De bharr rialacha diana nua Custam an AE a rialaíonn earraí neamh-AE, a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2021, bíonn muirir CBL agus chustam le híoc anois nuair a cheannaítear earraí lasmuigh den AE. Tá An Post anseo le cabhrú leat agus an siopadóireacht ar líne a éascú duit.
Cabhraigh linn beartáin ón RA a shaoradh
Níl an saol éasca do bheartáin ón RA. Bíonn muirir chustam dlite ar sheachadtaí áirithe ón RA, ar nós an bheartáin seo de gheansaithe seanré Learphoill. Agus mura ndéileálann an miondíoltóir ar líne leo roimh ré, ní mór iad a íoc sular féidir le An Post do bheartán a sheachadadh. Le rudaí a dhéanamh níos éasca duit, seolfaimid cárta poist, ríomhphost nó téacs chugat nuair a bhíonn muirir chustam le híoc. Féadfaidh tú iad a íoc go héasca le haip An Post, ar anpost.com nó i d'oifig poist áitiúil. Nuair a bhíonn an íocaíocht déanta, déanfaimid an seachadadh laistigh de chúpla lá.
Mar sin, ná bíodh do bheartán ón RA ar an gcéatadán beag a sheoltar ar ais.
Acmhainní Custam
Má cheannaíonn tú earraí lasmuigh den AE, d’fhéadfadh muirir chustam (Dleacht Chustam, Dleacht Mháil, CBL) a bheith iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim. Bailíonn An Post na muirir chustam seo uait agus íocann sé iad leis na Coimisinéirí Ioncaim ar do shon. Is féidir iad a íoc ar líne nó i d’oifig poist áitiúil.
Cé go bhfuil muirir ann, is féidir fós siopadóireacht a dhéanamh go héasca ar líne. Tá siopadóireacht ar líne sábháilte agus áisiúil, tá níos mó daoine ag siopadóireacht ar líne agus tá amanna seachadta don chuid is mó de bheartáin ríomhthráchtála níos tapúla ná riamh. Tá siopadóireacht ar líne ag dul ar aghaidh go réidh go háitiúil in Éirinn, le soláthraithe AE agus le miondíoltóirí móra idirnáisiunta ar nós Amazon, Marks & Spencer, agus River Island, atá freagrach as formhór na mbeartán a thagann isteach in Éirinn.
Ach bíonn moill áirithe ann mar gheall ar fhadhbanna ar nós miondíoltóirí nach soláthraíonn go leor de na cáipéisí leictreonacha a éilítear le rialacháin Chustam. Molaimid do chustaiméirí a fhaigheann beartáin as lasmuigh den AE seiceáil leis an seoltóir go bhfuil na cáipéisí cuí á gcomhlánú acu le haghaidh na mbeartán a sheolann siad. Is féidir tuilleadh comhairle a fháil sna Ceisteanna Coitianta.
Léigh ár dtreoir don siopadóireacht ar líne
Is féidir ár dtreoir don siopadóireacht ar líne a íoslódáil chomh maith anseo.
Tá Treoir An Post i gceist le haghaidh faisnéise amháin. Tá ceannachán earraí ar líne lasmuigh den AE (RA san áireamh) faoi réir ag reachtaíocht Custam agus CBL an AE. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar Shuíomh na gCoimisinéirí Ioncaim.
Príomhathruithe
Má cheannaíonn tú earraí ar líne lasmuigh den Aontas Eorpach (AE) d’fhéadfadh muirir chustam (CBL, Dleacht Chustam, Dleacht Mháil) a bheith iníoctha agat. Baineann na muirir seo le hiompórtáil do chuid earraí de réir reachtaíocht ábhartha an AE, tá breis faisnéise ar Shuíomh na gCoimisinéirí Ioncaim.
Ní bheidh aon athrú ar an chuid is mó de do shiopadóireacht ar líne mar go gcuirtear CBL agus muirir chustam i bhfeidhm ag an gcuntar amach ag na miondíoltóirí is mó a ndéanann An Post seachadadh ar a son, agus ní gá aon rud eile a dhéanamh don seachadadh.
Mura gcuirtear CBL agus muirir chustam i bhfeidhm ag an gcuntar amach, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim muirir a ghearradh nuair a thagann do chuid earraí go hÉirinn.
