<h1><u>Obair Chuibhiúil agus Fás Eacnamaíoch</u></h1>
Forbhreathnú
Trí dhea-fhostaíocht a chur ar fáil agus cuimsitheacht agus meas a chur chun cinn, mealltar an tallann is fearr agus spreagtar daoine chun a lánacmhainneacht a fhorbairt. Le níos mó ná 9,000 fostaí a bhfuil cónaí orthu i ngach pobal ar fud na hÉireann, táimid tiomanta do ghairmeacha slána a sholáthar dár bhfostaithe go léir a thairgeann fíor-shásamh agus deiseanna don fhorbairt ghairmiúil, beag beann ar a ról nó a mbonn scileanna.
Éagsúlacht, cothromas agus ionchuimsiú
Éagsúlacht, cothromas agus ionchuimsiú
Táimid ag obair ar ár ndícheall le hionad oibre ionchuimsitheach a fhorbairt ina mbeidh glacadh le gach duine, ina mbeidh tacaíocht acu agus meas orthu, áit ina mbraitheann gach fostaí gur dual dóibh a bheith inti agus ina mbeidh baint ag ár bhfostaithe leis na pobail a bhfuilimid ag freastal orthu. Chun é seo a bhaint amach d'fhorbraíomar plean gníomhaíochta ceithre cholún a dhíríonn ar thimpeallacht dhearfach oibre a chur chun cinn trí bheartais nua agus reatha m.sh. Dínit ag an Obair, Pas Cóiríochta Réasúnta a thabhairt isteach chun tacú le comhghleacaithe faoi mhíchumas, ag cinntiú go bhfuil rochtain chomhionann ag gach duine ar dheiseanna agus ar thacaíochtaí forbartha agus creat tacaíochta gairme a fhorbairt chun comharbas fostaithe a chumasú.
Inscne
Tá lúcháir orainn bearna pá inscne nialasach a choinneáil don dara bliain as a chéile in 2022, rud a léiríonn go raibh na gníomhartha atá curtha i bhfeidhm againn éifeachtach agus go bhfuil siad ríthábhachtach dár ndul chun cinn leanúnach. Ní bhaineann ár ngníomhartha le deireadh a chur leis an mbearna phá inscne amháin, tá ionadaíocht na mban ag feabhsú ar fud an ghnó agus táimid ag cinntiú go bhfuil an deis ag gach fostaí rath a bhaint amach ag gach céim dá ngairm bheatha. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin gcaoi ar bhain muid an chloch mhíle seo amach lenár n-athruithe dearfacha sa Tuarascáil maidir le Bearna Pá Inscne 2022
Cumas
Faoi láthair tá 4.22% dár bhfostaithe tar éis míchumas a nochtadh do An Post, ráta a sháraíonn an sprioc fostaíochta 3% do dhaoine faoi mhíchumas atá sonraithe san Acht um Míchumas 2005. Le cabhrú linn tacú lenár sprioc níos mó daoine faoi mhíchumas a earcú agus a fhostú, in 2022 chuireamar oiliúint feasachta míchumais ar fáil i gcomhar lenár gcomhpháirtithe, Ability Focus, mar chuid dár dtiomantas feasacht níos mó a thabhairt ar mhíchumas ar fud na heagraíochta. Rinneamar ár mbeartais maidir le Míchumas agus Comhionannas a athfhorbairt agus rinneamar nuashonrú ar ár bhfógraí poist le sonraí faoinár Ráiteas Fostóra agus ár mbeartais maidir le Cóiríocht Réasúnta a chur san áireamh.
Idirghlúin
Tuigimid na buntáistí a bhaineann le hionad oibre ina bhfuil éagsúlacht idir glúine agus tá meas againn ar na nósanna, na hiompraíochtaí agus na roghanna uathúla a bhíonn ag glúine éagsúla. D’fhonn tacaíocht shaincheaptha a thairiscint dár bhfostaithe idirghlúine chuamar i mbun taighde chun na dúshláin agus na miondifríochtaí a bhaineann le cúig ghlúin a bheith ag obair le chéile a aithint, beidh sé seo mar bhonn eolais do na gníomhartha a dhéanfaimid in 2023. In 2022 leanamar leis an tacaíocht do 14 chéimí tríd an dara bliain dá gclár céime agus rinneamar ceiliúradh 14 eile a chríochnaigh a gclár céime tar éis dóibh tosú in 2020 le linn na paindéime.
