Skip to main content
Variety of An Post zero emission vehicles and staff along the canal.

Ár gcur chuige

Is é ár gcuspóir in An Post gníomhú ar mhaithe le leas an phobail agus feabhas a chur ar cháilíocht na beatha in Éirinn, anois agus do na glúine atá le teacht.

Forbhreathnú

In An Post aithnímid go mbíonn tionchar ag ár n-oibríochtaí ar gach contae, pobal, teaghlach agus gnó in Éirinn. Táimid ar cheann de na fostóirí is mó, tá ceann de na flíteanna is mó in Éirinn á chothabháil againn, agus tá an líonra miondíola is mó sa tír againn. Táimid tiomanta dá bhrí sin do thionchar dearfach comhshaoil agus sóisialta a bheith againn, do chomhionannas do chách agus do dheiseanna laethúla a chruthú do thomhaltóirí saol níos inbhuanaithe a bheith acu.

David MacRedmond, An Post CEO

Teachtaireacht ónár bPríomhfheidhmeannach

Tuarascáil bhunúsach is ea í seo; Tugtar forléargas inti ar ár dtiomantais, agus is breithmheas macánta í ar na rudaí atá déanta againn. Áirítear agus sonraítear inti An Post ag comhlíonadh a chuspóir “gníomhú ar mhaithe leis an leas coiteann, anois, agus do na glúine atá le teacht” - David McRedmond, Príomhfheidhmeannach An Post. 

Tuilleadh eolais
Infographic showing An Post sustainability commitments at a glance.

Ár ngealltanais i leith na hinbhuanaitheachta - Sracfhéachaint

D’fhonn ár straitéis inbhuanaitheachta a chur i ngníomh tá roinnt gealltanas, spriocanna agus méadrachtaí cumtha againn, le sinn a threorú ar ár n-aistear chun glanastaíochtaí nialasacha a bhaint amach inár n-oibríochtaí féin faoi 2030.

Faigh sracfhéachaint ar ár dtiomantais anseo
Our strategy & purpose is to make a sustainable living commonplace in Ireland through our staff, network & partners. We aim to improve quality of life for now & generations to come.

Ár straitéis agus ár gcuspóir

Is é ár gcuspóir in An Post gníomhú ar mhaithe le leas an phobail agus feabhas a chur ar cháilíocht na beatha in Éirinn, anois agus do na glúine atá le teacht. Le seo a bhaint amach, táimid tiomanta don inbhuanaitheacht a leabú i ngach rud a dhéanaimid

Tuilleadh faoinár straitéis
Smiling female An Post operative delivering a parcel

Gnóthachtálacha 2022

Le roinnt blianta anuas tá An Post ag obair chun gnó níos inbhuanaithe a thógáil, táimid fiú ag tabhairt ár sprioc chun tosaigh agus ag gealladh go mbainfimid amach glanastaíochtaí nialasacha carbóin ónár n-oibríochtaí féin faoi 2030.

Tuilleadh eolais faoinár seachadadh inbhuanaithe in 2022
Two young girls fishing with nets on a sunny day.

Tuarascáil Inbhuanaitheachta An Post 2022

Tá ár dtuarascáil mhionsonraithe bhliantúil ar inbhuanaitheacht foilsithe againn do 2022. Gliogáil ar an nasc chun tuilleadh a léamh faoin dul chun cinn atá déanta againn ar ár n-aistear i dtreo na hinbhuanaitheachta.


Léigh an tuarascáil iomlán
David MacRedmond, An Post CEO alongside a female An Post operative on a zero emissions bike with a giant promotional stamp.

Aistear na hinbhuanaitheachta

Le roinnt blianta anuas, tá An Post ag obair chun gnó níos inbhuanaithe a thógáil, ón bhflít leictreachais is mó a oibriú agus a bheith ar an gcéad seirbhís poist ar domhan chun stádas seachadta astaíochtaí nialasacha a bhaint amach i ngach cathair mhór go deireadh a chur leis an mBearna Pá Inscne arís in 2022.


Ár n-aistear inbhuanaitheachta go dtí seo
an post annual report

Todhchaí inbhuanaithe a chinntiú do na glúine atá le teacht

Tuarascáil Bhliantúil 2021


Léigh an Tuarascáil

Fágann maireachtáil Lorg - Féach Ár Scéal

Tuigimid in An Post, anois níos mó ná riamh, an gá atá le gníomhú ar mhaithe leis an leas coiteann agus le daoine eile a chumhachtú chun an rud céanna a dhéanamh, agus is é sin an fáth go bhfuilimid ag tógáil do thodhchaí níos fearr in An Post le seachadadh poist inbhuanaithe, maireachtáil ghlas agus pobail níos nasctha. Is eol dúinn go bhfágáil Maireachtáil a lorg, le chéile fágaimis lorg a mbeimid bródúil as.


An Post zero emissions vehicle outside the GPO on O'Connell Street, Dublin at sunrise.

An Nuacht agus na Ceannlínte is déanaí

Lean muid ar ár n-aistear agus coinnigh suas chun data leis an nuacht agus leis na himeachtaí is déanaí.

Nuacht Inbhuanaitheachta
You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service