Skip to main content

Ceol tíre á cheiliúradh ag An Post le bailiúchán stampaí Ceol Tíre

1 Aibreán 2023

Baile Átha Cliath, Éire -Tá an ceol tíre á cheiliúradh ag An Post le heisiúint a gcéad bhailiúchán stampaí Ceol Tíre a thugann aitheantas do chúigear de na réaltaí ceol tíre is aitheanta in Éirinn. In ómós don ghrá domhain atá don cheol tíre in Éirinn, tá ealaíontóir a dtugann lucht leanúna an cheoil gean croí dóibh leis na glúine ar gach ceann de na cúig stampa nua, is iad sin Daniel O'Donnell, Philomena Begley, Cliona Hagan, Nathan Carter, agus Big Tom nach maireann.
 
Nocht na healaíontóirí an bailiúchán nua stampaí seo ar an Late Late Show Country Music Special (Dé hAoine, 31 úMárta). Ag labhairt dó faoi a bheith ar cheann de na stampaí Keeping it Country, dúirt Daniel O'Donnell: “Nuair a bhí mé ar thuras ceolchoirme ar Mheiriceá Thuaidh anuraidh agus roinnt litreacha á seoladh amach agam, d'úsáid mé stampaí a raibh Elvis orthu. Níor shamhlaigh mé riamh go mbeadh m'aghaidh féin ar stampa poist in Éirinn. Tá sé dothuigthe gur tharla sé seo domsa freisin. Tréaslaím leis na réaltaí eile ar fad atá le feiceáil ar na stampaí agus gabhaim mo bhuíochas fosta leis An Post as ómós a thabhairt do cheol Tíre na hÉireann ar an mbealach seo .”
 
Ag fógairt na stampaí nua, dúirt Aileen Mooney Bainisteoir Stampaí Éireann An Post, "Táimid bródúil as ceiliúradh a dhéanamh ar an chuid is fearr de chultúr agus de thallann na hÉireann, agus is sampla iontach é an ceol tíre de sheánra ceoil a bhfuil gean ag daoine de gach aois air agus a thugann pobail le chéile. Tá súil againn go mbeidh an bailiúchán seo ina cheiliúradh buan ar oidhreacht shaibhir cheoil na hÉireann agus go spreagfaidh sé na glúnta d'ealaíontóirí agus de lucht leanúna ceoil tíre atá le teacht sa bhaile agus thar lear."
Tá An Post ag tabhairt cuireadh do lucht leanúna uile an cheoil tíre a bheith páirteach i gceiliúradh shaol ceoil tíre na hÉireann trí na stampaí uathúla seo a chur lena mbailiúchán nó a bhronnadh ar chara. Tá praghas €8.45 ar an leabhrán cúig stampa le trí stampa ráta ‘N’ le haghaidh postais laistigh d'oileán na hÉireann agus dhá stampa ráta ‘W’ le haghaidh postais ar fud an domhain.
 

TáLeabhráin stampaí agus eagrán teoranta speisialta clúdach céadlae ar fáil ar líne ag   anpost.com/country   (le seachadadh saor in aisce) agus in oifigí poist ar fud na tíre fad a mhaireann na stoic.
Tá na dearaí stampa, le Detail Design Studio bunaithe ar phóstaeir agus cláir fógraí chlóite chlasaiceacha ceoil tíre, radharc a bheidh ar aithne ag lucht leanúna a bhí ag freastal ar cheolchoirmeacha agus ar dhamhsaí áitiúla thar na blianta.
 
Bhí an méid seo le rá ag duine de réaltaí nua an cheol tíre  in Éirinn, Cliona Hagan: “Tá mé fágtha gan focal, agus ní minic a tharlaíonn sé sin! Ach is iontach an phribhléid do dhuine ar bith é a chur ar stampa poist. Dom féin agus Nathan ón ghlún óg, tá sé iontach a bheith le feiceáil i gcuideachta na réaltaí móra ceol tíre eile agus is cúis onóir agus tógáil croí a bheith i measc na ndaoine cáiliúla seo."
 
 Dúirt iníon Big Tom, Aishling McBride-
Duffy go raibh sé go hálainn go raibh an oiread measa ag daoine ar a hathair atá ar shlí na fírinne gur chuir siad a aghaidh ar stampa.  Is éacht iontach é agus tá sceitimínín orainn uilig faoi seo. Is iontach an onóir iomlán é agus cuireann sé lena oidhreacht", ar sise.
Dúirt Nathan Carter gur aoibhinn leis an onóir a bheith ar stampa An Post.  "Chuirfeadh sé iontas an domhain ar mo shin-seantuismitheoirí Éireannacha, Winnie agus Jimmy O'Neill, ní chreidfeadh siad é.  Is mór an onóir dom a bheith i gcomhluadar chomh clúiteach. 
"Léiríonn sé freisin an dúil leanúnach atá ag daoine i seánra seo an Cheol Tíre ar fud na hÉireann agus thar lear.  Is ag Dia atá a fhios cá rachaidh m'aghaidh anois ar litreacha – d'fhéadfadh sé a bheith san Astráil nó i Meiriceá nó sa tSeapáin – cá bhfios? arsa Nathan.
Rinne Banríon an Cheol Tíre in Éirinn
, Philomena Begley gáire nuair a dúradh léi go raibh sí le bheith ar stampa.  "Shíl mé nach mbíonn ach laochra náisiúnta, ceannairí domhanda, réaltaí cáiliúla scannán, aireagóirí, agus daoine tábhachtacha eile ar nós polaiteoirí nó ríthe agus banríonacha ar stampaí. Ní shamhlóinn go mbeadh mo leithéid féin ar stampa leis na daoine cáiliúla sin ar fad. Ach ansin is dócha b'fhéidir nach aon eisceacht í Banríon Cheol Tíre ach an oiread!

 

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service