Téarmaí agus Coinníollacha maidir le Seirbhís Íocaíochta agus Láimhseála Táillí Custaim An Post le haghaidh míreanna poist isteach (an "tSeirbhís ")1. GinearáltaMaidir le míreanna poist isteach idirnáisiúnta arna seachadadh ag An Post, beidh feidhm ag na Téarmaí agus Coinníollacha seo (na Téarmaí seo). Beidh feidhm ag na Téarmaí seo sa bhreis ar Théarmaí agus Coinníollacha an Phíosa Aonair An Post. Maidir le hearraí i míreanna poist a ndearna an díoltóir/soláthróir socruithe go díreach leat agus/nó leis na Coimisinéirí Ioncaim ina leith chun Muirir Chustaim a íoc, féadfaidh téarmaí agus coinníollacha díoltóra nach bhfuil An Post ina pháirtí dóibh a bheith i bhfeidhm ar leithligh ó Théarmaí agus Coinníollacha Píosa Aonair An Post dá dtagraítear thuas. I gcás ina bhfuil socruithe eile den sórt sin i bhfeidhm, d'fhéadfadh táillí riaracháin a bheith éagsúil (féach Sceideal na dTáillí 27 Bealtaine 2021). Mura bhfuil na Muirir Chustaim réamhíoctha ina n-iomláine, beidh tú faoi dhliteanas. Féach roinn 3 thíos. Is cuid de shuíomh gréasáin An Post é an leathanach seo. Tá an úsáid a bhaineann tú as Seirbhís faoi rialú ag Polasaithe An Post. I measc na bpolasaithe sin, gan teorainn, tá Polasaí Gréasáin An Post, Ráiteas Príobháideachais Sonraí, agus faisnéis faoin úsáid a bhaineann An Post as fianáin ar a láithreán gréasáin. Beidh feidhm freisin ag Fógra Príobháideachais Custaim agus Slándála An Postagus tá sé corpraithe de réir tagairtí. Trí aontú leis na Téarmaí seo, meastar gur léigh tú agus gur aontaigh tú a bheith faoi cheangal ag Beartais agus Fógra thuas An Post, ar cuid dhílis de na Téarmaí seo gach ceann acu agus atá corpraithe sna Téarmaí seo leis an tagairt seo. Aithníonn tú, trí úsáid a bhaint as an tSeirbhís, nach n-úsáidfear aon sonraí pearsanta a sholáthraítear ach amháin le haghaidh seachadadh (nó cur ar ais más infheidhme) do chuid earraí poist agus chun gnáthoibriú na seirbhíse a chinntiú (lena n-áirítear le haghaidh láimhseáil custaim), nuair is gá sin de réir an dlí agus/nó nuair is gá agus/nó is riachtanach iad chun éifeacht a thabhairt do nósanna imeachta braite frithchalaoise. Ceanglaítear le dlí ar An Post gach earra a thagann ó lasmuigh den LEE* a chur i láthair Coimisnéirí Ioncaim na hÉireann. D'fhéadfadh na míreanna poist seo a bheith faoi réir táillí breise. Tá formhór na n-earraí a thagann go hÉirinn ó lasmuigh den LEE faoi dhliteanas i leith aon cheann nó gach ceann de na cánacha seo a leanas:
Muirir ChustaimNí mór Dearbhú Custaim a thaisceadh i leith earraí den sórt sin a thagann tríd an bpost.Déanann na Coimisinéirí Ioncaim aon Mhuirir Chustaim atá dlite a ríomh agus a chur i bhfeidhm. Is faoi na Coimisinéirí Ioncaim é a chinneadh an bhfuil nó nach bhfuil muirir chustaim i bhfeidhm. Ní chuireann An Post na Muirir Chustaim seo i bhfeidhm. Beidh tusa, an seolaí, faoi dhliteanas na Muirir Chustaim a íoc arna measúnú ag na Coimisinéirí Ioncaim (an Fiach Custaim). Braithfidh méid na dTáillí Custam ar a bhfuil sa mhír /sna míreanna poist agus ar a luach, ón áit ar tháinig an an mhír/na míreanna agus cé a sheol é. De ghnáth bíonn litreacha, cártaí poist agus beartáin nach bhfuil iontu ach doiciméid/comhfhreagras díolmhaithe. 