Litir um Thoghchán
Déanann An Post iarracht na critéir a leanas a chur i bhfeidhm le deimhniú go bhfuil Litir um Thoghchán oiriúnach do sheirbhís postais saor in aisce An Post;Critéir le glacadh le post toghcháin in Olltoghcháin
Forchoimeádann An Post an ceart chun aon earraí, dar lena thuairim réasúnach, a ghlacadh nó a dhiúltú:
- más féidir go bhféadfadh siad a bheith ina n-údar náire nó crá dó féin, dá fhostaithe, nó don té a gheobhaidh an t-earra, a d’fhéadfadh a bheith ina leanbh;
- a dhéanfaidh dochar, nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamhm dá chlú;
- atá toirmiscthe nó srianta de réir dlí nó aon rialachán nó treoirlíne;
- atá dainséarach;
- atá nó a d’fhéadfadh a bheith clúmhillteach;
- ina bhfuil ábhar nach mbaineann leis an toghchán;
Tá sé de fhreagracht ar gach iarrthóir a chinntiú nach mbíonn aon cheanglas dlí infheidhme á shárú agus aon athbhreithniú ag An Post chun críche a scéim postais saor in aisce a sholáthar amháin.
Nuashonrú tábhachtach maidir le hiarratais Litir um Thoghchán
Déanann An Post iarracht seachadadh gach Litir um Thoghchán a shocrú de réir an dualgais reachtúil atá air postas saor in aisce a chur ar fáil. Mar gheall ar an líon iarrthóirí atá níos mó ná riamh roimhe seo a bhfuil Litir um Thoghchán á iarraidh acu sa toghchán seo agus chun na críche sin, tá síneadh á chur ag An Post leis an spriocdháta bunaidh chun Litir um Thoghchán a fháil.
Is é an spriocdháta chun Litir chlóite um Thoghchán a fháil ag An Post anois ná 15:00 Dé Luain, an 25 Samhain, in ionad an dúnadh gnó Dé hAoine, an 22 Samhain.
Cuimhnigh, áfach, go bhfuil na hiarratais seo faoi réir Litir um Thoghchán seoladh iomlán clóite le seachadadh ag An Post a fháil. Níl An Post freagrach as acmhainneacht na gclódóirí agus ní féidir leis a bheith freagrach mura mbíonn siad in ann d'iarratas a chomhlíonadh. Ba chóir iarratais ar Litir um Thoghchán a dhéanamh trí na gnáthbhealaí.
Go raibh maith agat as do thuiscint agus do chomhoibriú. Má tá aon cheist agat nó má tá tuilleadh cúnaimh uait, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh lenár bhfoireann toghcháin electionteam@anpost.ie