Saoradh Saoil seolta ag An Post le dul i ngleic le fadhbanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta i measc daoine fásta agus leanaí.
7 Meán Fómhair 2023
Sheol Simon Harris TD, an tAire Ard-Oideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta tionscnamh litearthachta An Post, Saoradh Saoil, i gceanncheathrú An Post i bhfoirgneamh EXO.
I gcomhar lena gcomhpháirtithe sa Litearthacht tá an feachtas dírithe ar fheasacht a ardú maidir le riachtanais léitheoireachta agus scríbhneoireachta nár sásaíodh in aosaigh agus i ndaoine óga agus le tacú le hobair na n-eagraíochtaí atá tiomnaithe don dúshlán a réiteach. Thug Patricia Forde, Laureate na nÓg (Laureate Litríochta na nÓg in Éirinn) agus an t-údar agus an maisitheoir do leanaí Alan Nolan tacaíocht do thogra Saoradh Saoil An Post nuair a léigh siad na scéalta is fearr leo do ghrúpa leanaí bunscoile rang a haon ó Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig, An Rinn agus ó Scoil Náisiúnta Labhráis Uí Thuathail, Plás Seville, BÁC 1.
Rachaidh An Post i bpáirt leis an Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta d’Aosaigh (NALA), Gnó sa Phobal in Éirinn (BITCI) Boird Oideachais agus Oiliúna na hÉireann (ETBI), Leabhair Pháistí Éireann agus Leabharlann Samhlaíochta Dolly Parton. Bíonn deacrachtaí ag duine fásta as seisear faisnéis a léamh agus a thuiscint, agus bíonn deacrachtaí le matamaitic bhunúsach ag duine as ceathrar. Nuair nach bhfreastalaítear ar riachtanais litearthachta, bíonn gnóthachtáil íseal oideachais ag roinnt daoine, chomh maith le hioncam níos ísle, drochshláinte agus rátaí dífhostaíochta níos airde.
Agus é ag labhairt ag seoladh oifigiúil Saoradh Saoil dúirt an tAire Simon Harris:
“Cuirim fáilte roimh tiomantas seanbhunaithe An Post don litearthacht in Éirinn le breis agus fiche bliain. Cabhróidh Saoradh Saoil le feasacht níos mó a ardú faoi na tacaí litearthachta atá ar fáil saor in aisce do dhaoine ar fud na tíre, le fadhbanna leanúnacha litearthachta a réiteach, ionas go mbeidh rochtain ag níos mó dár saoránaigh ar dheiseanna níos fearr sa saol. Tá cur chuige comhoibríoch An Post láraithe ar chomhpháirtíocht d’fhonn an teachtaireacht a chur amach faoin litearthacht ag teacht le fís agus straitéis Litearthacht Aosach don Saol (ALL), le cinntiú go mbeidh cur chuige uile-Rialtais agus uile-sochaí á ghlacadh againn i leith na litearthachta. Tá aidhmeanna uaillmhianacha againn i Straitéis ALL. Is mian linn an líon aosach in Éirinn a bhfuil riachtanais litearthachta nár sásaíodh acu a laghdú ó 18% go 7%. Cabhróidh Saoradh Saoil go mór leis na huaillmhianta seo a bhaint amach agus saol daoine a fheabhsú.
Mar gheall air sin, tá an-áthas orm Saoradh Saoil a sheoladh, agus fáilte a chur roimh thiomantas leanúnach don leas sóisialta agus do shochaí níos fearr a thógáil do chách.”
Agus gach rath á ghuí aige ar an gclár dúirt an tUachtarán Michael D. Higgins (Patrún an BITCI):
“Agus an Lá Litearthachta Domhanda ar na bacáin ar an 8 Meán Fómhair, is mór an tógáil croí é eagraíochtaí ar nós An Post a bheith ag gníomhú go dearfach le tabhairt faoi dheacrachtaí litearthachta ó ghlúin go glúin, d’fhonn a chinntiú go mbeidh rochtain ag gach duine sa tsochaí, gan aird ar chúinsí ná cúlra, ar na hacmhainní agus ar an tacaíocht atá riachtanach chun dúshláin litearthachta a shárú.
Níl aon amhras faoin tionchar fad-téarmach a bheidh ag bhur dtiomantas i leith cultúr léitheoireachta agus foghlama a chothú, uirlisí riachtanacha a sholáthar do dhaoine aonair ionas go mbeidh saol níos iomláine acu agus go ndéanfaidh siad a gcion go dearfa ar son ár sochaí, ar shaol a lán daoine, idir leanaí agus aosaigh ar fud na hÉireann.
