Skip to main content
An Post zero emissions vehicle driving through urban street at sunrise.

An t-aistear go dtí seo

Gníomhú ar son na haeráide

Forbhreathnú

Táimid ag díriú go leanúnach ar ghníomhartha aeráide a sheachadadh agus táimid ar an mbóthar ceart i gcónaí chun ár n-astaíochtaí carbóin a laghdú 50% faoi 2025 agus glanastaíochtaí carbóin nialasacha ónár n-oibríochtaí féin a bhaint amach faoi 2030.

Image Alt Text

Ár n-astaíochtaí a laghdú

Rinneamar laghdú 3,395 tonna carbóin arár n-astaíochtaí in 2022, arb ionann é agus laghdú 12% bliain ar bhliain agus laghdú 35% ó 2009. Baineadh é seo amach mar thoradh ar fheabhsuithe leanúnacha ar bhainistíocht fuinnimh chomh maith leis na córais téimh agus aerchóirithe inár réadmhaoine a bhainistiú. Chuir leictriú leanúnach ár bhflít agus tabhairt isteach breosla HVO le laghdú 2,683 tona carbóin ar astaíochtaí ár bhflít iompair Scóip 1. Ina theannta sin, tháinig laghdú 11% ar astaíochtaí ó iompar ar bhóthar in 2022 de réir mar a taistealaíodh 2.7 milliún km breise inár bhflít leictreach agus ní bhíonn aon astaíochtaí NOx ó fheithiclí leictreacha. 

Image Alt Text

Astaíochtaí carbóin na n-earraí poist

In 2022 gheallamar sonraí a roinnt lenár bpiaraí i gclár SMMS IPC ar thosca astaíochtaí le haghaidh earraí poist agus leanfaimid orainn ag obair lenár gcomhpháirtithe tionscail chun tuairisciú na dtosca astaíochtaí a chaighdeánú. Táimid ag obair ar ríomh táscach tosca astaíochtaí a sholáthar dár litreacha, paicéid agus beartáin chun faisnéis a sholáthar dár gcustaiméirí maidir leis na meánastaíochtaí a astaítear. Rinneadh na hastaíochtaí a ríomh ar bhonn mheán-mheáchan na litreacha agus na mbeartán a shainaithint agus é sin a roinnt ar na hastaíochtaí agus iad á n-iompar chuig a gceann scríbe. 

Image Alt Text

Usáid fuinnimh a laghdú inár bpunann réadmhaoine

Leanaimid orainn ag glacadh céimeanna chun feidhmíocht fuinnimh agus comhshaoil a fheabhsú. In 2022, rinneamar laghdú 12,795,406 kWh ár n-úsáid fhoriomlán fuinnimh. Is ionann é seo agus laghdú 9.5% bliain ar bhliain agus laghdú 10.8% ónár leibhéil réamh-phaindéime in 2019. Ina theannta sin, tá an éifeachtúlacht úsáide leictreachais in aghaidh an m2 feabhsaithe againn ó 72 kWh go 65 kWh, baineadh amach feabhas 14.47% ar éifeachtúlacht sa leictreachas a úsáidtear. 

In 2022 thugamar faoi roinnt tionscnamh bainistíochta fuinnimh:

Image Alt Text

Soilsiú Éifeachtúil ó thaobh Fuinnimh

Ag leanúint ar aghaidh ó athsholáthar rathúil ar gach soilsiú seachtrach inár n-oifigí le soilsiú atá tíosach ar fhuinneamh in 2021, chuireamar suiteáil soilsiú inmheánach atá tíosach ar fhuinneamh i gcrích ar fud ár bpunann réadmhaoine, ag comhlíonadh ár sprioc soilsiú atá tíosach ar fhuinneamh a chur in ionad gach soilsithe in 2022. Chuir ár n-uasghrádú ar shoilsiú atá tíosach ar fhuinneamh le laghdú os cionn 1 mhilliún kWh ar ár n-úsáid leictreachais ó 2019.

Image Alt Text

Téamh

Leanamar lenár gclár suiteála do rialuithe téimh in 2022, le forbairt bhunachar nua sonraí monatóireachta fuinnimh. Rinneamar mórsholáthar ár nGás Peitriliam Leachtach (GPL) a thiontú go Bith-GPL in 25 réadmhaoin, ag sábháil thart ar 140 tonna d'astaíochtaí carbóin in 2022, agus le sábháil ionchasach os cionn 200 tonna carbóin in aghaidh na bliana. Chuir na tionscnaimh seo le chéile feabhas ar éifeachtúlachtaí inár n-oifigí agus mar thoradh air sin rinneadh laghdú 660 tonna ar astaíochtaí carbóin.

Image Alt Text

Réadmhaoine coincheapa

Bhí seoladh ár gclár “Concept Properties ”, a bhfuil sé mar aidhm aige teicneolaíochtaí nuálacha agus maireachtáil inbhuanaithe a thástáil ar fud suíomhanna roghnaithe An Post ar cheann de na príomhéachtaí a rinneamar in 2022. Dhírigh an clár seo ar dhá réadmhaoin i Loch Garman agus i gCeatharlach a ghníomhaigh mar theimpléid chun an úsáid is fearr a bhaint as córais fuinnimh éagsúla a fhiosrú, foinsí fuinnimh malartacha agus rochtain phoiblí ar phointí luchtaithe tapa EV, agus muid ag bogadh i dtreo ár bpunann réadmhaoine a iarfheistiú. Tá sé mar aidhm againn ár bpunann réadmhaoine a iarfheistiú go caighdeán “B3” BER (Rátáil Fuinnimh Foirgnimh), a gcuimseofar roinnt straitéisí le héileamh fuinnimh a chothromú ar fud ár n-áitribh, mar shampla:

  • Insliú a fheabhsú
  • Córais teaschaidéil a shuiteáil
  • Cealla PV gréine agus córais stórála leictreacha ceallraí a shuiteáil
  • Córais bhainistíochta fuinnimh chliste a chur chun feidhme
  • Córais soilsithe a uasghrádú go dtí na caighdeáin fhuinnimh is airde.

Image Alt Text

Leictreachas Glas

Rinneamar ár gconradh leictreachais a athnuachan in 2022 agus leanaimid orainn ag ceannach leictreachas glas, atá deimhnithe mar leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite 100%, ónár soláthróir leictreachais. Tá ár leictreachas glas féin á tháirgeadh againn freisin agus i mí Mheán Fómhair 2022, chuireamar 219 painéal fótavoltach gréine (PV) isteach inár nAonaid Seirbhíse Seachadta i gCeatharlach agus Loch Garman a ghin 17.69 MWh de leictreachas in-athnuaite ar ár láithreáin, agus tugadh níos mó ná 800 kWh de ar ais d'eangach leictreachais na hÉireann le húsáid ag an bpobal agus ag cuideachtaí eile.

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service