Treoir Bród do leanaí
Agus é ina urraitheoir bródúil ar Fhéilte Bród Bhaile Átha Cliath & Chorcaí agus ar Ghradaim Leabhar na hÉireann, tá ríméad ar An Post dul i gcomhpháirtíocht le Leabhair Pháistí Éireann leis an Treoir Bród speisialta seo do leanaí. Creidimid go bhfuil sé de cheart ag gach leanbh iad féin a fheiceáil i leabhar, agus díríonn na teidil sa Treoir Bród seo ar indibhidiúlacht agus cuimsiú a cheiliúradh, agus ar phríomhcharachtair a shainaithníonn mar LGBTQ+, cibé acu is é a n-inscne nó a ngnéasacht buntéama an scéil nó nach ea.