Dúirt Debbie Byrne, Stiúrthóir Miondíola An Post:
“San am i láthair, braitheann duine as seisear duine fásta in Éirinn scoite ón saol, toisc go bhfuil sé deacair dóibh eolas a léamh agus a thuiscint. Sin é an fáth go bhfuilimid bródúil in An Post as an tacaíocht a thugaimid do chláir léitheoireachta agus scríbhneoireachta ar fud na hÉireann, d’fhonn deiseanna a sholáthar do gach duine. I saol atá tógtha ar fhocail, bíonn daoine a bhfuil deacrachtaí léitheoireachta agus scríbhneoireachta fágtha amach as rannpháirtíocht sa ghnáth-shaol.
“Is mó an seans go mbeidh drochshláinte, easpa rannpháirtíochta polaitiúil, rannpháirtíocht íseal i ngníomhaíochtaí deonacha, agus easpa muiníne i ndaoine eile ag daoine le dúshláin litearthachta. Tá An Post tiomanta don litearthacht in Éirinn le níos mó ná fiche bliain, ach lenár dtiomantas do Shaoradh Saoil, beimid ag déanamh teagmháil lenár gcomh-shaoránaigh, a bhfuil a lán acu fágtha amach as gnéithe áirithe den saol mar gheall ar a riachtanais litearthachta. Is gné lárnach de Chuspóir An Post é seo: gníomhú ar son an leasa coitianta agus cáilíocht na beatha a fheabhsú in Éirinn, anois agus sna glúine atá le teacht.”
Beidh sruth leanaí agus sruth aosach gníomhaíochta i Saoradh Saoil An Post.
Sruth na Leanaí
Mar chuid de shruth na leanaí tá An Post i bpáirt le BITCI (Gnó sa Phobal in Éirinn) mar phríomhurraí ar a gcláir Am Léitheoireachta agus Am Comhairimh. Beidh foireann An Post ag obair go deonach i scoileanna áitiúla, le seisiúin léitheoireachta i bpéirí agus tacaíocht a thabhairt chun cumas leanaí faoi mhíbhuntáiste a shaoradh. Feabhsófar muinín leanaí le clár tacaíochta uimhearthachta An Post, Am Comhairimh, agus cabhróidh sé leo taitneamh a bhaint as le cluichí boird atá roghnaithe go sonrach, agus déanfaidh Am Léitheoireachta An Post ceangal idir baill foirne An Post agus cara léitheoireachta óg i seisiúin léitheoireachta ag úsáid réimse leabhar chun litearthacht na leanaí a fheabhsú le taitneamh.
Ag labhairt dó faoin seoladh dúirt Tomás Sercovich, Príomhfheidhmeannach, Gnó sa Phobal in Éirinn:
“Ó cuireadh tús le Am Léitheoireachta in 2011 bhí os cionn 3,143 rannpháirtí deonach agus os cionn 3,536 leanaí rannpháirteach sa chlár náisiúnta. Tá 52 scoil agus 730 daltaí páirteach sna cláir Am Léitheoireachta agus Am Comhairimh faoi láthair. Tá sé ar intinn ag An Post agus BITC le chéile líon na rannpháirtithe a dhúbailt go os cionn 110 scoileanna agus 1,400 daltaí faoin mbliain acadúil 2024-2025, a bhuíochas don tacaíocht mhaoinithe atá curtha ar fáil ag An Post agus an Fhondúireacht Phobail d'Éirinn.”
I gclár eile meantóireachta do Mhic Léinn ag BITCI beidh baill foirne An Post i bpéirí le daltaí iarbhunscoile, sa tsraith shinsir le haghaidh seisiúin mhíosúla duine le duine in áitrimh An Post. Beidh fostaithe An Post rannpháirteach i gclár BITCI Saol na hOibre mar a mbeidh siad ag tabhairt léargais ar shaol oibre na todhchaí agus ar na scileanna boga riachtanacha atá riachtanach do dhaltaí dara bliana in iarbhunscoil in aice lena gceanncheathrú EXO i mBaile Átha Cliath.
Bhí An Post i bpáirt le Leabhair Pháistí Éireann (CBI) le cúig bliana anuas, ag comhoibriú le tionscnaimh ar nós Treoir Léitheoireachta Bród 2023 agus Lá Domhanda na Leabhar 2023, Clinicí Leabhar Leabhair Pháistí Éireann agus an spraoileabhar ImagineNation. Ag cur fáilte roimh Saoradh Saoil, dúirt Elaina, Príomhfheidhmeannach Leabhair Pháistí Éireann:
“Bhí lúcháir orainn i mbliana gur thacaigh An Post le seachadadh os cionn 14,000 leabhar chuig leanaí ar Lá Domhanda na Leabhar in 2023. Is cúis áthais dúinn chomh maith ár dTreoir Léitheoireachta Bród nuashonraithe a fhoilsiú an samhradh seo, le faisnéis faoi 200 leabhar iniatach LGBTQ+ do léitheoirí 0-18, ina dtugtar bealaí inar féidir caoinfhulaingt, comhghuaillíocht agus muinín a spreagadh i leanaí agus i ndaoine óga. D'eisíomar an treoir i bpáirt le feachtas An Post #ReadersWanted, a leanfaidh ar aghaidh i rith 2023. Táimid ag tnúth le bheith ag obair leis An Post chun léitheoirí óga a spreagadh ar fud na hÉireann sna blianta atá romhainn.”
