Skip to main content
Man holding clipboard in front of a shelf of packaging and products.

Bithéagsúlacht

Leis an lorg carbóin náisiúnta atá againn, tá freagracht orainn ní hamháin a chinntiú go bhfuil ár lorg éiceolaíoch chomh beag agus is féidir, ach a chinntiú go ndéanaimid caipiteal nádúrtha ar ár réadmhaoin a athbhunú agus a fheabhsú. 

 Bithéagsúlacht
 
Leis an lorg carbóin náisiúnta atá againn, tá freagracht orainn ní hamháin a chinntiú go bhfuil ár lorg éiceolaíoch chomh beag agus is féidir, ach a chinntiú go ndéanaimid caipiteal nádúrtha ar ár réadmhaoin a athbhunú agus a fheabhsú. Cuid lárnach dár straitéis bhithéagsúlachta is ea na cúig mhian atá againn mar threoir dár ngníomhartha:
• Bithéagsúlacht laistigh de phunann talún agus réadmhaoine An Post a thabhairt ar ais go leibhéil 1984 faoi 2030.
• Plean tírdhreacha a fhorbairt do shéasúr fáis 2022 a fheabhsaíonn bithéagsúlacht ar ár láithreáin agus a bheith taitneamhach agus praiticiúil d'fhostaithe agus do chustaiméirí ag an am céanna.
• 100% den talamh atá ar fáil a shainiú do ghníomhaíochtaí bithéagsúlachta a thacaíonn le speicis atá i mbaol agus a chosnaíonn iad faoi 2030.
• Straitéis bhithéagsúlachta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm do 100% de na foirgnimh i bpunann maoine An Post faoi 2030.
• Breithniú a dhéanamh ar impleachtaí bithéagsúlachta do gach maoin nuathógtha ag An Post.

 I mbliana, mar chuid dár straitéis bithéagsúlachta a chur i gcrích, rinneamar an chéad mheasúnú dá leithéid ar thionchair agus spleáchais a bhaineann leis an dúlra agus ar na rioscaí agus deiseanna gaolmhara don ghnó. Rinneadh athbhreithniú sa mheasúnú seo ar réimse leathan sonraí lena n-áirítear suíomhanna láithreáin, líon na bhfostaithe, comhdhéanamh flít agus sceidil chothabhála réadmhaoine agus tírdhreacha, chun moltaí féideartha a thabhairt chun solais agus cabhrú le forbairt leanúnach ár straitéise bithéagsúlachta.
 
Ní hionann ár spleáchas ar an dúlra i gcomparáid le tionscail phríomhúla, amhail talmhaíocht, ach tá sé ríthábhachtach fós measúnuithe tionchair a dhéanamh chun tuiscint a fháil ar na himpleachtaí a bhaineann le cailliúint na bithéagsúlachta agus na rioscaí a bhaineann leis sin dár n-oibríochtaí. Sin é an fáth gur chuireamar leis an measúnú caipitil nádúrtha le cuairt ar dhá cheann dár láithreáin i gCeatharlach agus i Loch Garman. Cé go bhfuil luach bithéagsúlachta íseal ag an dá shuíomh mar gheall ar a láithreacha uirbeacha, fuarthas amach go mbeadh an sá láthair in ann tacú le níos mó speiceas áitiúla, ach gníomhaíochtaí tábhachtacha áirithe a chur i gcrích. I measc na bhfeabhsuithe is féidir a dhéanamh tá:
• Fálta sceach dúchasacha a chur feadh ár gclaíocha teorann chun éin a spreagadh.
• Boscaí gabhláin a shuiteáil i sceimhleacha ár ndíonta.

• Bláthanna fiáine agus crainn dhúchasacha a mbíonn torthaí agus caora orthu a chur.
• Coigeartuithe soilsithe a dhéanamh chun cabhrú le neadú sábháilte d'éin agus sciatháin leathair a spreagadh.
• Balla beo a shuiteáil a d'fhéadfadh leas a bhaint as córas uisciúcháin bailiú báistí.
 
In 2022, ghlacamar céimeanna chun clár cothabhála tírdhreacha nua a fhorbairt dár réadmhaoin go léir. Cruthaíodh é seo tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar ár láithreáin go léir, rud a thug deis dúinn mapáil agus tomhas a dhéanamh ar an limistéar féideartha le haghaidh athraithe sa tírdhreach atá á bhainistiú againn. Thug an t-athbhreithniú seo le fios go bhfuil thart ar 20 acra ar fáil do thírdhreachú tiomnaithe ar fud ár bpunann maoine. In ionad plean tírdhreachaithe a fhorbairt ar leibhéal náisiúnta do shéasúr fáis 2022, tá ár straitéis bithéagsúlachta nuashonraithe againn agus tá roghchlár roghanna do phleananna tírdhreacha, a bhaineann go sonrach leis an láithreán, agus a fheabhsaíonn bithéagsúlacht, á fhorbairt againn. Déanfaimid nuashonrú leanúnach air seo de réir mar atáimid ag foghlaim agus ár straitéis bhithéagsúlachta ag forbairt. Cuirfear an roghchlár seo i bhfeidhm i ndeich bpríomhionad ar fud na tíre lena chinntiú go bhfuil na plandaí cuí roghnaithe againn do dhálaí áitiúla, mar b'fhéidir nach bhfásfaidh rudaí a fhásann go maith i gCathair Saidhbhín chomh maith céanna i nDún Dealgan. Beidh athsholáthar bláthanna ornáideacha le plandaí pailnithe cuimsithe sa straitéis seo, agus plandáil toir dhúchasacha feadh ár línte maoine, féar a fhilleadh chun fiántais agus bláthanna fiáine a shíolrú. Ina theannta sin, fiosróimid conas is féidir linn tacú leis an dúlra in airíonna lár an bhaile trí bhoscaí éan/ialtóga agus ballaí beo a shuiteáil.
 
You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service