Ceannach ó mhiondíoltóirí neamh-AE níos lú
Mar gheall ar thionchar na Breatimeachta, tá moill mhór ar chustaiméirí áirithe in Éirinn a cheannaíonn ó mhiondíoltóirí neamh-AE níos lú nó miondíoltóirí sainiúla, nó níl na hearraí á bhfáil acu ar chor ar bith. Cuirtear isteach ar bheartáin bhronntanais a chuireann gaolta agus cairde sa Bhreatain chuig seoltaí in Éirinn chomh maith.
Eascraíonn sé seo as riachtanas an AE le haghaidh cáipéisí leictreonacha breise agus níos mó earraí a bheith srianta nó toirmiscthe ó theacht isteach in Éirinn ó mhargaí neamh-AE. Níl a lán miondíoltóirí beaga, níos sainiúla sa Bhreatain eolach ar an riachtanais seo agus/nó níl na córais riachtanacha siopadóireachta ar líne suiteáilte acu le díol in Éirinn, agus bíonn moill ann do chustaiméirí nó seoltar earraí ar ais nuair a thagann siad go hÉirinn.
* Tá cuid de mhiondíoltóirí ar líne An Post sa liosta seo. Seiceáil ar ais le haghaidh nuashonruithe.
Bronntanais ó ghaolta agus cairde
Tá sonraí bailí leictreonacha riachtanach le haghaidh bronntanas faoi luach €45 (postas san áireamh) ó thíortha neamh-AE ach ní gá custaim ná CBL a íoc orthu. Déan cinnte go n-insíonn tú do chairde agus gaolta nach mór sonraí leictreonacha a bheith le hearra nuair a sheoltar é. Gearrtar táille custam ar bhronntanais níos mó ná €45, íoctha ag an fhaighteoir.
Ceisteanna custam eile
Value Added Tax (VAT) is charged on the sale of goods and services, (VAT) is calculated based on the value added at each stage of production or distribution
When you buy an item from a non-EU retailer, VAT is applied as a percentage of the total cost Postage and handling fees are also included in the overall price, meaning that if you order an item online, the shipping costs are factored into the total amount subject to VAT. This ensures that both the product and the service of delivery are taxed appropriately, providing transparency in the final price you pay.
Value Added Tax (VAT) can vary by country, but here are some common types
Standard Rate VAT (23%):
Reduced Rate VAT (13.5%):
Second Reduced Rate (9%):
Zero Rate VAT:
Each country may have its own specific regulations and rates, so it's always best to consult local tax authorities for detailed information. For further information, on types of VAT and their categories please visitrevenue.ie under Current Vat rates
Customs Duty If the value of goods exceeds €150, additional import duties may apply. For more details, please visit Revenue website on Import Charges. Excise Duty For comprehensive information on excise duty rates, including applicable rates for specific goods, please refer to Revenue Excise Duty Rates page.
De réir phrótacal Thuaisceart Éireann, ní bheidh beartáin a thagann as Tuaisceart Éireann go Poblacht na hÉireann faoi réir CBL agus muirir chustam ach caithfear fós iad a imréiteach trí Chustaim na hÉireann.
Má cheannaíonn tú earraí as lasmuigh den AE d’fhéadfadh go mbeidh ort muirir chustam a íoc (Dleacht Custam, Dleacht Máil, CBL) le Coimisinéirí Ioncaim na hÉireann.
Bailíonn An Post na muirir chustam seo uait agus íocann sé iad leis na Coimisinéirí Ioncaim ar do shon.
Tá sé éigeantach do An Post na muirir chustam seo a bhailiú, ní féidir leis An Post d'earraí a sheachadadh go dtí go mbíonn na muirir seo íoctha.
Má chaill tú giuirléidí pearsanta i dtír neamh-AE agus má tá tú ag iarraidh go gcuirfí ar ais chugat é, ní mór duit an t-eolas thíos a chur ar fáil do An Post, a iarrfaidh baint/aisíoc an mhuirir chustaim a ardaíodh ar do shon:
Cóip de do chúrsa taistil (íomhánna de thicéid eitilte/cruthúnas ar eitiltí)
Cruthúnas fála/úinéireachta
Comhfhreagras ón seoltóir chuig an bhfaighteoir (is leor gabhálacha scáileáin de SMS)
Má sheol tú earra chuig tír neamh-AE lena dheisiú agus má tá tú ag iarraidh go gcuirfí ar ais chugat é, ní mór duit an t-eolas thíos a chur ar fáil do An Post, a iarrfaidh baint/aisíoc an mhuirir chustaim a ardaíodh ar do shon:
Cóip den sonrasc bunaidh/deisiúcháin ón seoltóir
Cruthúnas easpórtála (An uimhir rianaithe a úsáideadh chun an t-earra a sheoladh)
Comhfhreagras ón seoltóir maidir le deisiú a bheith déanta/seoladh ar ais (más féidir)
Tar éis breithniú cúramach a dhéanamh agus i gcomhréir le treoirlínte rialála, ní éascóidh An Post Aistriú Cónaithe a thuilleadh.