Eitneachas
Tugadh le fios lenár suirbhé ar ionchuimsiú go gcreideann níos mó ná 71% de na freagróirí go gcaitheann An Post go cothrom le fostaithe a bhfuil cúlra cultúrtha éagsúil acu, ach is eol dúinn nach bhfuilimid ach ag tús ár n-aistir lena chinntiú go dtugann ár bhfostaithe léiriú iomlán ar na pobail a bhfuilimid ag freastal orthu. In 2022 chomhoibríomar le Human Collective mar chuid de Mhí na Staire Duibhe chun seisiún machnaimh dar teideal “Aon chine, an cine daonna” a sheachadadh. Ba é cuspóir an tseisiúin fíor-mhuintearas a phlé agus an tábhacht a bhaineann le héisteacht lenár bhfostaithe ó chúlraí éagsúla.
LGBTQ+
Tugaimid tacaíocht ghníomhach don phobal LGBTQ+ agus déanaimid gach iarracht fórsa oibre ionchuimsitheach éagsúil a chruthú. D'fhorbair ár nGrúpa Acmhainní d'Fhostaithe LGBTQ+, Bród, treoir le cur ar chumas bainisteoirí líne tacaíocht níos fearr a thabhairt do chomhghleacaithe LGBTQ+, agus seoladh é ar an Lá Cuimhneacháin Trasinscneach. Tá iniúchadh á dhéanamh againn freisin ar conas teidil Mx a chur i bhfeidhm dár bhfostaithe ar fud na gcóras agus na bpróiseas inmheánacha.
Conarthaí náid uaireanta
Tá An Post in aghaidh ainmheasarthacht an gheilleagar poistíneachta. Táimid tiomanta do ghairmeacha sásúla, slána le deiseanna don fhorbairt ghairmiúil a sholáthar dár bhfostaithe go léir. In 2022, chloíomar lenár dtiomantas i gcoinne conarthaí náid uaireanta.
Tá sláinte, sábháilteacht agus leas ár bhfostaithe mar phríomhthosaíocht againn. Tá monatóireacht leanúnach á dhéanamh againn ar an staid maidir le Covid-19 agus tá ár bhFoireann Freagartha Covid-19 réidh chun gníomhú go gasta de réir chomhairle Phríomhoifigeach Leighis an Rialtais agus foireann shaineolach an FSS. In ainneoin deireadh a bheith curtha le srianta taistil i mBealtaine 2022 agus maolú déanta ar na srianta go léir a bhaineann le paindéim in Éirinn, leanaimid orainn ag soláthar na tacaíochta riachtanacha dár bhfostaithe, lena n-áirítear soláthar leanúnach, díghalrán lámh, maisc aghaidhe indiúscartha agus ciarsúir agus spraeanna sláintíochta frithvíreasacha ar éileamh.
Sláinte agus Sábháilteacht
Is mór na rioscaí a bhaineann le feithiclí dár dtiománaithe agus do na pobail a bhfuilimid ag freastal orthu, agus mar sin ar mhaithe le gach duine a choinneáil sábháilte, tugaimid oiliúint i gcoscánú, i sábháilteacht dóiteáin, i dtiomáint ar luas, ar theagmhais rollaithe agus i gcothabháil feithiclí dár dtiománaithe. Tá ár dtaifead sábháilteachta ar bhóithre á fheabhsú go leanúnach againn lenár gcláir oiliúna. Dá thoradh sin, chonaiceamar feabhsú 40% sa Ráta Gortú Tráchta, titim ó 0.45 in 2021 go 0.27 sa mhilliún in 2022. Lenár gcláir oiliúna agus ár dtionscnaimh feasachta, tá feabhas leanúnach á chur againn ar ár dtaifead sábháilteachta ar bhóithre.