2. Cárta Fógra Muirir CustaimGheobhaidh tusa, seolaí an mhír phoist, an fógra íocaíochta do Mhuirir Chustaim atá dlite trí Chárta Fógra Muirir Chustaim An Post. Taispeánfaidh an Cárta seo an méid iomlán is gá duit a íoc sular féidir leat do mhír/ do mhíreanna a fháil. Cuimseoidh an méid sin an Táille RiaracháinAn Post is infheidhme. Clúdaíonn Táille Riaracháin An Post na costais a bhaineann le do chuid míreanna poist a chur i láthair agus a imréiteach trí Chustaim na hÉireann. Tá na muirir seo leagtha amach freisin ar Sceideal na dTáillí 27 Bealtaine 2021. Is cárta poist nó litir é Cárta Fógartha an Mhuirir Chustaim a sheachadtar ar do sheoladh de ghnáth, ina sonraítear an méid atá dlite agus na roghanna atá ar fáil le haghaidh íocaíochta. Nuair a bheidh íocaíocht faighte, féadfar an pacáiste/na pacáistí poist a sheachadadh chugat. Is féidir leat na Muirir Chustaim agus an Táille Riaracháin a íoc ar líne. Beidh ort an uimhir Thagartha Custaim atá luaite ar an gCárta Fógra Muirir Chustaim a ionchur. Lean gach treoir ar an leathanach sin go cúramach. Ní choinneoimid an mhír ar feadh tréimhse níos faide ná 16 lá oibre - mura bhfaightear íocaíocht laistigh de 16 lá oibre ón gCárta Fógartha don Mhuirear Custaim a sheoladh chugat, cuirfear an mhír ar ais chuig an seoltóir. Nuair a bheidh na Muirir Chustaim riachtanacha go léir agus na táillí infheidhme eile íoctha, seachadfaidh An Post an mhír/ na míreanna. Tabhair ar d'aire, le do thoil: Ní féidir le An Post míreanna a scaoileadh go dtí go n-íoctar na Muirir Chustaim agus na táillí infheidhme ina n-iomláine. Is tusa a bheidh freagrach as an bhFiach Custam a íoc. Chun críocha Chód Custaim an Aontais Is tusa an Dearbhóir agus tá An Post ag gníomhú ar do shon mar ionadaí díreach. Ciallaíonn sé seo gur tusa atá freagrach as ábhar an Dearbhaithe Custaim agus gur tusa an féichiúnaí as aon Mhuirir Chustaim atá dlite mar thoradh ar an Dearbhú Custam. Ní féidir ach faisnéis atá ar fáil do An Post a tugadh le mhír/míreanna poist nó ina leith a úsáid chun Dearbhú Custaim a dhéanamh ar do shon. Níl An Post freagrach as inneachar an Dearbhú Custaim. Má tá an fhaisnéis míchruinn nó neamhiomlán, d'fhéadfaí moill a chur ar do chuid míreanna poist. Aontaíonn tú An Post a shlánú as aon fhíneálacha, costais nó caillteanas a thabhaítear mar thoradh ar shonraí bréagacha, earráideacha, míthreoracha, do-ghlactha nó neamhiomlána a bheith curtha ar fáil chun críocha an Dearbhú Custaim a dhéanamh ar do shon. Má thagann ceist chun cinn maidir le mír phoist nó má tá faisnéis ar iarraidh, b'fhéidir gur gá do phacáiste a oscailt, a athphacáil agus a athshéaladh D'fhéadfadh sé go mbeadh ar na Coimisinéirí Ioncaim tuilleadh fiosruithe a dhéanamh nó an t-inneachar a scrúdú. I gcásanna áirithe, féadfar an pacáiste agus a bhfuil ann a sheoladh ar ais chuig an seoltóir nó a urghabháil ag na Coimisinéirí Ioncaim. I gcás measúnú ar Mhuirir Chustaim bhreise, beidh sé de dhliteanas ort an méid breise a íoc. Coinneoimid taifead de chomhad Dearbhaithe Custaim ar feadh 4 bliana. 