Íocaíochtaí Leasa Sóisialaigh
Má tá tú i dteideal tacaí leasa sóisialaigh agus/nó Leas Leanaí a fháil, íocfar é seo san oifig poist atá ainmnithe duit. Tabhair leat an dá cháipéis seo chuig d’oifig poist áitiúil agus gheobhaidh tú d’íocaíocht.
a) An uimhir UPS a fuair tú nuair a chláraigh tú ar theacht duit go hÉirinn.
b) Aitheantas fótagrafach M.sh. do phas, ceadúnas tiomána, nó do chárta aitheantais náisiúnta
(glacfar le cáipéisí éagtha chomh maith).
Seoladh poist fisiceach
Mura bhfuil seoladh iomlán poist agat faoi láthair, tá an tseirbhís fhíorúil shlán Address Point ag An Post chun freastal ar dhaoine atá ag bogadh idir seoltaí sealadacha. Tugann an tseirbhís seo seoladh leithleach poist duit a chuireann ar do chumas do phost a bhailiú ó oifig poist ainmnithe. Is féidir sonraí faoi mhodh oibre na seirbhíse seo a fháil ó Chros Dhearg na hÉireann agus ó eagraíochtaí eile atá ag tacú le daoine a tháinig ón Úcráin le déanaí.
Más gá duit airgead a fháil ón Úcráin nó a sheoladh chuici gan táillí
Más mian leat airgead a fháil ón Úcráin nó a sheoladh chuici is féidir leat é sin a dhéanamh trínár gcomhpháirtí Western Union ag d’oifig poist áitiúil. Ní ghearrfaidh An Post an gnáth-tháille aistrithe.
Faigh Cárta SIM in aisce
Is féidir leat cárta SIM in aisce a fháil le húsáid míosa in aisce san áireamh. Tá sé seo ar fáil i d’oifig poist áitiúil.
Más gá duit Cuntas Reatha a bhunú
Más rud é go bhfuil tú tagtha go hÉirinn mar thoradh ar ghéarchéim na hÚcráine, tacóidh muid leat cuntas reatha a oscailt.
Seol post chuig an Úcráin saor in aisce
Is féidir le gach Úcránach a bhfuil cónaí orthu in Éirinn nó a tháinig go hÉirinn le déanaí leas a bhaint as postas caighdeánach saor in aisce ar litreacha agus beartáin go dtí an Úcráin.
Airgead a bhronnadh ar an Úcráin
Is féidir leat airgead a bhronnadh ar an achainí éigeandála ag d’oifig poist áitiúil. Bronnfar an t-airgead ar fad ar ár bpáirtithe carthanachta UNICEF, Cros Dhearg na hÉireann, GOAL agus Concern.