An Úcráin: Tacaíocht Chuntas Reatha
Cuntais reatha á dtairiscint ag An Post. Más gá duit cuntas reatha a oscailt beir leat na 3 cháipéis seo chuig d’oifig poist:
- Cáipéis aitheantais amháin le grianghraf. M.sh, Pas, Ceadúnas Tiomána nó cárta aitheantais Úcránach (glacfar le cáipéisí éagtha chomh maith)
- Litir ón Roinn Dlí agus Cirt ag dearbhú go bhfuil cosaint shealadach bronnta ort faoi Threoir an AE nó do phas leis an stampa inimirce a fuair tú nuair a tháinig tú go hÉirinn chomh maith leis an UPSP a eisíodh duit le déanaí.
- Cruthúnas ar do sheoladh. Má tá an custaiméir ag cur faoi/fúithi i lóistín atá curtha ar fáil ag an stát, in óstán/teach lóistín/ le gaol nó le teaghlach Éireannach beir leat litir ar pháipéar ceannteidil (bille teaghlaigh i gcás teaghlaigh Éireannaigh) le deimhniú cá bhfuil siad ag cur fúthu.
Le faisnéis shonrach bhreise a fháil maidir le Cuntas Reatha, cuir ríomhphost chuig ukrainecurrentaccount@anpost.ie .
Aimsigh an oifig poist is cóngaraí duit.