Le héifeacht ó dheireadh 2023, tá An Post tar éis scor dá thacaíocht d'iarratais ar Aistriú Cónaithe. Tá sé ríthábhachtach a thuiscint nach seirbhís oifigiúil é Aistriú Cónaithe a chuireann An Post ar fáil. I gcás daoine aonair a bhíonn ag lorg tacaíochta d'Aistriú Cónaithe, molaimid iniúchadh a dhéanamh ar sheirbhísí loingseoireachta idirnáisiúnta a dhéanann speisialtóireacht ar aistrithe idirnáisiúnta a éascú. De rogha air sin, cuireann an láithreán gréasáin um Fhaisnéis do Shaoránaigh treoir luachmhar ar fáil maidir le méadair chiúbacha agus troithe ciúbacha a ríomh - méadrachtaí a úsáideann cuideachtaí idirnáisiúnta aistrithe go coitianta.
Más mian leat muirear chustam d’earra a cheistiú, cuir ríomhphost chuig eCommChargeQuery@anpost.ie le d’uimhir rianaithe, tagairt chustam, agus cóip den ordú ceannacháin bunaidh. Freagróidh ár bhfoireann tú go díreach chun d'fhadhb a réiteach.
Is féidir do mhuirir chustam a íoc mar a leanas:
Ar líne, ag úsáid do chárta creidmheasa/dochair agus an uimhir thagartha Custam a thugtar ar an gCárta Poist/SMS/ríomhphost; nó in aon oifig poist, ag úsáid do chárta creidmheasa/dochair nó airgead tirim. Beir leat an ríomhphost nó an cárta a fuair tú sa phost nuair a théann tú chuig Oifig an Phoist.
Nuair a bhíonn d'íocaíocht críochnaithe, déanfaimid socruithe chun d’earra a sheachadadh a luaithe is féidir.
Má tá muirir chustam dlite ar d’earra, gheobhaidh tú cárta poist sa phost le sonraí na muirear. Déanfaimid iarracht chomh maith ríomhphost agus/nó SMS a chur má thug an seoltóir na sonraí sin dúinn (miondíoltóir nó duine atá ar d'aithne).
Má cheannaíonn tú earraí as lasmuigh den AE d’fhéadfadh go mbeidh ort muirir chustam a íoc (Dleacht Custam, Dleacht Máil, CBL) le Coimisinéirí Ioncaim na hÉireann.
Bailíonn An Post na muirir chustam seo uait agus íocann sé iad leis na Coimisinéirí Ioncaim ar do shon.
Tá sé éigeantach do An Post na muirir chustam seo a bhailiú, ní féidir leis An Post d'earraí a sheachadadh go dtí go mbíonn na muirir seo íoctha.
Tá foireann de chuid Custaim na gCoimisinéirí Ioncaim bunaithe in Ionad Poist An Post le maoirsiú a dhéanamh ar imréiteach custam earraí iompórtáil.
Ní mór don seoltóir sonraí comhlíontacha leictreonacha custam a sholáthar le gach earra neamh-AE isteach Ní bhíonn a lán sainmhiondíoltóirí beaga sa Bhreatain eolach ar na riachtanais seo agus/nó níl na córais siopadóireachta riachtanacha chun díol in Éirinn, agus cuirtear moill ar bheartáin ag na Custaim nó seoltar ais ais iad nuair a thagann siad go hÉirinn. Fan linn agus muid ag obair chun an fiosrú seo agus fiosraithe reatha eile a réiteach.
Is cuma an bronntanas é an t-earra nó nach ea, ní mór é a imréiteach le custaim. Beidh ort na muirir chustam a íoc mar atá siad ríofa chun d’earra a fháil.