3. Siopadóireacht Ar Líne ó Thríú TírI gcúinsí áirithe, d'fhéadfadh socruithe eile a bheith i bhfeidhm trína ndearna tú conradh le díoltóir/soláthróir chun earraí a sheoladh chugat ar bhonn “dleacht sheachadta gan íoc” (DDU) agus a bhféadfadh téarmaí agus coinníollacha díoltóra breise, ar leithligh ó Théarmaí agus Coinníollacha Píosa Aonair An Post, a bheith i bhfeidhm ina leith. Sa chás go n-úsáidtear socruithe DDU den sórt sin, ciallaíonn sé seo nár shocraigh an seoltóir go n-íocfaí na Muirir Chustaim (agus nithe gaolmhara) sula seolfar earra(í) chugat. I gcúinsí den sórt sin, agus chun críocha Chód Custaim an Aontais, b'fhéidir go mbeadh ar An Post gníomhú ar do shon agus dearbhú a dhéanamh mar d'ionadaí. Seachadfar d'earra nuair a íocfar na Muirir Chustaim go léir atá dlite. Ina theannta sin, d'fhéadfadh táillí Riaracháin An Post a bheith éagsúil (féach Sceideal na dTáillí 27 Bealtaine 2021). Maidir leis na Muirir Chustaim atá dlite, aontaíonn tú An Post a shlánú as aon fhíneálacha, costais nó caillteanais a thabhaítear mar thoradh ar shonraí bréagacha, earráideacha, míthreoracha, do - ghlactha nó neamhiomlána atá á soláthar agat féin nó ag an seoltóir chun críocha an Dearbhú Custam a thaisceadh ar do shon. Ba chóir ceisteanna maidir leis na hearraí seo a sheoladh chuig an Miondíoltóir ónar cheannaigh tú an an mhír/na míreanna. 4. Ceisteanna /AisíocaíochtaíBeidh An Post mar phointe teagmhála do Mhuirir Chustam go dtí an nóiméad a scaoilfear an mhír/na míreanna poist chugat. Tar éis an tseachadta, más mian leat measúnú ar Mhuirir Chustaim a fhiosrú, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an Miondíoltóir ónar cheannaigh tú an mhír/na míreanna. Má tá aisíocaíocht á lorg agat mar thoradh ar earraí a fuarthas i mír phoist a thabhairt ar ais nó toisc go gcuireann tú i gcoinne measúnú ar an bhFiach Custam, déan teagmháil leis an Miondíoltóir ónar cheannaigh tú an t-earra/na hearraí ó. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil An Post in ann ceisteanna a fhreagairt faoi aisíocaíochtaí féideartha ar rómhuirir a ardaíonn ar mheasúnú na dTáillí Custaim nó a eascraíonn as tuairisceáin earraí. Nuair a dhéanann tú teagmháil leis an Miondíoltóir, ba cheart duit an oiread sonraí agus is féidir leat a chur san áireamh. Gan an t-eolas seo, b'fhéidir nach mbeidh an Miondíoltóir in ann do phacáiste a rianú ina dtaifid. I gcás éilimh ba chóir duit cóipeanna de gach fillteán agus doiciméad a choinneáil go dtí go socraítear d'éileamh. Má bhaineann d'éileamh le Muirir Chustaim ró -mhuirearaithe toisc go raibh luach dearbhaithe na n-earraí mícheart, beidh ort fianaise a sholáthar, mar shampla, sonrasc, fáil ceannaigh srl, chun tacú le d'éileamh. 5. Fiosruithe ar do Tháillí Riaracháin:Ba chóir aon cheisteanna faoi Tháille Riaracháin An Post a ardú le An Post. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trínár leathanach déan teagmháil linn. |