Folláine na bhFostaithe
Táimid tiomanta do na tacaí cearta a shuiteáil le cinntiú go bhfuil an oiread agus is féidir á dhéanamh againn chun eagraíocht shona shláintiúil a chothú. Aithnímid an tábhacht a bhaineann le nuashonruithe struchtúraithe rialta folláine a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar gach réimse sláinte, lena n-áirítear Céadaoiní Folláine a thabhairt isteach, a dhíríonn ar theorainneacha oibre/saoil a thógáil, agus ar bhainistiú imní. Ar Lá Domhanda na Meabhairshláinte, sheolamar “Seachtain Folláine” le cúig chaint meabhairshláinte gach lá le síceolaithe cáilithe. I measc na dtionscnamh breise a reáchtálfar in 2022 chun tacú lenár bhfostaithe maidir le cúrsaí sláinte agus folláine bhí: • Roinnt clinicí Sláinte Cíche a rolladh amach i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. • Seisiún faisnéise a eagrú maidir leis na seirbhísí a sholáthraíonn ár bhfoireann Seirbhísí Sláinte Ceirde. • Ghlac ár bhfostaithe páirt i dtionscnamh do Pieta House áit ar chríochnaigh muid cúig mhilliún céim i gcúig lá, agus bronnadh €5,000 mar thacaíocht don dúshlán seo. • Leanúint ar aghaidh ag cur le rannpháirtíocht lenár gClár Cúnaimh d'Fhostaithe, a éascaíonn rochtain ar fhaisnéis ar sheisiúin stíl mhaireachtála, cothaithe nó giomnáisiam digiteach. Bhí méadú 20% ar chlárú nua in 2022.
Tallann na todhchaí a fhorbairt
Cuireann ár straitéis bainistíochta tallainne ar chumas ár ndaoine a lánacmhainneacht a bhaint amach agus cabhraíonn sí le An Post na scileanna agus na cumais a theastaíonn uainn don todhchaí a thógáil. In 2022 chuireamar 4,821 lá oiliúna ar fáil do 6,363 fostaí.
An Institiúid Ghlas
Tar éis seoladh rathúil Institiúid Ghlas An Post in 2021, leanamar orainn ag tacú le 189 dár gceannairí sa todhchaí trínár gcláir cheannaireachta agus bhainistíochta. Is cuid é Institiúid Ghlas An Post dár dtiomantas i leith ár bpíblíne bainistíochta agus ceannaireachta a fhorbairt agus áirítear léi:Ceannaireacht straitéiseach, meantóireacht, tacaíocht luathaithe tallainne ban agus cláir do bhainisteoirí líne tosaigh.Ár Scéim Tacaíochta Oideachais, a thacaíonn le fostaithe a gcuid oideachais a chur chun cinn agus a gcumas a fhorbairt.D'fhreastail 37 bainisteoir ar ár gclár nua saincheaptha bainisteora líne tosaigh, Elevate.
Oiliúint Bharainneach
Baineann ár straitéis le claochlú a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibrímid agus ár saineolas a leathnú trí ghlacadh le cleachtais bharainneacha, lúfara nuálacha, agus daoine ag obair sa bhaile nó san oifig. Le seo a bhaint amach, chuireamar oiliúint ar phrionsabail bhainistíochta bharainneacha i bhfeidhm le níos mó ná 300 bainisteoir sinsearach agus meánbhainisteoir inár gceannoifig in 2022. Cuirfidh sé seo le hinniúlachtaí agus tacóidh sé le ceannairí agus a bhfoirne agus obair níos cliste á dhéanamh acu agus beidh:Níos mó soiléireachta ann faoi ualach oibre laethúil a bhfoirne agus conas is fearr is féidir é a bhainistiú.Fadhbanna a aithint go tráthúil sula ndéantar fadhbanna móra díobh.An méid ama a chaitear ar thascanna nach gcuireann le luach a laghdú.Foireann chumhachtaithe a thugann réitigh agus a oibríonn i gcomhar.
Gradaim VIP
Bhí ár gcéad gradaim aitheantais Luachanna i gCleachtas (VIP) againn le daoine i láthair go pearsanta in Ard-Oifig an Phoist ó bhí an phaindéim ann. Tháinig níos mó ná 100 fostaí chugainn ó gach cearn den ghnó agus den tír chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhostaithe a mhaireann de réir ár luachanna. In 2022 ainmníodh níos mó ná 150 fostaí agus bhí 24 buaiteoir ráithiúil againn. I rith na hócáide fuair duine dár bhfostaithe ár ngradam foriomlán don Saoránach Gaisciúil ar son beatha a shábháil. Agus í amuigh ar dualgas tháinig duine dár gCigirí Ceadúnais Teilifíse ó Chorcaigh ar bhean a bhí ag iarraidh cabhrú lena leanbh a bhí ag tachtadh i gcarr. Mar thoradh ar ghníomh gasta ár bhfostaí, sábháladh beatha linbh.
You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences
We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.
Let's stay in touch
Get the latest offers and news from the An Post group of companies by: