agus 5 bliana d'aois gach mí i gceantar poist BÁC 24 agus i gcodanna de chathair Chorcaí. Spreagtar an luathléitheoireacht agus scileanna díriú airde leis seo agus cabhraíonn sé chun iad a ullmhú le tosú ar scoil. In 2021, thacaíomar le 69,615 leabhar a sheachadadh saor in aisce do leanaí tríd an Leabharlann Samhlaíochta.

NCBI

Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill

Le tacaíocht ó Chomhairle Náisiúnta hÉireann do na Daill, tá na teidil Éireannacha uile €1.50 do Lá Domhanda na Leabhar ar fáil anois i bhformáidí Braille, fuaime agus digiteacha, ag cinntiú gur féidir le leanaí a bhfuil lagú radhairc agus deacrachtaí léitheoireachta acu páirt a ghlacadh sa cheiliúradh in éineacht lena bpiaraí. Seachadann An Post suas le 7kg saor in aisce do na daill ar rud ar bith ó leabhair braille, gléasanna chun braille a chruthú, uirlisí scríbhneoireachta, uaireadóirí braille, taifid ghutha de leabhair/nuachtáin/srl, agus go leor eile.

Post Saor in Aisce chuig na Daill
You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service