Bearna Phá de Náid á tuairisciú ag An Post don Cheathrú Bliain as a chéile
14 Eanáir 2025
Don cheathrú bliain as a chéile is é An Post an chéad fhostóir mór in Éirinn atá in ann Bearna Phá de Náid idir Fir agus Mná a fhógairt, rud a léiríonn a thiomantas leanúnach do chomhionnanas agus don chuimsiú. Ó 2019, tá dul chun cinn suntasach déanta ag An Post, mar a bhfuil os cionn 9,000 duine fostaithe, le cothromas ionadaíochta inscne a bhaint amach ar fud an ghnó. Léirítear bearna phá mheánach inscne de -2.8% san uair i bhfabhar na mban le bearna mheánach de 0.7% san uair.
Sonraítear an dul chun cinn leanúnach in ionadaíocht bhaineann ag gach leibhéal san eagraíocht i dTuarascáil Bhearna Phá An Post 2024. Tháinig méadú de níos mó ná aon trian (38%) ar ionadaíocht bhaineann sa Ghrúpa Ardbhainistíochta ó 34% go 47% ón mbliain 2021. Ar an gcaoi chéanna d’fhás an ionadaíocht bhaineann sa Ghrúpa Bainistíochta Ginearálta ó 36% in 2021 go 40% in 2024. I measc oibrithe poist (Seachadadh agus Sortáil), mar a raibh na fir chun cinn go traidisiúnta, tá ionadaíocht bhaineann méadaithe de réir a chéile ó 13% in 2021 go 15% in 2024.
Dúirt Eleanor Nash, Príomhoifigeach Daoine, An Post, agus í ag labhairt faoin tuarascáil: “Tá áthas orm go bhfuil dul chun cinn leanúnach á dhéanamh maidir le comhionnanas do chách in An Post, is léargas é ar ár dtiomantas i leith bearta móra a dhéanamh le torthaí iontacha a bhaint amach.”
Bearta Móra in 2025
I dtuarascáil 2024, luaigh An Post ceithre chrann taca atá ann le hionadaíocht na mban a fheabhsú agus straitéis Éagsúlachta, Cothromais agus Cuimsithe na cuideachta a neartú. Leis na crainn taca seo, bhunaigh An Post an córas nua rianaithe iarrthóirí is fearr dá chineál le haghaidh earcaíochta le léargas níos fearr a thabhairt ar na hiarrthóirí éagsúla atá a mealladh chuig róil. Tá stráitéis nua dhá bhliain éagsúlachta, cothroime agus Cuimsithe (ÉCI) seolta tar éis do An Post an dara Shuirbhé Cuimsitheachta a dhéanamh agus aiseolas a fháil ó ghrúpaí fócais ar fud na cuideachta.
Rinneadh tagairt chomh maith i dTuarascáil 2024 do Bheartas Tacaíochta Meabharshláinte An Post agus do Threoir Plé Bainisteoirí Líne, a cuireadh le chéile i gcomhar le comhpháirtithe ceardchumainn An Post. Ag an tús, nochtaigh An Post ‘An Eilifint sa Seomra’, gluaiseacht le cead agus uachtach a thabhairt do dhaoine le labhairt go hoscailte faoina meabharshláinte. Thug an fhoireann “Misneach” ar an eilifint, a théann ar cuairt ar ionaid An Post ar fud na tíre leis an tiomantas chun tacú le meabharshláinte na bhfostaithe a threisiú.
In 2024 chomh maith sheol An Post Institiúid An Post, creat foghlama agus forbartha den chéad scoth a thugann tacaíocht d’fhostaithe i ngach cuid de An Post chun cur lena scileanna agus a gcumas a fheabhsú don todhchaí, go háirithe i scileanna digiteacha, anailísíocht sonraí, grinneas tráchtála agus éifeachtúlacht oibriúcháin, d’fhonn a ngairm a fhás.
Aird ar Jade agus Beatrice
Dhírigh tuarascáil 2024 ar bheirt rannpháirtí sa Chlár Luathrú Ban Aspire a seoladh in 2021, ar tugadh ardú céime dóibh go róil nua i ngnó Litreacha agus Beartáin An Post. Tá 125 mná tar éis páirt a ghlacadh in Aspire go dtí seo, clár atá dírithe go sonrach ar thalann na mban a fhorbairt agus a neartú in An Post, ag tacú le dul chun cinn na mban ina ngairm.
Mar a deir Jade Molloy, a thosaigh mar Oibrí Poist i mí Mhárta 2019 agus tá anois ina Bainisteoir Seirbhísí Seachadta, ‘Thug an clár Aspire an mhuinín dom le cur isteach ar an ról a theastaigh uaim ó thosaigh mé ag obair in An Post. Ní féidir an t-eolas agus an mhuinín a fuair mé ón gcúrsa a shárú. Is féidir dul chun cinn a dhéananmh i gcónaí sa chuideachta seo sa treo a theastaíonn uait agus cuirtear na huirlisí atá ag teastáil ar fáil chun cabhrú leat.”
Bhí an méid seo le rá ag Beatrice Olteanu, a thosaigh mar Oibrí Poist i mí Bhealtaine 2021 agus tá anois ina Treoraí Oibre sa ghnó Seachadta: “Tá an dul chun cinn a rinne mé in An Post ag brath ar obair chrua, agus ar na daoine iontacha a casadh orm ar mo shlí - daoine a thug spreagadh dom, a d’aithin an cumas ionam agus a threoraigh sa treo ceart mé. Chabhraigh na cúrsai le m’fhéinmhuinín, agus bhí mé in ann dul chun cinn agus fás leis na teicnící go léir a d’fhoghlaim mé.”
Go traidisiúnta, is fir is mó a bhíonn ag obair mar oibrithe poist i sortáil agus seachadadh, le ráta ard coinneála agus láimhdeachas íseal. Tá am ag teastáil chun athrú a dhéanamh sa chóhort seo mar go dtarlaíonn folúntais go fánach de réir mar a théann daoine ar scor nó mar a thugtar ardú céime dóibh ar fud na tíre ach tá An Post tiomanta do dhul chun cinn a dhéanamh go seasta.
Na Mná á gCeilúradh, freastal pobail
Seoladh stampaí Lá Fhéile Bride in 2024, mar cheiliúradh ar Naomh Bríd agus ar an mbandia Brigid, agus thug An Post aitheantas do Lá na mBan 2024 trí Chumhacht na Scéalaithe Ban mar ghuth sa tsochaí a cheiliúradh.
Dúirt David McRedmond, Príomhfheidhmeannach An Post: Tá tiomantas leanúnach i leith an chomhionnanais á léiriú sna torthaí. Creidimid go daingean go bhfuil athrú suntasach dearfa á dhéanamh ag an méadú in ionadaíocht na mban in An Post ó thaobh nuálaíochta, comhoibrithe agus rath na cuideachta go ginearálta.
Tiomantais don bhliain 2025
Tá tiomantais éagsúla déanta don bhliain 2025 sa tuarascáil:
- Níor mó dár nOibrithe Poist a spreagadh le clárú le Clár Luathrú Ban Aspire na mBan.
- Oiliúint i gComhionannas Inscne agus i gCeannaireacht Chuimsitheach a chur ar fáil do Bhainisteoirí Líne
- An Post a chur chun cinn mar áit oibre iontach do mhná trí fheachtais spriocdhirithe
- Leanúint ar aghaidh le beartais atá báúil don teaghlach
Is féidir cóip iomlán de Thuarascáil Bhearna Phá Inscne An Post a fheiceáil agus a íoslódúil ag:
www.Anpost.com/genderpay2024