Tallann na todhchaí a fhorbairt
Cuireann ár straitéis bainistíochta tallainne ar chumas ár ndaoine a lánacmhainneacht a bhaint amach agus cabhraíonn sí le An Post na scileanna agus na cumais a theastaíonn uainn don todhchaí a chothú. Chuireamar 4,821 lá oiliúna ar fáil do 6,363 fostaí sa bhliain 2021.
Traenáil Bharainneach
Baineann ár straitéis le claochlú a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibrímid agus ár saineolas a leathnú trí chleachtais bharainneacha, shofhreagrúla agus nuálacha a ghlacadh, nuair a bhítear ag obair sa bhaile nó san oifig. D’fhonn é seo a bhaint amach, in 2022 chuireamar oiliúint ar phrionsabail bhainistíochta bharainneacha i bhfeidhm ar níos mó ná 300 bainisteoir sinsearach agus meánbhainisteoir inár gceannoifig. Cuirfidh sé seo le hábaltachtaí agus tacóidh sé le ceannairí agus a bhfoirne agus iad ag obair níos cliste ar mhaithe le:
• Níos mó soiléireachta maidir le hualach oibre laethúil a bhfoirne agus ar an mbealach is fearr chun é a bhainistiú.
• Radharc a fháil go tráthúil ar fhadhbanna sula ndéantar fadhbanna móra díobh.
• An t-am a chaitear ar thascanna gan luach a laghdú.
• Foireann chumasaithe a thugann réitigh agus a bhíonn ag obair i gcomhar.