Beidh An Post ag leanúint ar aghaidh leis an obair thábhachtach le Leabharlann Samhlaíochta Dolly Parton, ag seachadadh na mílte leabhar chuig leanaí. Thar ceann clár Leabharlann na Samhlaíochta, ghabh Marion Quinn, Príomhfheidhmeannach an Tionscnamh Forbartha don Óige, buíochas leis An Post as leabhair a sheachadadh saor in aisce chuig na mílte leanaí 0-5 bliana d'aois gach mí i gceantar poist Bhaile Átha Cliath 24 agus i gCathair Chorcaí.
“Féadfaidh leanaí leabhar a fháil gach mí, gan chostas don teaghlach. Luaigh tuismitheoirí gan áireamh na sceitimíní a bhíonn ar a gcuid leanaí nuair a thagann a leabhar nua gach mí. Spreagann an tseirbhís an luath-léitheoireacht, scileanna airde agus cabhraíonn sé leo ullmhú don scoil. Sa bhliain 2022,
thacaigh An Post le 72,856 leabhar a sheachadadh saor in aisce chuig leanaí trí Leabharlann Samhlaíochta Dolly Parton. Go dtí seo in 2023, rinneadh seachadadh ar 50,076 leabhar agus táimid ag súil le leanúint ar aghaidh leis seo sna blianta atá le teacht.”
Sruth na nAosach
I Sraith na nAosach, tá An Post ag tacú le Litearthacht Aosach don Saol (ALL) - Straitéis deich mbliana a chinntíonn go mbeidh cur chuige uile-Rialtais agus uile-sochaí á ghlacadh againn i leith na litearthachta. Tá fís ag Straitéis ALL d'Éirinn ina mbeidh an litearthacht, an uimhearthacht agus an litearthacht dhigiteach atá riachtanach le bheith lánpháirteach sa tsochaí ag gach aosach agus iad in ann a gcumas a fhíorú.
Le Saoradh Saoil, beidh An Post i bpáirt le NALA, Comhordaitheoir Litearthachta Réigiúnacha agus Boird Oideachais agus Oiliúna na hÉireann, le tacú le feasacht a thógáil in Oifigí Poist éagsúla i mí Mheán Fómhair 2013.
Beidh An Post ag tacú le hobair NALA chun cabhrú le scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta na n-aosach trí urraíocht a dhéanamh ar an Lá Idirnáisiúnta Litearthachta ar an 8 Meán Fómhair 2023 agus le feachtas earcaíochta chun aosaigh a spreagadh chun filleadh ar an oideachas i bhFómhar na bliana 2023.
Dúirt Colleen Dube, Príomhfheidhmeannach NALA, “Bíonn os cionn 500,000 duine in Éirinn ag streachailt le léitheoireacht agus le faisnéis a thuiscint. Ciallaíonn sé seo go mb'fhéidir nach bhfuil siad in ann foirm a chomhlánú, lipéid leighis a léamh, cabhrú lena leanaí leis an obair bhaile, nó léamh lena leanaí. Táimid ag súil, le tacaíocht An Post, go mbeidh 30% níos mó foghlaimeoirí neamhspleácha aosacha againn ar Foghlaim le NALA, ár n-ardán ríomhfhoghlama, faoi 2025. Molaimid d’aosaigh a mhothaíonn go bhfuil cabhair ag teastáil uathu glaoch orainn ag 1800 20 20 80."
Chomh maith leis sin, tá síneadh curtha ag An Post lena n-urraíocht ar Ghradam Leabhar An Post go dtí an bhliain 2025, leis an chuid is fearr den scríbhneoireacht agus taitneamh na léitheoireachta a cheiliúradh. Tá a infheistíocht in BookTok, fo-phobal ar TikTok atá dírithe ar leabhair agus litríocht, méadaithe ag An Post chomh maith. Déanann cruthaitheoirí físeáin le léirmheasanna, plé, agus greann faoi na leabhair atá léite acu.
Seolfar Feachtas Saoradh Saoil An Post ar Lá Idirnáisiúnta na Litearthachta, an 8 Meán Fómhair 2023 agus leanfaidh sé ar aghaidh ar feadh ceithre sheachtain agus leanfar ar aghaidh le tionscnaimh éagsúla i rith na bliana seo agus na bliana seo chugainn.