Féadfar bronntanais a iompórtáil saor ó CBL agus muirir chustam nuair a bhíonn luach an bhronntanais (lena n-áirítear costais árachais, lastais agus postais) cothrom le €45 nó níos lú agus má tá dearbhú ceart leictreonach déanta don bhronntanas dá réir le haghaidh cuspóirí custam srl.
Tá faisnéis maidir le láimhseáil bronntanas ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.
Má cuireadh d’earra poist ar ais chuig an seoltóir nó má tá tú ag fanacht le heolas chun dáta a fháil maidir le d’earra, is dócha go raibh an dearbhú custam leictreonach a rinne an miondíoltóir/seoltóir neamhleor nó neamhbhailí, de réir na rialachán Custam. Ní féidir le An Post an dearbhú custam a leasú agus mar sin, ní mór earraí lena mbaineann sonraí neamhiomlána a sheoladh ar ais.
Féadfaidh go mbaineann na hearraí laistigh de do bheartán le catagóir earraí a bhfuil cosc nó srian curtha orthu ag Coimisinéirí Ioncaim na hÉireann.
Maidir le hearraí neamhshrianta/coiscthe, beidh ort teagmháil a dhéanamh leis an seoltóir agus iarraidh orthu dearbhú custam agus na sonraí iomlána luaite air a chur isteach le d’earra agus é á athsheoladh. Cabhraíonn ár nAimsitheoir cód TARIC le miondíoltóirí tuiscint a fháil ar an eolas riachtanach.
Seolfar d’earra ar ais chuig an seoltóir murar íocadh an táille custam faoin dáta “íoc faoin dáta seo”.
Tabhair do d'aire go gcuireann na Custaim cúinsí éagsúla san áireamh nuair a bhíonn muirir chustam á ríomh. Tá na sonraí seo ar fáil ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim
Gearrtar muirir chustam ar an mhórchuid d’earra í a iompórtáiltear de réir na dlíthe ábhartha. Bailíonn An Post na muirir seo agus íocann sé iad leis na Coimisinéirí Ioncaim ar do shon.
Féadfaidh An Post táille a ghearradh chun an t-earra a láimhseáil, a bhailiú agus a phróiseáil. Nuair is infheidhme, cuirfear an muirear seo le muirir chustam a ghearrann na Coimisinéirí Ioncaim ar d’earra. Tá an táille ann chun costais riarachán bhailiú agus a phróiseáil na híocaíochta ón seolaí a chlúdach.
Má tá d’earra curtha ar ais chuig an seoltóir nó má tá tú ag feitheamh ar uasdátú maidir le d’earra, is dócha go raibh an dearbhú leictreonach custam a rinne an miondíoltóir/seoltóir neamhimleor nó neamhbhailí de réir na rialacháin Custam. Ní féidir leis An Post dearbhú custam a leasú agus mar sin ní mór earraí le sonraí neamhiomlána a chur ar ais. Téigh chuig ár leathanach cur ar ais chuig an seoltóir le haghaidh tuilleadh faisnéise.
Ní mór don seoltóir na míreanna a leanas a chur ina ndearbhú custam leictreonach:
Cód bailí HS/TARIC: - úsáid ár n-uirlis Cód TARIC chun an cód TARIC ceart d'earraí a aimsiú
Cur síos bailí ar a bhfuil á sheoladh
Tír thionscnaimh an earra.
Luach an earra
Sonraí postais, árachais agus lastais atá íoctha
Ainm agus seoladh an tseoltóra
Meáchan an phacáiste nó an bheartáin
Ainm agus seoladh an tseolaí
D’fhéadfadh na hearraí i do bheartán a bheith i gcatagóir earraí a mheastar a bheith toirmiscthe nó srianta ag Coimisinéirí Ioncaim na hÉireann
Le haghaidh earraí nach bhfuil srianta nó toirmiscthe, beidh ort teagmháil a dhéanamh leis an seoltóir agus a iarraidh orthu dearbhú custam a chur faoi bhráid le sonraí iomlána nuair a sheolann siad d’earra arís. Cabhraíonn ár n-aimsitheoir cód TARIC le miondíoltóirí an fhaisnéis riachtanach a thuiscint.
Cuirfear d’earra ar ais chuig an seoltóir mura mbíonn na muirir íoctha ar an ‘dáta íoctha’.
You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences
We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.
Let's stay in touch
Get the latest offers and news from the An Post group of companies by: