Skip to main content
Stylised image of hands holding a clear globe set against a backdrop of ferns and foliage.

Looking forward to 2023 and beyond

Climate Action

 

Forbhreathnú

Ag An Post ní féidir linn fanacht go dtí 2050 chun glanastaíochtaí carbóin nialasacha a bhaint amach ónár n-oibríochtaí féin, agus is é sin an fáth go bhfuilimid ag roghnú ár sprioc a thabhairt ar aghaidh go 2030. Tá céimeanna tábhachtacha glactha againn laistigh den Ghníomhú ar son na hAeráide  le 12 mhí anuas, le cinntiú go mbainfimid glanastaíochtaí nialasacha carbóin amach faoi 2030. Chomh maith le leanúint lenár dtograí, beidh na nithe seo a leanas ina bpríomhréimsí fócais do 2023 agus ina dhiaidh sin: 
 

Ag breathnú chun cinn ar 2023 agus ina dhiaidh sin

 
Image showing Lorry with tick on it

Flít

• EVanna breise a cheannach dár bhflít Tráchtála Éadrom.
• Leanúint ar aghaidh ag leathnú úsáid breosla HVO inár bhflít HGV.
• Leanúint de thionscnaimh a chur i bhfeidhm chun éifeachtúlacht ár bhflít a fheabhsú.
• Ár seachadtaí saor ó astaíochtaí a leathnú chuig níos mó bailte ar fud na hÉireann.
• Straitéis a fhorbairt chun rochtain phoiblí ar ár líonra luchtaithe feithiclí leictreacha a chumasú.
• Athbhreithniú a dhéanamh ar ár líonra luchtaithe chun freastal ar riachtanais an ghlúin nua feithiclí leictreacha atá á gceannach againn lena chinntiú go mbeidh ár mbonneagar leictreach oiriúnach i gcónaí.

Image alternative text

Riosca aeráide

• Cainníochtú a dhéanamh ar ár n-anailís riosca a bhaineann leis an aeráid agus é a neadú go hiomlán inár bpróisis bhainistíochta riosca.

Image alternative text

Réadmhaoin

• Leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas chun foirgnimh a iarfheistiú laistigh dár bpunann réadmhaoine, agus rátálacha BER a fheabhsú.
• Deimhniú platanam LEED a bhaint amach dár n-oifig nua i bhfoirgneamh EXO.
• Deiseanna breise a shainaithint chun úsáid fuinnimh a laghdú.
• Leanúint ar aghaidh lenár gcórais téimh GPL a thiontú go Bith-GPL nuair is cuí.
• Monatóireacht níos fearr a dhéanamh ar ár gcórais bhainistíochta.
• Cláir slándála a leathnú inár bhfoirgnimh le cinntiú go múchtar soilse neamhriachtanacha san oíche.
• An dara hathbhreithniú ar shoilsiú inár bhfoirgnimh a chur i gcrích chun soilsiú inbhuanaithe níos sine a uasghrádú le samhlacha níos éifeachtaí agus níos nuaí.
• Fiosrú a dhéanamh ar roghanna breise d'úsáid fuinnimh ghlais a bheadh ar fáil ar an margadh.
• Roghanna eile seachas leictreachas glas 100% a cheannach a fhiosrú ag baint úsáide as an gcleachtas “Maischothromaíocht” de réir mar a bhíonn siad seo ar fáil.

Image alternative text

Astaíochtaí

• Leanúint ar aghaidh ag rolladh clár amach le díriú ar astaíochtaí Scóip 3 a laghdú.
• Athbhreithniú a dhéanamh ar straitéisí bainte carbóin atá ar fáil ar oileán na hÉireann.

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service